1 / 41

Cúrsaí Scoile

Cúrsaí Scoile. Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. An Clár. Cá bhfuil tú ag dul ar scoil? Déan cur síos ar do scoil.

starr
Download Presentation

Cúrsaí Scoile

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cúrsaí Scoile Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. www.isfeidirleat.ie

  2. An Clár • Cá bhfuil tú ag dul ar scoil? • Déan cur síos ar do scoil. • Céard é an spórt a imrítear ar scoil? • An imríonn tú spórt don scoil? • Céard iad na hábhair scoile atá á ndéanamh agat? • Cén t-ábhar is fearr leat? Cén fáth? • An bhfuil aon ábhar nach maith leat? • Déan cur síos ar d’éadaí scoile. • An buntáiste ná míbhuntáiste iad dar leat? www.isfeidirleat.ie

  3. An Clár • Tabhair cúpla riail atá i bhfeidhm ar scoil dom. • Dá mbeifeá i do phríomhoide céard a dhéanfá difriúil ar scoil? • Déan cur síos ar ghnáthlá scoile. • Céard a dhéanfaidh tú tar éis scoile inniu? • Céard a rinne tú ar maidin sular tháinig tú ar scoil? • Cad a dhéanann tú ar maidin roimh scoil? • Cad ba mhaith leat a dhéanamh an bhliain seo chugainn? • Céard é do thuairim faoin gcóras oideachais in Éirinn inniu? www.isfeidirleat.ie

  4. 1. Cá bhfuil tú ag dul ar scoil? Sampla A • Táim ag freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí anseo i lár an bhaile mhóir. Sampla B • Táim ag freastal ar an gclochar áitiúil anseo. Is scoil lán-chailíní í. Sampla C • Táim ag dul chuig an scoil chónaithe anseo. www.isfeidirleat.ie

  5. 2. Inis dom faoi do scoil. Scoileanna éagsúla www.isfeidirleat.ie

  6. 2. Inis dom faoi do scoil. Acmhainní foghlama www.isfeidirleat.ie

  7. 2. Inis dom faoi do scoil. Áiseanna spóirt/lasmuigh den churaclam www.isfeidirleat.ie

  8. 2. Inis dom faoi do scoil. Sampla A Táim ag freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí. Is iontach an scoil í. Tá caidreamh sláintiúil comhoibríoch idir na múinteoirí agus na daltaí. Cabhraíonn sé sin leis an atmaisféar iontach foghlama atá againn ar scoil agus lena gráid arda a fhaightear san Ardteistiméireacht gach bliain. Anois is arís, bíonn píosa beag pleidhcíochta ann, ach tá ár gcód smachta iontach cothrom agus faighimid cothrom na féinne i gcónaí ónár bpríomhoide. Tá clú agus cáil orainn ó thaobh an spóirt de. Is iomaí spórt a imrítear ar scoil. Ina measc tá peil ghaelach, iománaíocht, cispheil agus sacair. Bíonn foirne díospóireachta againn gach bliain chomh maith. Faigheann daltaí na Séú Bliana deis a bheith ina mbaill d’ fhoireann ‘Meitheal’ freisin. Is mór an chabhair í an scéim sin do dhaltaí na Chéad Bhliana. www.isfeidirleat.ie

  9. 2. Inis dom faoi do scoil. Sampla B Táim ag freastal ar scoil chónaithe. Is maith liom í mar cuireann tú aithne mhaith ar dhaoine nuair atá tú i do chónaí leo ó Luain go hAoine. Bhí uaigneas bhaile agam sa chéad bhliain ach téann tú i dtaithí ar an gcóras anseo ó bhliain go bliain. Tá atmaisféar cairdiúil anseo ar scoil agus tá féidearthachtaí anseo nach bhfuil ar fáil i scoileanna eile. Mar shampla gach dara bliain glacann ár scoil páirt i dtionscnamh tumoideachais. Tugaimid cuairt ar an India. Foghlaimímid faoi shaol na ndaoine tinn sa tír sin. Is iontach an t-eispéireas é. Níl a leithéid ar fáil in an-chuid scoileanna agus táim an-bhuíoch de na múinteoirí a chuaigh ann linn. Chaitheamar ina iomláine coicís leo, agus bhí orainn cabhrú lena hoibreoirí ar oibrigh go laethúil lena daoine breoite i dteach tearmainn Mháthair Threasa. Osclaíodh ár súile do shaol difriúil ansin. Buaicphointí eile dár scoilbhliana ná an ceoldráma a chuireann an Idirbhliain ar siúl chomh maith leis an seó faisin. Bíonn an-chraic ag baint leo. www.isfeidirleat.ie

  10. 2. Inis dom faoi do scoil. Sampla C Táim ag freastal ar an scoil áitiúil. Is scoil mhaith í. Tá thart ar chúig chéad dalta agus tá breis is tríocha múinteoir ag obair inti. Foghlaimíonn tú go leor rudaí ar scoil agus déanann tú cairde maithe anseo. Tá na háiseanna foghlama go maith. Mar shampla tá dhá shaotharlann, leabharlann, dhá sheomra ríomhaire, seomra adhmadóireachta agus seomra ceoil. Ó thaobh cúrsaí spóirt de, tá páirc imeartha, halla spóirt, halla scuaise, cúirteanna cispheile agus seomra gléasta. www.isfeidirleat.ie

  11. 3. Cad é an spórt a imrítear ar scoil? Spóirt dhifriúla www.isfeidirleat.ie

  12. 3. Cad é an spórt a imrítear ar scoil? Sampla A Is iomaí spórt a imrítear ar scoil. Tá clú agus cáil orainn maidir le cúrsaí peile. De ghnáth bíonn foirne maithe againn a théann ar aghaidh píosa fada sa chomórtas. Imrítear iománaíocht, rugbaí, cispheil, liathróid láimhe agus sacar ann chomh maith. Sampla B Is scoil mhór rugbaí muid. Éiríonn thar cionn linn gach bliain sa chraobh. Ní haon eisceacht i mbliana nuair a chuamar chomh fada leis an gcluiche ceannais. Bhí díomá an domhain orainn nuair a chailleamar an cluiche sin ach mar a deirtear beidh lá eile ag an bPaorach. www.isfeidirleat.ie

  13. 4. An imríonn tú féin spórt don scoil? Sampla A Imrím peil ghaelach. Bhí foireann mhaith againn i mbliana. D’éirigh linn dul ar aghaidh chuig an tríú babhta den chraobh. Bhíomar réasúnta sásta leis sin, ach é sin ráite, bhí díomá orainn freisin mar ní raibh ach trí chúilín idir na foirne ag deireadh an chluiche. Sampla B Ní imrím spórt ach bhí mé ar fhoireann díospóireachta Gael Linn na scoile i mbliana. Bhí foireann iontach againn i mbliana agus d’éirigh thar cionn linn. Shroicheamar an Chraobh Réigiúnach agus bhíomar bródúil as an ngaisce sin. www.isfeidirleat.ie

  14. 5. Céard iad na hábhair scoile atá á ndéanamh agat? Ábhair scoile www.isfeidirleat.ie

  15. 5.Céard iad na hábhair scoile atá á ndéanamh agat? Sampla A Tá seacht n-ábhar á staidéar agam don Ardtéisiméireacht. Déanaim ceithre cinn ag an Ardleibhéal. Is iadsan Béarla, Fraincis, Gaeilge agus gnó agus déanaim trí ábhar ag an nGnáthleibhéal. Is iadsan matamaitic, fisic agus ceimic. Sampla B Déanaim ocht n-ábhar. Is iadsan Gaeilge, Béarla, matamaitic, Gearmáinis, tíreolaíocht, stair, eacnamaíocht agus ceol. Déanaim an ceol taobh amuigh den scoil. www.isfeidirleat.ie

  16. 6. Cén t-ábhar is fearr leat? Cén fáth? Aidiachtaí samplacha www.isfeidirleat.ie

  17. 6. Cén t-ábhar is fearr leat? Cén fáth? Sampla A Caithfidh mé a admháil gurb é an mhatamaitic an t-ábhar is fearr liom. Is breá liom an bealach nua atá na múinteoirí á múineadh. Tá sé i bhfad níos praiticiúla agus sothuigthe. Ceapaim gur dul chun cinn mór é an siollabas nua seo ó Thionscnamh Mhata. Bímid i bhfad níos gníomhaí sa rang ag caitheamh díslí chun teacht ar an bhfreagra. Tá rang mata anois cosúil le rang eolaíocha leis an obair phraiticiúil agus leis na turgnaimh. Ar a laghad beidh dearcadh i bhfad níos dearfaí ag na daltaí ó thaobh na matamaitice de agus iad ag fágáil na scoile. www.isfeidirleat.ie

  18. 6. Cén t-ábhar is fearr leat? Cén fáth? Sampla B Is é an Ghaeilge an t-ábhar is fearr liom. Is breá liom an teanga agus táim bródúil aisti. D’fhreastal mé ar an nGaeltacht thiar i gConamara cúpla uair nuair a bhí mé níos óige. Is dócha gurb í an áit ar thit mé i ngrá léi. Táim líofa go leor ach ba mhaith liom a bheith níos líofa fós. Ceapaim gur maith an rud é anois go bhfuil daichead faoin gcéad de na marcanna ag dul don scrúdú béil anois. Is í mo thuairim go spreagfaidh sé seo níos mó daoine freastal ar an nGaeltacht. www.isfeidirleat.ie

  19. 7. An bhfuil aon ábhar nach maith leat? Sampla A Ní maith liom Fraincis. Tá sé an-deacair dom. Nílim go maith ag teangacha ar aon chaoi. Ba bhreá liom dá mbeinn líofa sa teanga ach, faraor nílim. B’fhéidir go rachaidh mé ar laethanta saoire go dtí an Fhrainc amach anseo chun í a cleachtadh. Sampla B Is fuath liom an stair. Ní raibh an dara rogha agam ach í a phiocadh. Ceapaim go bhfuil sé deacair go leor agam bíonn fadhbanna agam aistí fada a chur le chéile. www.isfeidirleat.ie

  20. 8. Déan cur síos ar d’éadaí scoile. Na dathanna www.isfeidirleat.ie

  21. 8. Déan cur síos ar d’éadaí scoile. Na héadaí www.isfeidirleat.ie

  22. 8. Déan cur síos ar d’éadaí scoile Sampla A • Caithimid bríste liath, léine ghorm, geansaí dúghorm, carbhat ildathach agus bróga dubha. Tá cóta na scoile againn freisin. Tá ainm agus suaitheantas na scoile ar an ngeansaí agus ar an gcóta. An suaitheantas atá ann ná leabhar, éan, caisleán agus an chloch dholmaine. Sampla B • Caitheann na cailíní filleadh beag liath agus marún, léine uachtar, carbhat liath agus marún agus bróga dubha. Caitheann na buachaillí bríste liath, léine ghorm, carbhat liath agus marún agus geansaí liath. www.isfeidirleat.ie

  23. 9. An buntáiste ná míbhuntáiste iad dar leat? Foclóir úsáideach www.isfeidirleat.ie

  24. 9. An buntáiste ná míbhuntáiste iad dar leat? Sampla A Is buntáiste iad cinnte, dar liom. Is aoibhinn liom an rud nach gá dom smaoineamh ar céard ba cheart dom a chaitheamh an lá sin. Gearrann sé sin siar ar an méid buartha atá agam gach maidin. Bheadh an fhadhb sin ag dó na geirbhe agam gach maidin murach na héadaí scoile. Is í mo thuairim go ngearrann siad siar ar an méid bulaíochta ar scoil freisin, mar tá gach duine gléasta mar an gcéanna. Ní bhíonn brú ar thuismitheoirí dul amach agus na lipéid is costasaí a cheannach dá bpáistí. Chomh maith leis sin táim bródúil astu. Bíonn a fhios ag gach duine sa bhaile mór go bhfuil mé ag freastal ar an scoil seo nuair a bhíonn na héadaí scoile orm. Is deas an rud é sin. www.isfeidirleat.ie

  25. 9. An buntáiste ná míbhuntáiste iad dar leat? Sampla B Bhuel, chun na fírinne a rá leat, ceapaim gur míbhuntáiste iad. B’fhéidir gur maith an rud iad nuair atá tú sna blianta sóisearacha sa mheánscoil, ach is í mo thuairim go bhfuil siad ina mbac ar indibhidiúlachas na ndaltaí. Is daoine fásta anois muid. Cad a dhéanfaimid an bhliain seo chugainn san ollscoil? Beidh an tsaoire againn ár bhféiniúlacht féin a thaispeáint trí mheán na héadaí a chaithimid, má tá an t-airgead againn. Sin an gnáthshaol agus táim ag tnúth go mór leis an rogha a bheith agam céard a chaithfidh mé amach anseo. www.isfeidirleat.ie

  26. 10. Tabhair cúpla riail atá i bhfeidhm ar scoil dom Rialacha samplacha www.isfeidirleat.ie

  27. 10. Tabhair cúpla riail atá i bhfeidhm ar scoil dom. Freagra samplach Is iomaí riail atá againn ar scoil i ndáiríre. Ceapaim go bhfuil siad riachtanach nuair atá tú ag déileáil le cúpla céad dalta in áit bheag amháin, go háirithe má tá atmaisféar foghlama uait sna ranganna agus suaimhneas agus síocháin mórthimpeall na scoile. Ar scoil níl cead againn a bheith ag pleidhcíocht sa rang. Caithfear cód smachta na scoile a leanúint. Má tá dalta as bealach faigheann siad coinneáil istigh roimh scoil ar an gCéadaoin ó a hocht go dtí ceathrú chun a naoi nó cuirtear ar fionraí iad. Níor tharla sé sin dom go fóill buíochas le Dia. Níl fóin phócaí sa rang ceadaithe ach an oiread. Ní bheadh aon obair ar siúl dá mbeadh siadsan ceadaithe. Anois is arís bristear na rialacha agus bíonn daltaí áirithe dúshlánach do na múinteoirí ach mar a deir an seanfhocal ‘ní thagann ciall roimh aois’. www.isfeidirleat.ie

  28. 11. Dá mbeifeá i do phríomhoide céard a dhéanfá difriúil ar scoil? Briathra sa Mhodh Coinníollach (Iú phearsa) www.isfeidirleat.ie

  29. 11. Dá mbeifeá i do phríomhoide céard a dhéanfá difriúil ar scoil? Sampla A Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá gur duine lách díograiseach macánta é ár bpríomhoide agus tugtar bainistíocht na scoile cothrom na féinne do gach dalta. É sin ráite, dhéanfainn cúpla athrú. D’fhéachfainn ar an gcód smachta arís agus ligfinn do dhaltaí na Séú Bliana níos mó saoirse a bheith acu óna blianta eile. Labhróinn leis an Aire Oideachais faoina ciorruithe atá ar siúl faoi láthair agus d’iarrfainn air iad a chur i gceart láithreach. Tuigim go bhfuilimid i lár ghéarchéim geilleagair ach is é an t-aos óg anois todhchaí na tíre amach anseo. Ba cheart go mbeadh an rialtas ag cur tuilleadh infheistíochta agus acmhainní isteach san oideachas in áit na gciorruithe atá ar siúl. www.isfeidirleat.ie

  30. 12. Déan cur síos ar ghnáthlá scoile. An t-Amchlár www.isfeidirleat.ie

  31. 12. Déan cur síos ar ghnáthlá scoile? Freagra samplach De ghnáth, faighim an bus scoile ar a hocht a chlog ón mbaile. Sroicheann sé sin an scoil thart ar fiche chun a naoi. Is deis í seo chun labhairt le mo chairde agus mo scíth a ligean. Tosaíonn na ranganna ar a cúig chun a naoi. Bíonn trí rang againn, roimh shos na maidine, ag a cúig chun a haon déag. Is sos tapaidh é. Ní mhaireann sé ach deich nóiméad. Bíonn trí rang eile againn go dtí cúig tar éis a haon. Bíonn an lón againn ansin. Téim síos go dtí siopa don lán. I ndiaidh am lóin bíonn na trí rang deiridh. Bím ar mhuin na muice nuair a chloisim an clog ag a ceathair a chlog. Níl sé fíor nuair a deirtear ‘is aoibhinn beatha an scoláire’. www.isfeidirleat.ie

  32. 13. Céard a dhéanfaidh tú tar éis scoile inniu? Briathra san Aimsir Fháistineach www.isfeidirleat.ie

  33. 13. Céard a dhéanfaidh tú tar éis scoile inniu? Freagra samplach Sin cheist mhaith. Fan go bhfeice mé. Ar an gcéad dul síos beidh áthas orm go bhfuil an scrúdú béil thart. Nuair a rachaidh mé abhaile tosóidh mé ag staidéar láithreach. Déanfaidh mé dhá uair staidéir óna cúig a chlog go dtí a seacht a chlog. Tógfaidh mé sos ansin. Féachfaidh mé ar an teilifís agus íosfaidh mé mo dhinnéar. Ansin déanfaidh mé uair eile staidéir óna hocht go dtí a naoi. Beidh mé tuirseach traochta ansin. Imreoidh mé cúpla cluiche ríomhaire chun mo scíth a ligean. Rachaidh mé i mo chodladh go luath mar beidh lá fada scoile agam amárach chomh maith. www.isfeidirleat.ie

  34. 14. Céard a rinne tú ar maidin sular tháinig tú ar scoil? Briathra san Aimsir Chaite (Iú phearsa) www.isfeidirleat.ie

  35. 14. Cad a rinne tu ar maidin sular tháinig tú ar scoil? Freagra samplach Sin ceist mhaith. Fan go bhfeice mé. Ceapaim gur dhúisigh mé thart ar leathuair tar éis a seacht. Bhí tuirse orm toisc go raibh mé ag staidéar mo nótaí Gaeilge go déanach oíche aréir. D’éirigh mé as an leaba le drogall agus isteach sa chith liom. I ndiaidh an cheatha chuaigh mé síos staighre agus d’ith mé mo bhricfeasta. Bhí neirbhís orm de bharr na béaltrialach ach chuir mo mham ar mo shuaimhneas mé. Fuair mé síob ar scoil ansin. www.isfeidirleat.ie

  36. 15. Cad a dhéanann tú gach maidin roimh scoil? Briathra san Aimsir Láithreach (1ú Phearsa) www.isfeidirleat.ie

  37. 15. Céard a dhéanann tú ar maidin roimh scoil? Freagra samplach Sin ceist mhaith. Bhuel, ar an gcéad dul síos, dúisím, de ghnáth, thart ar a seacht a chlog. Nuair a bhuaileann an clog aláraim bíonn déistin orm. Éirim as an leaba le drogall agus téim isteach sa seomra folctha. Tógaim cith agus cuirim m’éadaí scoile orm. Ansin rithim síos staighre. Ithim dhá phíosa tósta agus ólaim sú oráiste. Labhraím le mo mham agus faighim mo mhála scoile. Is minic a bhím faoi bhrú ar maidin mar is duine cancrach mé ar maidin. www.isfeidirleat.ie

  38. 16. Céard ba mhaith leat a dhéanamh an bhliain seo chugainn? Coláistí éagsúla www.isfeidirleat.ie

  39. 16. Céard ba mhaith leat a dhéanamh an bhliain seo chugainn? Cúrsaí éagsúla www.isfeidirleat.ie

  40. 16. Céard ba mhaith leat a dhéanamh an bhliain seo chugainn? Sampla A Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile amach anseo. Tá sé ar intinn agam dul go dtí Coláiste Pádraig i nDroim Conrach má fhaighim na pointí cuí. Tógfaidh an chéim sin trí bliana. Deacair a rá an bhfaighidh mé post ina dhiaidh ach beidh mé sásta dul ar imirce ar aon chaoi. Is duine foighneach tuisceanach mé agus ba bhreá liom a bheith ag obair le páistí. Sampla B Ba bhreá liom a bheith i mo shiúinéir. Is aoibhinn liom adhmadóireacht agus ceapaim gur post iontach é. Beidh orm printíseach a fháil. Tá aithne agam ar shiúinéir agus dúirt sé go dtabharfadh sé ceann dom. www.isfeidirleat.ie

  41. 17. Cad é do thuairim faoin gcóras oideachais in Éirinn inniu Freagra Samplach Sin cheist dheacair. Is dócha nach bhfeileann córas ar bith do gach duine. Má tá tú acadúil, tá buntáiste iontach agat ar an duine nach bhfuil. Deirtear gur aoibhinn beatha an scoláire. Níl a fhios agam. Táimid cráite le córas na bpointí sa tír seo. Tá a lán brú orainn pointí arda a fháil san Ardteistiméireacht. B’fhearr liom dá mbeadh níos mó béime ar mheasúnú leanúnach. Bheadh sé níos cothroime do na daltaí agus laghdódh sé an brú damanta atá ar dhaltaí. Ó thaobh cúrsaí scoile de tá sé iontach tábhachtach cosc a chur ar bhulaíocht ar bith. Cibearbhulaíocht ina measc. Déanann sé an-damáiste d’ fhéinmhuinín an dalta. Tá an t-ádh dearg linn inár scoil go leantar an cód smachta go dlúth agus ní ghlactar le bulaíocht. Chuirfí ar fionraí tú dá mbeifeá á déanamh. Mar sin de, ceapaim go bhfuil scoileanna ag déanamh a ndícheall le hoideachas leathan agus le spórt a chur ar fáil do na daltaí i dtimpeallacht shábháilte. Tá an locht ar an gcóras dar liomsa. www.isfeidirleat.ie

More Related