1 / 9

Ag scimeáil ar líne Réamhobair 1

Ag scimeáil ar líne Réamhobair 1. Féach ar an bhfocal seo thíos agus tabhair faoi deara an litriú: an t-idirlíon Le tabhairt faoi deara: (a) Tá t- roimhe mar go bhfuil an focal firinscneach agus (b) tá sé leathan ag an deireadh.

Download Presentation

Ag scimeáil ar líne Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag scimeáil ar líne Réamhobair 1 Féach ar an bhfocal seo thíos agus tabhair faoi deara an litriú: an t-idirlíon Le tabhairt faoi deara: (a) Tá t- roimhe mar go bhfuil an focal firinscneach agus (b) tá sé leathan ag an deireadh. • Scríobh síos 5 shampla eile d’fhocail fhirinscneacha a thosaíonn le guta (i.e. focail a mbíonn an t- rompu). • Scríobh síos 5 shampla d’fhocail bhaininscneacha a thosaíonn le guta (i.e. focail nach mbíonn an t- rompu)

  2. Ag scimeáil ar líne Réamhobair 2 A: Féach ar an abairt seo thíos. Cad a thugann tú faoi deara? “Caithim a lán ama ar an idirlíon.” B: Cén fáth a bhfuil an t- ar iarraidh anois? C: Déan liosta de na rudaí eile a bhfuil an éifeacht chéanna acu le ‘ar an’ (mar shampla: leis an).

  3. Ag scimeáil ar líne Réamhobair 3 Cum abairtí ina mbeidh na focail seo sa tuiseal tabharthach. • an t-éan: _____________________ • an iris: _____________________ • an oifig: _____________________ • an oscailt: _____________________ • an t-uafás: _____________________ • an t-ocras: _____________________ • an t-oráiste: _____________________ • an íomhá: _____________________ • an earráid: _____________________ • an t-eagarthóir: _____________________

  4. Ag scimeáil ar líne Éisteacht Éist le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag caint ar a shaol ar líne agus freagair na ceisteanna seo. • Cé acu is fearr le hÉanna – a bheith ag féachaint ar an teilifís nó a bheith ag scimeáil ar an idirlíon? • Cad air a bhíonn sé ag féachaint ar líne? • Cén úsáid a bhaineann sé as Facebook? • Cé hiad na daoine a leanann sé ar Twitter? • Cad iad na difríochtaí idir Facebook agus Twitter, dar leis?

  5. Ag scimeáil ar líne Iarphlé 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • An gcaitheann tusa mórán ama ar an idirlíon? • Cad iad na suíomhanna idirlín is fearr leat? Cén fáth na cinn sin? • Nuair a bhíonn tú ar YouTube cad iad na saghsanna físeán a bhféachann tú orthu? • An bhfuil rud ar bith uaslódáilte agat féin ar YouTube nó ar shuíomh dá leithéid (e.g. físeán duit féin ag canadh / ag seinm ceoil agus araile)? • Cad iad na suíomhanna is úsáidí duit chun cabhrú leis an obair bhaile / staidéar? • An bhfuil cuntas Facebook agus Twitter agat? Cé acu is fearr, dar leat? Cén fáth? • An bhfuil tú ‘cairdiúil’ le do thuismitheoirí ar Facebook? Cén fáth? • An gcuirtear teorainn leis an méid ama a bhfuil cead agat a bheith ar líne sa bhaile?

  6. Ag scimeáil ar líne Iarphlé 2 Abair ar shlí eile é! • Dúirt Éanna go mbíonn sé ‘ag faire ar na haon saghas rud’. Cad is brí le ‘ag faire’? An bhfuil aon úsáid eile nó aon mhíniú eile ag an bhfrása sin sa Ghaeilge? • Dúirt Éanna ‘níl na héinne air’. Breac síos cúpla slí eile chun ‘na héinne’ a rá. • D’úsáid Éanna an focal Béarla ‘videos’ seachas ‘físeáin’. Cén fáth é sin, dar leat? Cén fáth a mbíonn leisce ar mhuintir na Gaeltachta úsáid a bhaint as na leaganacha Gaeilge, uaireanta?

  7. Ag scimeáil ar líne Iarphlé 3 Códmheascadh sa Ghaeltacht Ciallaíonn códmheascadh an nós a bhíonn ag daoine dátheangacha focail ón dá theanga a mheascadh agus iad ag caint le daoine dátheangacha eile. Is rud nádúrtha agus comónta é seachas nuair a bhíonn ceann de na teangacha an-mhór faoi bhrú. Nuair a tharlaíonn an iomarca códmheascadh i measc cainteoirí mionteanga atá faoi bhrú is comhartha é go bhfuil an teanga sin i dtrioblóid. Léigh an píosa gearr seo thíos ó dhuine Gaeltachta sna tríochaidí agus pléigh na ceisteanna atá bunaithe air ar an gcéad sleamhnán eile. “Nuair a bhí mise ag fás aníos sa Ghaeltacht bhíodh focail áirithe ann a deirimis i gcónaí as Béarla, focail ar nós ‘radiator’, ‘fridge’, ‘bicycle’, rudaí mar sin. Ach an uair sin, bhí an Ghaeilge níos láidre sa cheantar ná mar atá anois. Sa lá atá inniu ann, úsáideann daoine (mé féin san áireamh) i bhfad níos mó Béarla ina gcuid cainte mar go bhfuil an Ghaeilge faoi i bhfad níos mó brú ná mar a bhíodh. Sin é an fáth anois, go gcreidim gur cheart dúinn níos mó iarrachta a dhéanamh na focail Ghaeilge atá againn a úsáid fiú amháin má tá sé mí-nádúrtha dúinn é sin a dhéanamh. Téann tú i dtaithí ar rud. Nuair a bhí mé ag obair in oifig Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, d’úsáidinn na focail ‘ardaitheoir’ agus ‘íoslach’ go laethúil, gan smaoineamh air. Ach ní úsáidfinn na focail sin sa bhaile sa Ghaeltacht! Bhuel, is dócha nach bhfuil aon ardaitheoir nó aon íoslach againn sa bhaile, ach tuigeann tú cad atá i gceist agam. Má thosaíonn tú ag úsáid focal Gaeilge agus má úsáideann tú gach lá iad, éireoidh sé nádúrtha duit. ”

  8. Ag scimeáil ar líne Iarphlé 4 Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine eile i do ghrúpa. • An aontaíonn tusa gur cheart dúinn iarracht níos mó a dhéanamh an leagan Gaeilge ar fhocail a úsáid nuair is féidir linn? Cén fáth? • Cad iad na gnáthfhocail laethúla a úsáideann tusa as Béarla cé go bhfuil an leagan Gaeilge ar eolas agat (e.g. cuid de na seomraí sa teach, uimhreacha, rudaí teicniúla etc.)? • TASC: Tabhair faoi deara, i rith an lae inniu, an méid uaireanta a úsáideann tú ‘just’, ‘I’d say’, ‘I don’t know’, ‘really’, ‘actually’ agus aon fhocail bheaga eile Bhéarla dá leithéid in aon chomhrá amháin. • TASC: Roghnaigh cúpla focal laethúil an tseachtain seo agus ná húsáid ach an leagan Gaeilge de na focail sin ar feadh seachtain iomlán (e.g. Tá sé sa tseomra folctha vs. Tá sé sa bhathroom). Tabhair tuairisc sa rang an tseachtain seo chugainn – an raibh sé deacair é a dhéanamh? D’fhéadfadh sé a bheith deacair duit nós nua teanga a bhunú, go háirithe má tá na daoine eile sa chlann ag úsáid an leagan Béarla – tabhair dea-shampla dóibh agus abair leo an rud céanna a dhéanamh!

  9. Ag scimeáil ar líne Iarphlé 5 Mar fhocal scoir... Tabhair faoi deara an tuiseal ginideach atá ag an bhfocal ‘idirlíon’... Suíomh idirlín (a website) Tá an ‘o’ imithe. Seo iad na leaganacha ar fad den bhfocal ‘idirlíon’: an t-idirlíon (tuiseal ainmneach) ar an idirlíon (tuiseal tabharthach) suíomh idirlín (tuiseal ginideach)

More Related