1 / 3

An Tuiseal Gairmeach

An Tuiseal Gairmeach. Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén rud é tuiseal? An mbaineann na tuisil leis an ainmfhocal amháin? An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge amháin? Tabhair sampla do gach tuiseal: An tuiseal ainmneach

vila
Download Presentation

An Tuiseal Gairmeach

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tuiseal Gairmeach Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén rud é tuiseal? An mbaineann na tuisil leis an ainmfhocal amháin? An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge amháin? Tabhair sampla do gach tuiseal: An tuiseal ainmneach An tuiseal tabharthach An tuiseal gairmeach An tuiseal ginideach

  2. An Tuiseal Gairmeach An raibh an ceart agaibh? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail. Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó. An tuiseal ainmneach - an bord, an t-uisce An tuiseal tabharthach - ar an mbord, ar an uisce An tuiseal gairmeach - a Phádraig, a Shíle An tuiseal ginideach - dath an bhoird, méid an uisce

  3. An Tuiseal Gairmeach Baintear úsáid as an tuiseal gairmeach nuair a ghlaoitear ar dhuine i nGaeilge. Seo thíos cúpla nód chun cuidiú leat an tuiseal gairmeach a úsáid! Cuirtear ‘a’ roimh an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Cuirtear séimhiú ar an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-ainm a dhéanamh caol: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar sin: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Ach fiú má tá an t-ainm mná leathan ní chaolaítear é: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd

More Related