1 / 9

Aigne an duine Réamhobair 1

Aigne an duine Réamhobair 1. Deirtear gurb é an rúndiamhair is mó atá fágtha san eolaíocht ná aigne an duine. Bíonn taighdeoirí ag déanamh staidéir ar an inchinn agus ag iarraidh a dhéanamh amach conas mar a oibríonn sí agus cad is

jaime-britt
Download Presentation

Aigne an duine Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Aigne an duine Réamhobair 1 • Deirtear gurb é an rúndiamhair is mó atá fágtha san • eolaíocht ná aigne an duine. Bíonn taighdeoirí ag • déanamh staidéir ar an inchinn agus ag iarraidh a • dhéanamh amach conas mar a oibríonn sí agus cad is • brí le bheith i do neach comhfhiosach. Deir eolaithe gur • ceann de na rudaí is mó a chabhródh leis an gcine • daonna dul chun cinn a dhéanamh ná fios níos fearr a • bheith againn conas mar a oibríonn an inchinn. • A: Conas a d’fhéadfadh breis tuisceana ar an inchinn cabhrú leis an gcine daonna? Tabhair féin agus an duine in aice leat buille faoi thuairim. • B: Pléigh na focail thíos leis an duine in aice leat. An dtuigeann sibh conas a úsáidtear iad ar fad? • an inchinn • an intinn • an aigne • an meon • an phearsantacht • an dearcadh

  2. Aigne an duineRéamhobair 2 An bhfuil na ráitis thíos fíor fútsa? Cuir ciorcal timpeall ar an uimhir is fearr a oireann duit. Féach ar an eochair ar dtús: 5= tá sé seo fíor fúmsa 1= níl sé seo fíor fúmsa in aon chor 1. Tá sé éasca réiteach liom. 5 4 3 2 1 2. Is duine féinmhuiníneach mé. 5 4 3 2 1 3. Táim ceannasach mar dhuine. 5 4 3 2 1 4. Is duine eagraithe mé. 5 4 3 2 1 5. Is duine goilliúnach mé. 5 4 3 2 1 6. Taitníonn scoil liom. 5 4 3 2 1 7. Is maith liom am a chaitheamh liom féin. 5 4 3 2 1 8. Tá sé éasca náire a chur orm. 5 4 3 2 1 9. Tagann fearg orm go héasca. 5 4 3 2 1 10. Is duine uaillmhianach mé. 5 4 3 2 1

  3. Aigne an duine Réamhobair 3 • Beidh tú ag léamh ailt faoi fhoirfeoirí (perfectionists) i gceann • tamaill. Ach ar dtús, féach féin agus an duine in aice leat ar na • focail/frásaí seo thíos. An dtuigeann sibh iad? • solúbtha: ________________ • tréith: ________________ • ní hionann do: ________________ • foirfeoirí néaróiseacha: ________________ • fóibe: ________________ • claonadh: ________________ • a chur faoi cheilt: ________________ • neamhoird: ________________ • ionchais: ________________ • cáineadh: ________________ • amhras: ________________ • éirí as: ________________ • éiginnte: ________________

  4. Aigne an duine Léamh 1 Is daoine iad na foirfeoirí a dteastaíonn uathu caighdeán an-ard a bhaint amach i ngach rud a dhéanann siad: san obair, sa spórt, sa chócaireacht nó fiú amháin sa DIY (an déan féin é mar a déarfá!). Tá céimeanna difriúla den fhoirfeachtachas ann, faoi mar atá le gach tréith eile. Is féidir foirfeoirí a roinnt in dhá ghrúpa ag brath ar cé chomh solúbtha is atá siad faoi na caighdeáin a leagann siad síos dóibh féin nó ag brath ag cé chomh meáite is a bhíonn siad an caighdeán is airde (foirfe) a bhaint amach: Gnáth-fhoirfeoirí – Cé go ndéanann na daoine seo a ndícheall caighdeán ard a bhaint amach i gcónaí, tuigeann siad nach amhlaidh an scéal i gcónaí. Foirfeoirí néaróiseacha – ní bhraitheann siad seo go deo go bhfuil jab maith go leor déanta acu. Ní bhíonn aon fhoighne acu le hearráidí agus bíonn siad thar a bheith féin-chriticiúil. Baineann na gnáth-fhoirfeoirí amach a lán rudaí ina saol, de ghnáth. Is tréith mhaith í an foirfeachtachas de ghnáth, abair más baincéir tú, lúthchleasaí, aisteoir nó tógálaí, mar ciallaíonn sé go mbeidh tú go maith ag do phost. Mar shampla, is foirfeoirí iad a lán de na lúthchleasaithe proifisiúnta. Ach ní hionann do na foirfeoirí néaróiseacha a bhíonn ródhian orthu féin. Is minic a bhíonn siad thíos le fadhbanna síceolaíochta agus fisiceacha, ina measc: Ísle brí Alcólachas Fóibe shóisialta Galar croí Neamhord éigníoch dúghafach (Obsessive Compulsive Disorder) Féinmharú Anorexia nervosa Bac scríbhneora (Writer's block)

  5. Aigne an duine Léamh 2 • Sé ghné a bhaineann le Foirfeachtachas • Tá ceistneoir forbartha ag an Dr Randy Frost ó Smith College, Massachusetts chun foirfeachtachas a thomhas. Áirítear 6 ghné éagsúla den fhoirfeachtachas ar an scála. • 1. A bheith buartha faoi earráidí • Bíonn foirfeoirí níos buartha faoi dhearmaid a dhéanamh ná daoine eile, mar bíonn eagla orthu go mbeidh daoine ag déanamh beag díobh. Dá bharr sin, bíonn claonadh ag foirfeoirí gan cabhair a lorg chun na dearmaid a chur ina gceart agus braitheann siad gur cheart dóibh na dearmaid a chur faoi cheilt. Má bhíonn daoine róbhuartha faoi earráidí bíonn an baol ann go dtiocfadh fóibeanna agus neamhoird eile orthu. • 2. Caighdeáin phearsanta • Bíonn sé comónta i measc gnáth-fhoirfeoirí agus foirfeoirí néaróiseacha araon, caighdeáin arda a leagadh síos dóibh féin a bhraitheann siad a chaithfidh siad a bhaint amach. Deirtear go bhfuil éifeacht ag an tréith seo ar an neamhord itheacháin anorexia nervosa. • 3. Ionchais tuismitheoirí • Gné chomónta den fhoirfeachtachas ná a bheith ag iarraidh ionchais do thuismitheoirí fút a shásamh. B’fhéidir gurb é an chúis atá leis seo ná go dtógtar na daoine seo i dtithe a dtugann tuismitheoirí grá dá leanaí ar an gcoinníoll go sásóidh siad a n-ionchais. Déanann na leanaí seo iarracht gach rud a dhéanamh i gceart ionas nach ndiúltóidh na tuismitheoirí dóibh. • 4. Cáineadh tuismitheoirí • Agus tú ag iarraidh do thuismitheoirí a shásamh is minic a bhraithfeá buartha go gcáinfeadh do mháthair nó d’athair an méid atá bainte amach agat. Tá seans ann go gcuirtí pionós ar na daoine seo as dearmaid (dearmaid nach bhfuil róthromchúiseach, b’fhéidir) a dhéanamh nuair a bhíodar ina leanaí. An toradh a bhíonn air sin ná nach mbraitheann siad go deo go mbainfidh siad amach go leor chun na tuismitheoirí a shásamh.

  6. Aigne an duine Léamh 3 • 5. Amhras faoi thascanna • Is minic a bhraitheann foirfeoirí amhras faoi chaighdeán a gcuid oibre nuair a bhíonn sí críochnaithe acu. Dá bhrí sin, bíonn leisce ar na daoine sin scaoileadh le tascanna agus uaireanta bíonn ar dhaoine a rá leo éirí as. Bíonn foirfeoirí an-éiginnte go minic mar thoradh ar an amhras seo. • 6. Ord agus eagar • Is minic a bhíonn foirfeoirí an-chríochnúil agus pointeáilte faoi gach rud a dhéanann siad. Bíonn siad tógtha le gach rud a bheith deas néata. Ní de thoradh díreach ar an bhfoirfeachtachas é sin ach bíonn éifeacht aige ar na foirfeoirí agus iad ag iarraidh barr a maitheasa a bhaint amach.

  7. Aigne an duine Iarphlé 1 • Roghnaigh dhá cheann de na ceisteanna thíos agus • déan na cleachtaí a ghabhann leo. • De ghnáth, bíonn daoine ina bhfoirfeoirí de bharr an tógáil a bhí orthu agus iad ina leanaí. Pléigh an dá cheist seo a leanas: (i) Cén tionchar, dar leat, atá ag do thuismitheoirí féin ortsa? (ii) An bhfuil tú cosúil le do Mham nó le do Dhaid? Cad iad na tréithe a thug tú leat uathu? Scríobh do fhreagraí. • 2. Deir daoine, uaireanta, nach féidir le duine athrú. An gcreideann tusa é sin? An dtugann tú faoi deara aon athruithe ort féin mar dhuine ó bhí tú i do leanbh? Cad iad? Scríobh do fhreagra. • 3. Cad iad na tréithe ba bhreá leat a bheith agat féin? Cad iad na buntáistí sa saol a thabharfadh na tréithe sin duit, meas tú? Scríobh do fhreagra. • 4. Cad iad na tréithe atá agat nach dtaitníonn leat? Cad iad na míbhuntáistí a thugann na tréithe sin duit, meas tú? Scríobh do fhreagra.

  8. Aigne an duine Iarphlé 2 • An Caidreamh Foirfe • Cad iad na rudaí is tábhachtaí agus tú i ngrá le duine • eile? Cuir na ráitis thíos in ord tábhachtacha. Tabhair • uimhir 1 don rud is tábhachtaí agus síos leat go dtí • uimhir 10 don rud is lú tábhacht. • Go dtaitneodh an saghas céanna ceoil libh beirt. • Go mbeadh sibh ar aon intinn mar gheall ar chúrsaí creidimh. • Go réiteodh sé/sí le do thuismitheoirí. • Go mbeadh sé/sí dathúil. • Go mbeadh acmhainn mhaith grinn aige/aici. • Go mbeadh na pleananna céanna agaibh don saol tar éis na hArdteiste. • Go mbeadh sé/sí chomh héirimiúil leat féin. • Go mbeadh an cúlra eacnamaíochta céanna agaibh beirt. • Go mbeadh sé/sí dílis duit. • Gur duine muiníneach a bheadh ann/inti.

  9. Aigne an duine Iarphlé 3 • An raibh a fhios agat...? • An Ghaeilge atá ar ‘old people’ ná seandaoine, ach má • deir tú “féach an seanduine sin”, is seanfhear atá tú ag • rá. Is é sin le rá, ciallaíonn seanduine ‘old man’. Má • theastaíonn uait ‘old woman’ a rá, abair seanbhean. • Tá an rud céanna i gceist leis an téarma mo dhuine • (‘your one’). Is fear a bhíonn i gceist i gcónaí le ‘mo • dhuine’. Caithfidh tú rud éigin eile a rá más ag caint ar • bhean atá tú e.g. ‘mo bhean thall’ / ‘an bhean sin’ etc.

More Related