1 / 12

6. Fadhbanna ar Saoire

6. Fadhbanna ar Saoire. Ceisteanna : Cé mhéad atá sa teaghlach? Cá raibh siad? Cad a bhí á phlé acu? An ndeachaigh siad ar saoire anuraidh? Cad a bheidh ar siúl ag na páistí an bhliain dar gcionn? Cá rachaidh siad ag an deireadh seachtaine? Cad a dúirt an t-athair leo déanamh roimhe sin?

Download Presentation

6. Fadhbanna ar Saoire

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 6. Fadhbanna ar Saoire Ceisteanna: Cé mhéad atá sa teaghlach? Cá raibh siad? Cad a bhí á phlé acu? An ndeachaigh siad ar saoire anuraidh? Cad a bheidh ar siúl ag na páistí an bhliain dar gcionn? Cá rachaidh siad ag an deireadh seachtaine? Cad a dúirt an t-athair leo déanamh roimhe sin? An raibh na páistí sásta? Freagraí: Bhí ceathrar sa teaghlach Bhí siad sa chistin sa bhaile Bhí saoire an tsamhraidh á phlé acu Ní dheachaigh siad ar saoire anuraidh Beidh an Ardteist ar siúl acu an bhliain dar gcionn Rachaidh siad go dtí an gníomhaire taistil Dúirt sé leo féachaint ar áiteanna ar an idirlíon Bhí na páistí an-sásta ar ndóigh! Foghraíocht: ag sábháil anuraidh gníomhaire taistil being discussed travel agent Friotal: gníomhaire taistil ; á phlé

  2. Ceisteanna: Cá raibh an teaghlach? Cén rogha a bhí déanta acu? Cá raibh siad ag dul ar saoire? An raibh a lán óstáin i Malaga? Cad a bhí ag an gníomhaire taistil ann? Cén fáth ar roghnaigh siad an t-óstán? Freagraí: Bhí siad ag an gníomhaire taistil Bhí an rogha déanta cá raibh siad ag dul nó Bhí an rogha déanta acu dul go Malaga Bhí siad ag dul go Malaga Bhí a lán óstáin i Malaga (Bhí rogha mór óstán ann) Bhí ionadaí ag an gníomhaire taistil ann Bhí a lán áiseanna ann agus bhí an suíomh go maith Foghraíocht: rogha ionadaí áiseanna suíomh choice chose rep location ionadaí ; suíomh Friotal: rogha ; roghnaigh;

  3. Ceisteanna: Cé a bhuail leo ag an aerfort i Malaga? Cad a thug sé dóibh? Cén fáth ar thug sé a uimhir fóin dóibh? Conas a bhí an aimsir? Cad a chaith an teaghlach? Freagraí: Bhuail an t-ionadaí taistil leo ag an aerfort Thug sé a uimhir fóin dóibh Dúirt sé leo glaoch a chur air má bhí aon fhadhb acu Bhí an aimsir ar fheabhas – Bhí an ghrian ag spalpadh anuas Chaith siad t-léinte agus spéaclaí gréine if Friotal: má

  4. Ceisteanna: Cén t-ainm a bhí ar an óstán? An raibh siad sásta leis an seomra? Cad a bhí cearr leis an seomra? Cad a bhí i gcúinne an tseomra? Cad a rinne Daid? Cad a rinne Mam? Freagraí: Hotel Sol an t-ainm a bhí air Ní raibh siad pioc sásta leis Bhí an seomra an-salach go deo. Bhí éadaí ar an úrlár; ní raibh an leaba cóirithe; bhí fiáilí móra taobh amuigh den fhuinneog Bhí líontán damhan alla sa chúinne Rinne Daid gearán leis an bhfáilteoir Chuir Mam glaoch ar an ionadaí Foghraíocht: salach cóirithe fiáilí gearán bed made-up weeds complaint receptionist gearán ; Friotal: leaba cóirithe ; fiáilí ; fáilteoir

  5. Ceisteanna: Cad a bhí ar siúl in Hotel Sol? nó Cén fáth a raibh Hotel Sol salach? Cén réiteach a bhí ag an ionadaí taistil? Cén t-ainm a bhí ar an óstán nua? Cén t-óstán a bhí níos fearr? Freagraí: Bhí stailc ar siúl san óstán Thug sé seomraí dóibh in óstán nua Salles Central an t-ainm a bhí air Bhí an Salles Central níos fearr – uasghrádú a bhí ann Foghraíocht: stailc uasghrádú strike upgrade uasghrádú Friotal: stailc ;

  6. Ceisteanna: An raibh siad sásta leis an óstán nua? Cad a bhí in aice leis an óstán? Cá raibh na páistí? Cad a rinne na tuistí? *Cad a bhí i gceist ag Daid? Freagraí: Bhí siad iontach sásta leis an óstán nua Bhí an trá in aice leis an óstán Bhí na páistí sa linn snámha Bhí na tuistí ag sú na gréine Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin- bhí rudaí go dona in Hotel Sol ach mar sin bhí rudaí níos fearr dóibh siúd It’s an ill wind that blows no good (proverb) Friotal: Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin (seanfhocal)

  7. 6. FadhbannaarSaoire Bhí Mam agus Daid ag caint leis na páistí sa chistin Bhí siad ag caint faoi saoire an tsamhraidh Ní raibh an clann ar saoire anuraidh agus beidh an Ardteist ar siúl ag na páistí an bhliain dar gcionn Bhí Mam agus Daid ag sabháil airgid agus ba mhaith leo dul ar saoire an samhradh sin Dúirt Daid leo féachaint ar áiteanna ar an idirlíon Bhí siad chun dul go dtí an gníomhaire taistil ag an deireadh seachtaine Bhí sceitimíní ar na páistí. Bhí sé ar fheabhas ar fad.

  8. Nuair a chuaigh siad go dtí an gníomhaire taistil bhí an rogha déanta acu. Bhí siad chun dul go Malaga Bhí rogha mór óstán i Malaga agus bhí ionadaí ag an gníomhaire taistil ann Thaispeáin sí na hóstáin dóibh ar an ríomhaire Phioc Máire óstán amháin Bhí a lán áiseanna ar fáil ann agus bhí sé i suíomh maith Bhí siad ag tnúth go mór leis an saoire

  9. Tháinig an lá faoi dheireadh agus chuaigh an clann go Malaga Chaith siad t-léinte agus spéaclaí gréine Bhí an aimsir go hiontach ar ndóigh – bhí an ghrian ag spalpadh anuas Bhuail an t-ionadaí taistil leo ag an aerfort Thug sé a uimhir fóin dóibh Dúirt sé leo glaoch a chur air má bhí aon fhadhb acu Bhí an clann go breá sásta

  10. Chuaigh siad go dtí an t-óstán - Hotel Sol ab ainm dó Bhí uafás orthu nuair a chonaic siad na seomraí Bhí siad an-salach go deo Bhí líontán damhan alla sa chúinne Bhí éadaí ar an úrlár Ní raibh an leaba cóirithe Bhí radharc deas den trá ón bhfuinneog ach bhí fiáilí móra ag fás in aice leis Rinne Daid gearán leis an bhfáilteoir san óstán Chuir Mam glaoch ar an ionadaí

  11. Tháinig an t-ionadaí amach go dtí an t-óstán Ghabh sé a leithscéal leo Bhí stailc ar siúl san óstán agus mar sin bhí fadhbanna acu ann Thug sé seomraí dóibh in óstán nua – Salles Central ab ainm dó Uasghrádú a bhí ann, dúirt sé Bhí sé i suíomh níos fearr agus bhí na háiseanna níos fearr

  12. Bhí an clann iontach sásta leis an óstán nua Bhí sé in aice leis an trá agus bhí linn snámha mór ann freisin Chuaigh na páistí ag snámh Bhí áthas an domhain orthu Bhí na tuistí ag sú na gréine agus ag ligean a scíth Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, cheap Daid. Bhí rudaí go dona sa chéad óstán ach mar sin bhí saoire níos fearr acu san óstán nua

More Related