1 / 7

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhféachann tú ar TG4? Cén fáth?

Réaltaí na Gaeilge Réamhobair 1. Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhféachann tú ar TG4? Cén fáth? An éisteann tú le Raidió na Gaeltachta? Cén fáth? Cé hiad na daoine cáiliúla a bhfuil Gaeilge acu, go bhfios duit?. Réaltaí na Gaeilge Réamhobair 2.

devlin
Download Presentation

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhféachann tú ar TG4? Cén fáth?

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Réaltaí na GaeilgeRéamhobair 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhféachann tú ar TG4? Cén fáth? An éisteann tú le Raidió na Gaeltachta? Cén fáth? Cé hiad na daoine cáiliúla a bhfuil Gaeilge acu, go bhfios duit?

  2. Réaltaí na GaeilgeRéamhobair 2 Cé hé an fear seo thíos? An féidir leat a ainm a scríobh go cruinn i nGaeilge agus i mBéarla? Líon na bearnaí sna teidil anois: U _ _ _ _ _ _ _ _ na hÉ _ _ _ _ _ _ A _ T _ _ _ _ _ _ _ _ An bhfuil Gaeilge ag Enda Kenny? An bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an mbeirt fhear sin?

  3. Réaltaí na GaeilgeRéamhobair 3 tairbhe iomráiteach aisteoireacht ar bís triail (le haghaidh na trialach) ainmniúchán caonach ar na bacáin éalú maoiniú guthán infheistiú ag stealladh báistí taithí oibre lách innealra deighilt earnáil aigne phobail gan choinne imeallach cinniúnach blas canúna foighde (foighne) an t-ádh fuil Beidh tú féin agus an duine in aice leat ag léamh ailt faoi Chlíona Ní Chíosáin ar ball. Cad atá ar eolas agaibh fúithi? An bhfuil na focail thíos ar eolas agaibh? Mura bhfuil féach san fhoclóir!

  4. Réaltaí na GaeilgeLéamh Treoracha Bí ag obair leis an duine in aice leat. Téigí siar ar an bhfoclóir ón sleamhnán deireanach agus cuirigí ceisteanna mar seo ar a chéile: ‘Cad is brí leis an bhfocal….? Tabharfaidh an múinteoir Cóip A do dhuine amháin agaibh agus Cóip B don duine eile. Caithfidh sibh an t-alt a léamh amach os ard dá chéile, alt ar alt. Fad is a bheidh do pháirtnéir ag léamh amach ailt duit beidh ortsa na bearnaí a líonadh i do leagan féin. Beidh ortsa ansin alt a léamh amach don duine eile agus beidh ar an duine sin na bearnaí ina leagan féin a líonadh.

  5. Réaltaí na GaeilgeIarphlé 1 Tar éis daoibh an t-alt a léamh faoi Chlíona, breacaigí síos cúpla rud a bhí deacair di nuair a bhí sí ag aisteoireacht agus cúpla rud a thaitin go mór léi ag an am. Plé Ar mhaith leat bheith i d’aisteoir? Cén fáth? Cad iad na tréithe is tábhachtaí a bheadh ag teastáil le bheith i d’aisteoir? An bhfuil saol deacair nó éasca ag aisteoirí mór le rá? Cén fáth a ndeir tú amhlaidh?

  6. Réaltaí na GaeilgeIarphlé 2 Aisteoir Múinteoir Aistritheoir Scríbhneoir File Iriseoir Láithreoir nuachta Teangeolaí Ollamh Féach ar na poist ar fad atá ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu. Cuir na poist sna boscaí atá fíor fút féin. Mar shampla, dúirt Clíona gur shíl sí gur mhaith léi bheith ina múinteoir ach níl aon fhoighne aici. Chuirfeadh sise an post Múinteoir sa bhosca Ní dóigh liom. Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe.

  7. Réaltaí na GaeilgeIarphlé 3 Imeallach An bhfuil na daoine thíos imeallach, dar leat? Cén fáth? An bhfuil muintir na Gaeltachta imeallach, dar leat? Cén fáth? An bhfuil cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath imeallach, dar leat? Cén fáth?

More Related