1 / 8

An bhlagáil Réamhobair 1

An bhlagáil Réamhobair 1. Cuir na saghsanna blaganna seo thíos in ord de réir an méid spéise a bheadh agat féin iontu. Tabhair uimhir 1 don saghas blag is mó a mbeadh spéis agat ann agus lean ort síos go dtí uimhir 10: Blaganna bia (e.g. pastryaffair.com; wisewords.ie)

yetta
Download Presentation

An bhlagáil Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An bhlagáil Réamhobair 1 Cuir na saghsanna blaganna seo thíos in ord de réir an méid spéise a bheadh agat féin iontu. Tabhair uimhir 1 don saghas blag is mó a mbeadh spéis agat ann agus lean ort síos go dtí uimhir 10: • Blaganna bia (e.g. pastryaffair.com; wisewords.ie) • Blaganna faisin (e.g. guardian.co.uk/fashion/fashion-blog) • Blaganna ar chúrsaí polaitíochta (e.g. itsapoliticalworld.wordpress.com) • Blaganna spóirt (e.g. loneswimmer.com) • Blaganna ar shaol an teaghlaigh (e.g. The Rockstar Diaries) • Blaganna scríofa ag déagóirí (e.g. There’s always light at the end of the tunnel – siobhanb.blogspot.ie) • Blaganna ar chúrsaí ceoil (e.g. ultimateplaylist.ie) • Blaganna ar litríocht (e.g. ReadySteadyBook.com) • Blaganna taistil (e.g. seat61.com) • Blaganna grianghrafadóireachta (e.g. boston.com/bigpicture)

  2. An bhlagáil Réamhobair 2 I gceann tamaill beidh tú ag léamh ailt mar gheall ar thogra blagála a bunaíodh i scoil Ghaeltachta agus a bhain duais teanga amach i 2012. Ach ar dtús, déan féin agus an duine in aice leat iarracht Gaeilge a chur ar na habairtí thíos. Beidh na briathra seo cabhrach daoibh: • Dírigh ar • Maoinigh • Eascair as • Forbair • Cuir in iúl • Riar • leathnaigh • It helps them develop their language skills. • While they express themselves. • The blogging arose from a scheme developed by Oidhreacht Chorca Dhuibhne. • Funded. • Oidhreacht Chorca Dhuibhne administer/run the scheme. • To widen the project to other Gaeltacht areas. • The scheme will be targeted at transition year students.

  3. An bhlagáil Léamh 1 Scéim Bhlagála Oidhreacht Chorca Dhuibhne www.leabharthaléite.edublogs.org Scéim Bhlagála faoin litríocht do dhaltaí meánscoile sa Ghaeltacht is ea Leabhartha Léite. Bíonn na daltaí go léir ag léamh an leabhair chéanna agus á phlé ar an mblag. Spreagann an scéim suim na ndaltaí sa litríocht agus i léitheoireacht na Gaeilge, agus cabhraíonn sé leo a scileanna sa teanga a fhorbairt agus iad á gcur féin in iúl. An Cúlra D’eascair an Bhlagáil ó scéim de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne i bPobalscoil Chorca Dhuibhne (An Daingean), Scéim na Scríbhneoireachta. Is í an file Bríd Ní Mhoráin a stiúrann an scéim sin, atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta – comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon. Riarann Oidhreacht Chorca Dhuibhne an scéim i gcomhar le múinteoirí Gaeilge na Pobalscoile. Matt Mac Cárthaigh, ón gcomhlacht Fios Feasa, agus Pádraig Ó Dubhaigh ón bPobalscoil, atá i mbun na teicneolaíochta. Mar aitheantas do Thogra na Blagála, bronnadh Séala Eorpach Teanga ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag ócáid i mBaile Átha Cliath, ar an 5 Deireadh Fómhair.

  4. An bhlagáil Léamh 2 Forbairt Tá forbairt nua i ndán don togra i mbliana trína bhfuil tacaíocht faighte ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) leis an togra a leathnú go ceantair Ghaeltachta eile, san iarthar agus ó thuaidh. Le tacaíocht ó Phléaráca Chonamara beidh scoláirí ó Choláiste Cholmcille (Indreabhán) agus Coláiste Ghobnait (Inis Oírr) rannpháirteach an turas seo. I dTír Chonaill beidh scoláirí ó Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, agus Pobalscoil Cholmcille (Oileán Thóraí) ann chomh maith. Cur Chuige Beidh an scéim dírithe ar lucht na hidirbhliana don tréimhse seo. Treoróidh na múinteoirí agus Áisitheoirí Litríochta (Bríd Ní Mhóráin & Ailbhe Ní Ghairbhuigh) na daltaí i mbun léitheoireachta. Is é an leabhar Dordán, le hEilís Ní Dhuibhne, atá roghnaithe mar théacs. Is iad na dátaí atá i gceist le go mbeidh an Blag beo ná 19 Samhain go 21ú Nollaig. Beidh deis ag na daltaí a bheith i mbun blagála lasmuigh d’uaireanta scoile más mian leo. Tríd an mblagáil, beidh deis ag na daltaí a gcuid tuairimí féin a chur in iúl faoin leabhar, is cuma na tuairimí sin a bheith dearfach nó diúltach. Is é an t-idirphlé idir dhaltaí faoin ábhar litríochta, príomhaidhm an togra.

  5. An bhlagáilIarphlé 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • Cén saghas blaganna a thaitníonn leat (spórt, faisean, cúrsaí reatha, blaganna pearsanta srl.)? • An bhfágann tú tuairimí riamh ar bhlaganna nó ar shuíomhanna eile idirlín a bhféachann tú orthu? Cén fáth? • Agus tú ag fágáil tuairimí, an úsáideann tú d’ainm féin/ainm úsáideora nó an mbíonn tú anaithnid? • An mbacann tú iontrálacha a léamh atá ar bhlag nó suíomh le níos mó ná cúpla mí? • Ar smaoinigh tú riamh ar bhlag de do chuid féin a chruthú? Cén t-ábhar a bheadh á phlé agat agus cén lucht léitheoireachta a bheadh agat, dar leat (daoine ó do rang, déagóirí go ginearálta, lucht leanúna rud éigin srl.)?

  6. An bhlagáil Iarphlé 2 Féach ar na focail seo thíos a bhaineann leis an saol ar líne. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus smaoinígí ar na rudaí seo a leanas: • An dtuigeann sibh brí na bhfocal Béarla? • An bhfuil leagan Gaeilge ar an bhfocal ann cheana féin? • Muna bhfuil a fhios agat an bhfuil leagan Gaeilge ann, conas a gheofá amach é sin? • Cén Ghaeilge a chuirfeadh sibh féin ar na leaganacha nach bhfuil Gaeilge ann dóibh? blogosphere troll lurker avatar moderator forum

  7. An bhlagáil Iarphlé 3 Maraíodh Sattar Beheshti (cúig bliana is tríocha d’aois) de bhrí gur nochtaigh sé a thuairimí diúltacha in éadan an rialtais ar a bhlag. Pléigh na ceisteanna seo le chéile: • Cé as Sattar, dar leat? • Cé a mharaigh é, dar leat? • Cén fáth ar maraíodh é, dar leat? • An féidir leat liosta a dhéanamh de na tíortha a cheapann tú a mbeadh fadhbanna cearta daonna iontu? Is é sin na tíortha nach bhfuil saoirse cainte ag a saoránaigh.

  8. An bhlagáil Iarphlé 4 Rugadh ar Sattar Beheshti ina theach i Mí na Samhna, 2012 agus cuireadh chun báis é nuair a bhí sé faoi choimeád ag Póilíní na tíre. Tá rialtas na hIaráine ag iarraidh stop a chur le heasaontaigh ó toghadh Mahmoud Ahmadinejad ina uachtarán arís den dara uair in 2009. Maítear nach toghchán cóir a bhí ann agus tá a lán léirsithe ar siúl ó shin ag cur i leith an rialtais go raibh camastaíl bhallóide i gceist. Fear é Sattar nach raibh aon chúlra coiriúil aige, fear deisbhéalach agus cliste ba ea é, a bhain úsáid as an idirlíon chun a bheith ag troid ar son cearta daonna agus ar son shaoirse shibhialta an duine. Is le fada an lá anois a bhfuil cos ar bolg ag an Iaráin ar a cosmhuintir agus go bhfuil an rialtas ag dúnmharú a saoránach as a dtuairimí a léiriú ar líne. Plé • An bhfuil muintir na hÉireann saor le haon ní a scríobh ar an idirlíon? • An bhfuil a leithéid de rud ann is cinsireacht in Éirinn? Tabhair samplaí. • An bhfuil saoirse iomlán shibhialta ag cách in Éirinn (ó thuaidh agus ó dheas)? • An féidir leat sampla a thabhairt ó stair na tíre nuair nach raibh saoirse ag gach duine sa tír?

More Related