1 / 6

Scoil & brú Réamhobair

Scoil & brú Réamhobair. A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue skills: _____________ Fair / balanced: _____________ Continuous assessment: _____________ Heart and soul: _____________

thuyet
Download Presentation

Scoil & brú Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue skills: _____________ Fair / balanced: _____________ Continuous assessment: _____________ Heart and soul: _____________ Heritage: _____________ B. An féidir leat na focail thuas a mheaitseáil leis na topaicí cuí? An Ardteistiméireacht Cúrsaí oibre An Ghaeilge Tar éis am scoile C. Éist leis an mír uair amháin le feiceáil an raibh an ceart agat le A agus B thuas.

  2. Scoil & brú Éisteacht Mír le Sorcha ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn. • Féach ar an mír uair amháin eile gan aon ní a scríobh go fóill. • Anois, breac síos gach eolas a bhfuil cuimhne agat air faoi na topaicí: • An Ardteistiméireacht • Cúrsaí oibre • An Ghaeilge • Tar éis am scoile • Cad a bhí ag an duine in aice leat?

  3. Scoil & brú Iarphlé1 Dúirt Sorcha gurb í an Ghaeilge croí agus cuisle na scoile – is minic a bhaintear úsáid as dhá fhocal chun béim a chur ar choincheap amháin. Is minic chomh maith a bhíonn uaim nó comhfhuaim ag baint leo. An féidir leat na focail ar chlé a cheangal leis na focail ar dheis chun aonad a chruthú? dubh máthair tinn lár mac fad fud na heagla fite tuirseach eagla dóite lom fuaite Cad is brí leo? Mura bhfuil tú cinnte labhair leis an duine in aice leat. Cuir na nathanna in abairtí anois lena mbrí a léiriú.

  4. Scoil & brú Iarphlé2 Cad is brí le níos fóirsteanaí? Cén leagan atá agat féin? An bhfuil a fhios agat cad is ainm don chuid seo den ghramadach? Ag obair leis an duine in aice leat déanaigí comparáid idir na rudaí sa dá cholún thíos agus bígí in ann cúis a thabhairt ar cén tslí a bhfuil siad difriúil, mar shampla: Tá Baile Átha Cliath níos mó ná Gaillimh ach níl an caighdeán maireachtála chomh maith sin ann dá bharr.

  5. Scoil & brú Iarphlé3 Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine eile i do ghrúpa: An bhfuil sé deacair ábhair scoile ar nós an Cheimic a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Cén fáth? An ndéanann tú staidéar ar theangacha eile trí mheán na Gaeilge? An labhraíonn tú Gaeilge i rith an lae ar scoil? Cén bhaint atá ag an nGaeilge le hoidhreacht na tíre? Cén fáth a bhfuil tusa sa scoil ina bhfuil tú? An tú féin a roghnaigh í? An bhfuil clú ar do scoil as aon ní faoi leith? Cad é?

  6. Scoil & brú Iarphlé4 • Ullmhaigh do chuid freagraí pearsanta féin ar na ceisteanna a cuireadh ar Shorcha sa mhír: Nuair atá tusa críochnaithe leis an Ardteist, cá háit ar mhaith leat a dhul? An bhfuil brú millteanach oibre ort agus tú ag déanamh réidh don Ardteist? Cé mhéad ábhar ar fad atá á ndéanamh agat? Cén fáth ar phioc tusa ____________ le theacht thar scoil ar bith eile? An mbíonn tú ag caint Gaeilge sa bhaile? B. Anois, cuir na ceisteanna ar an duine in aice leat.

More Related