1 / 8

Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh an quiz thíos a dhéanamh?

Ag staidéar trí Ghaeilge Réamhphlé 1. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh an quiz thíos a dhéanamh? An bhfithisíonn an ghrian an Domhan? Cad é an pláinéad is cóngaraí don ghrian? An iasc nó mamach é an siorc? Cad é an gás is mó san aer a análaímid?

bess
Download Presentation

Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh an quiz thíos a dhéanamh?

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag staidéar trí GhaeilgeRéamhphlé1 Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh an quiz thíos a dhéanamh? An bhfithisíonn an ghrian an Domhan? Cad é an pláinéad is cóngaraí don ghrian? An iasc nó mamach é an siorc? Cad é an gás is mó san aer a análaímid? Ní bhíonn ach miotal amháin leachtach ag teocht an tseomra, cad é? Cén téarma a thugtar ar ainmhí a itheann idir phlandaí agus ainmhithe eile? Cé hé an t-eolaí iomráiteach a chur tús leis an gcoincheap ‘roghnú nádúrtha’? Cad é an t-orgán is mó atá i gcorp an duine? Cé hé an t-eolaí a bhain clú amach as a theoiric choibhneasachta? Éiríonn miotail níos mó nuair a théitear iad, cad a tharlaíonn nuair a fhuaraítear iad?

  2. Ag staidéar trí GhaeilgeRéamhphlé2 Bí ag obair i ngrúpa agus pléigí na ceisteanna seo le chéile: Ar thuig tú na téarmaí ar fad a bhí sa quiz? An raibh aon fhocal ann nach raibh a fhios agat ach a bhí ar eolas agat i mBéarla? Nuair a fhoghlaimíonn tú téarma nua san eolaíocht an bhfoghlaimíonn tú an téarma Béarla chomh maith? An bhfuil topaicí áirithe ann nach bhfuil an foclóir agat i nGaeilge plé ceart a dhéanamh orthu? Tabhair sampla. Má thagann coincheap ar an saol, cosúil leis an idirlíon blianta ó shin, ar cheart focal amháin a bheith ann don fhocal sin agus i ngach teanga sa domhan? Go mbeadh an focal internet ann agus sin é? Féach ar na focail seo, tá dhá leagan Gaeilge ar an leagan Béarla, cé acu ab fhearr leat agus cén fáth? Symptom: siomptóm nó comhartha Bat: ialtóg nó sciathán leathair

  3. Ag staidéar trí Ghaeilge Éisteacht • Éist le Anne anois agus freagair na ceisteanna: • Cá bhfuil sí ag súil le dul tar éis na scoile? • An féidir leat ainm na hOllscoile a scríobh amach i gceart as Gaeilge? • Cad a deir sí faoi ábhair a dhéanamh trí mheán an Bhéarla? • Cad a deir sí faoi cúrsa ollscoile a dhéanamh trí Ghaeilge? • Féach ar an abairt seo: • An measann tú go mbeidh brú ort... • Cén aimsir atá i gceist leis na focail i gcló dubh? • An briathar rialta é? • Cén fáth a bhfuil urú ar an mbriathar?

  4. Ag staidéar trí Ghaeilge Ról A Tá eolas agatsa anseo faoi chúrsa Ollscoile. Beidh an duine in aice leat ag lorg eolais ort ar ball. Bí cinnte go dtuigeann tú gach rud. Gnó agus Gaeilge DCU - bí cruthaitheach agus iomaíoch San earnáil ghnó tá gá le daoine cruthaitheacha, spleodracha. Bíonn fostóirí ag lorg daoine a bhfuil ardchumas sa ghnó acu agus scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise. Ach níl ansin ach leath an scéil. Bíonn géarghá acu freisin le daoine atá in ann smaoineamh agus oibriú taobh amuigh de ghnáthchleachtais, daoine atá in ann cumas bainistíochta agus tréithe ceannaireachta a léiriú. Chun freastal ar na riachtanais seo tá struchtúr ar leith ar an gcúrsa seo. Tá an cur i láthair suntasach freisin: déantar gnó iomlán an chúrsa trí mheán na Gaeilge. Is í an Ghaeilge a thugann an t-aitheantas bunúsach sin dó. Níl cúrsa ar bith inchurtha leis seo a chuireann clár oibre chomh maith sin ar fáil i gcúrsaí gnó agus bainistíochta, agus i dteicneolaíocht na faisnéise don ghnó agus i nGaeilge. Déantar staidéar ar an nGaeilge ar bhealach nuálach, praiticiúil. Tacaíonn fostóirí go tréan leis an gcur chuige seo agus tá nasc cruthaithe ag an gcúrsa le comhlachtaí agus le heagrais mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cinntíonn an nasc seo go mbeidh buntáiste ar leith agat agus tú ag stiúradh do ghairm bheatha. Anuas ar ghnáthriachtanais iontrála na hOllscoile, caithfidh tú a bheith muiníneach as do chumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh.

  5. Ag staidéar trí Ghaeilge Ról B Tá eolas agatsa anseo faoi chúrsa Ollscoile. Beidh an duine in aice leat ag lorg eolais ort ar ball. Bí cinnte go dtuigeann tú gach rud. Fáilte romhat go dtí Roinn na Gaeilge anseo in UCG. Ba mhaith liom míniú beag a thabhairt duit ar an gcúrsa Gaeilge atá anseo againn sa Chéad Bhliain. AN CHÉAD BHLIAIN 2011-2012: AN CÚRSA (i) Ceartúsáid na Gaeilge: Dhá rang teagaisc sa teanga in aghaidh na seachtaine. (ii) Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge: Trí léacht sa tseachtain. (iv) Saíocht agus Sochaí na Gaeilge: Trí léacht sa tseachtain. Is fiú go mór duit an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar acadúil san ollscoil. Tá réimse leathan post ar fáil do chéimithe Gaeilge anois, ó phoist ‘thraidisiúnta’ mar mhúinteoireacht nó an tseirbhís phoiblí agus earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcoitinne, go dtí poist dhúshlánacha, nua-aoiseacha mar iriseoireacht, cúrsaí margaíochta agus cumarsáide srl. Ina theannta sin, le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus leis an stádas atá anois ag an nGaeilge mar theanga Eorpach, beidh fás mór i líon na bpost nua spéisiúla a dteastóidh ardscileanna Gaeilge iontu, m.sh., aistriúchán, ateangaireacht, riarachán srl.

  6. Ag staidéar trí GhaeilgeRólghníomhaíocht Anois, cuir na ceisteanna ar an duine in aice leat faoin gcúrsa atá aige. Malartaigh rólanna ansin. Cá bhfuil an cúrsa ar siúl? Cad is ainm don chúrsa? Cad iad na hábhair a ndéantar staidéar orthu sa chúrsa? Cén fáth a bhfuil an cúrsa seo difriúil? Cad iad na tréithe a bheadh ag teastáil ó dhuine le freastal ar an gcúrsa seo? Cén marc is gá a bhaint amach san Ardteistiméireacht chun freastal ar an gcúrsa? Cad iad na poist is féidir le duine a fháil tar éis an chúrsa?

  7. Ag staidéar trí GhaeilgeIarphlé1 A. Ag obair leis an duine in aice leat fós, breacaigí na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na hábhair scoile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sa bhosca : B. Bí in ann na ceisteanna seo a fhreagairt agus ansin cuir na ceisteanna ar an duine in aice leat. An bhfuil deiseanna níos fearr agatsa cúrsa ollscoile a bhaint amach toisc na hábhair mheánscoile ar fad a bheith déanta agat trí mheán na Gaeilge? Cad é an t-ábhar scoile is measa leat? Dá mbeadh sé á dhéanamh agat i mBéarla an dtaitneodh sé níos fearr leat? An ndéanann tú staidéar ar theangacha iasachta i do scoil trí Ghaeilge chomh maith?

  8. Ag staidéar trí GhaeilgeIarphlé2 Dúirt Anne go mbeadh sé: ‘deacair go leor fáil cleachtaithe leis’ Cén leagan atá agat féin air sin? Cuir Gaeilge ar na leaganacha Béarla seo anois: I don’t care... I’m not used to it... I can’t wait to... I used to... I think... We’ll see

More Related