1 / 8

An Spailpín Fánach (File Anaithnid)

An Spailpín Fánach (File Anaithnid). Filíocht na hArdteistiméireachta. Cúlra an Dáin. Tagraíonn an dán don ré (era) ag deireadh an 18ú hAois agus tús an 19ú hAois. Tá an dán bunaithe ar fhear óg a bhí ag dul ó cheantar go ceantar ag lorg oibre.

portwood
Download Presentation

An Spailpín Fánach (File Anaithnid)

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Spailpín Fánach(File Anaithnid) Filíocht na hArdteistiméireachta

  2. Cúlra an Dáin • Tagraíonn an dán don ré (era) ag deireadh an 18ú hAois agus tús an 19ú hAois. • Tá an dán bunaithe ar fhear óg a bhí ag dul ó cheantar go ceantar ag lorg oibre. • Oibrí ‘fánach’ a bhí ann a d’oibrigh go crua ar bheagán airgid. • Tugtar nod dúinn go raibh saol níos fearr ag an bhfear seo tráth den saol. (previously)

  3. NitheSuntasacha • File Anaithnid. Cén fáth? • Úsáid na logainmneacha – tréith a bhí láidir i bhfilíocht na mBard – údaracht. • Teideal an Dáin – Spailpín – comhfhocal a bhfuil na fréamhacha aige i ‘speal’ (scythe) agus pingin (penny).

  4. Cliseadh na nGael in Éirinn • Bhíodh na filí ar cheann de na haicmí ab airde sa tsochaí roimh Theitheadh na n-Iarlaí 1607 (Flight of the Earls). • Tharla claochlú iomlán go tobann ar stádas na bhfilí nuair a theith Ó Domhnaill agus Ó Néill agus uaisle eile na hÉireann chun na Spáinne, na Fraince srl. • Rinneadh an tír a phlandáil agus bhí Éire faoi smacht na Sasanach agus bhí na Péindlíthe fós i réim sa tír seo.

  5. Féith na Réabhlóide • Bhí tréimhse réabhlóideach ag titim amach mórthimpeall an domhain san18ú hAois mar shampla Réabhlóid Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince. • Bhí tuairimí polaitiúla nua i leith an daonlathais (democracy), na cothromaíochta (equality) agus na saoirse ag bláthú um an dtaca sin (at that time).

  6. An Staid Pholaitiúil • Tagraíonn an dán don ré (era) ag deireadh an 18ú hAois agus tús an 19ú hAois. • Ní raibh cead vótála ag na Gaeil Chaitliceacha – rud nár athraigh go dtí 1829 le Fuascailt na gCaitliceach (Catholic Emancipation) (a bhuí le Dónall Ó Conaill). • Bhí cos ar bolg á imirt ar thraidisiúin na nGael mar chuid den pholasaí comhshamhlaithe (policy of assimilation) – bhí cosc ar theanga, nósanna, creideamh agus luachanna na nGael.

  7. Dóchas don Chosmhuintir? • Bhí scéalta ag teacht ar ais ó chlanna Uí Néill agus Uí Dhónaill a bhí ar a dteitheadh thar lear faoi shaoirse a baineadh amach san Fhrainc. • Dá bharr sin, bhí na bochtáin ag éirí amach agus ag déanamh seasaimh i gcoinne na héagóra (injustice). • Bhí Égalité, Liberté, Fraternité i mbéal na ndaoine agus bhíodar ag súil acu le cúnamh a fháil ón bhFrainc.

  8. Craobhscaoileadh na Nuachta • Ba bhealach a bhí san fhilíocht le teachtaireachtaí a chraobhscaoileadh (disseminate) i bpaimfléid. • Bhí dóchas ag an bhfear óg (An Spailpín Fánach) go mbeadh saol níos fearr i ndán dó arís agus ghlaoigh sé chun troda ar Ghaeil eile. • Bhí na hÉireannaigh Aontaithe (United Irishmen) ag láidriú sa tír agus bhíothas ag súil go mbeadh feabhas ar chúrsaí sa tír seo.

More Related