1 / 5

Iris na Scoile Réamhobair

Iris na Scoile Réamhobair. I gceann tamaill beidh tú ag léamh ailt a scríobh dalta d’Iris na Scoile i bPobalscoil Chorca Dhuibhne faoi Chomórtas Díospóireachtaí Uí Chadhain. Ar dtús, déan an cleachtadh seo: Conas a déarfá... We were very happy to qualify...

meryle
Download Presentation

Iris na Scoile Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Iris na Scoile Réamhobair I gceann tamaill beidh tú ag léamh ailt a scríobh dalta d’Iris na Scoile i bPobalscoil Chorca Dhuibhne faoi Chomórtas Díospóireachtaí Uí Chadhain. Ar dtús, déan an cleachtadh seo: Conas a déarfá... • We were very happy to qualify... • The second year in a row. • Our supporters. • They deserved it.

  2. Iris na Scoile Léamh Díospóireachtaí Uí Chadhain le hIseult Ní Lubhaing, Pobalscoil Chorca Dhuibhne Thosaigh an chéad bhabhta de chomórtas díospóireachtaí Uí Chadhain i mí Mheán Fómhair i nGaelcholáiste Chiarraí. Thugamar na cosa linn i gCill Airne agus bhíomar ar mhuin na muice ag dul ar aghaidh go dtí an tríú babhta i Luimneach. B’fhearr ná san go raibh na sinsir in éineacht linn. Bhí áthas an domhain orainn cáiliú do Chraobh na hÉireann don dara bliain as a chéile agus chuireamar os ár gcomhair iarracht a dhéanamh é a bhuachan. Bhí an chraobh ar siúl i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir. Bhí caighdeán níos airde ann ná mar a bhí anuraidh. Bhíomar an-neirbhíseach nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ach bhí ár lucht tacaíochta agus ár múinteoirí laistiar dúinn an t-am ar fad. Rinneamar ár seacht ndícheall ach ar deireadh thiar thall bhuaigh Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus bhí sé tuillte acu. Bhíomar bailithe go maith nár bhuamar an €1000 agus an turas thar lear ach fós fuaireamar duais as a bheith sa chraobh. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár múinteoir a thug treoir agus comhairle dúinn na díospóireachtaí a ullmhú. Táimid fíorbhuíoch den lucht tacaíochta a thaistil go Baile Átha Cliath linn.

  3. Iris na Scoile Iarphlé1 Cad is brí leis na nathanna seo a bhí san alt: • Thugamar na cosa linn • Chuireamar os ár gcomhair • Rinneamar ár seacht ndícheall • Bhíomar bailithe go maith An bhfuil slite eile agatsa chun an bhrí chéanna a léiriú do gach nath thuas? Breac síos iad.

  4. Iris na Scoile Iarphlé2 Samhlaigh gur tusa agus an duine in aice leat eagarthóirí Iris na Scoile i mbliana. Déan amach plean beag don Iris ag smaoineamh ar na nithe seo a leanas: • na rannóga difriúla a bheidh san Iris • na hailt dhifriúla ba mhaith libh a bheith san iris • na daltaí a scríobhfaidh na hailt sin daoibh

  5. Iris na Scoile Scríobh Scríobh alt gearr ar do rogha rud – (a) (b) nó (c) thíos. • Ócáid/ imeacht scoile a raibh baint agat leis • Léirmheas nó tuairisc ar ócáid / imeacht scoile a raibh tú sa lucht féachana / lucht tacaíochta ann. • Cuntas ar ócáid/imeacht éigin a raibh tú páirteach ann taobh amuigh den scoil

More Related