1 / 25

Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Seimineár Réigiúnach 2007

An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna”. Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Seimineár Réigiúnach 2007. Cén fáth Féinmheastóireacht?. Chun an Phleanáil Fhorbartha Scoile a fheabhsú

hedda
Download Presentation

Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Seimineár Réigiúnach 2007

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Seimineár Réigiúnach 2007

  2. Cén fáth Féinmheastóireacht? • Chun an Phleanáil Fhorbartha Scoile a fheabhsú • Chun cur leis an gcomhoibriú/rannpháirtíocht • Chun tuairimí a cheistiú maidir le cáilíocht • Mar gheall ar pholasaí náisiúnta agus idirnáisiúnta • Chun an Mheastóireacht Uile-Scoile (MUS) a chomhlánú agus a athrú chun feabhais

  3. An bhfuil nasc idir Féinmheastóireacht agus Meastóireacht Uile-Scoile? • Is treoir don fhéinmheastóireacht é Ag Breathnú ar an Scoil Againne • Is creat é don MUS chomh maith • Cuirfidh an MUS féinmheastóireacht san áireamh • Molann an chigireacht féinmheastóireacht go hard • Is í an scoil a threoraíonn agus a bhainistíonn féinmheastóireacht • Do thaithí…?

  4. Céard is féinmheastóireacht ann? • Is fiosrú córasach é, bunaithe ar fhianaise, faoi ghné éigin de shaol na scoile • Féachann sé le fáil amach cé chomh maith is atá ag éirí leis an scoil i dtaca le caighdeáin aontaithe dea-chleachtais • Treoraíonn sé an scoil i leith roghnú tosaíochtaí pleanála le haghaidh feabhsaithe

  5. Céard atá nua mar sin? • Córasach • Bunaithe ar Fhianaise • Caighdeáin • Feabhsú

  6. Féinmheastóireacht agus Pleanáil Fhorbartha Scoile • Féinmheastóireacht: • Baineann sé le tairbhe iomlán a bhaint as an am a thugann tú don phleanáil cheana féin • Ba cheart go mbeadh sé roghnaíoch agus dírithe go glan soiléir ar na réimsí siúd a bhfuil sé tábhachtach féachaint orthu anois • Comhlánaíonn sé an mheastóireacht sheachtrach/MUS

  7. Próiseas na Féinmheastóireachta - Eochairchéimeanna • I dtaca le réimse/polasaí a roghnaíodh • Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas • Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá • Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí – fianaise • Bain tátail bhailí as na sonraí gur féidir seasamh leo • Leag síos tosaíochtaí le haghaidh feabhsú pleanáilte

  8. Féinmheastóireacht I gcás réimse/polasaí a roghnaíodh: • Conas is eol duit cad ba cheart bheith ar siúl agat? • Conas is eol duit cad atá ar siúl agat? • Conas is eol duit cé chomh maith is atá ag éirí leat? • Conas atá tú chun níos fearr a dhéanamh?

  9. Céimeanna san Fhéinmheastóireacht –Réimse tofa • Rannpháirtíocht: fócas, aidhmeanna agus coinníollacha • Nithe le lorg • Nithe le féachaint orthu • An chaoi lena bhainistiú – struchtúir • Ceisteanna le cur – iad siúd le ceistiú – staitisticí úsáideacha • Léirmhíniú agus tátail • Conas leas a bhaint as an eolas • PFS – déan plean, déan gníomh agus déan cumarsáid

  10. Conas a dhéanann tú cinneadh faoin réimse le breithniú? • Déan iniúchadh ar an seicliosta a forbraíodh ó Ag Breathnú ar an Scoil Againne • Tá sé tábhachtach bheith roghnaíoch • Is é an obair bhaile, mar ghné den mheasúnú, fócas na ceardlainne seo

  11. Conas a dhéanann tú cinneadh faoin réimse le breithniú? • Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama • Pleanáil agus ullmhúchán • •Pleanáil oibre ag teacht leis an siollabas • •Doiciméid phleanála • •Difreáil • •Acmhainní • •Sláinte agus Sábháilteacht • (Féach an seicliosta a forbraíodh ó Ag Breathnú ar an Scoil Againne)

  12. Teagasc & Foghlaim Modheolaíocht straitéisí luas éagsúlacht acmhainní Bainistiú Ranga spreagadh daltaí iompar Atmaisféar Ranga idirghníomhaíochtaí timpeallacht Foghlaim oiriúnacht ceistiú rannpháirtíocht Measúnú & Gnóthachtáil Modhanna & torthaí measúnaithe córasach éagsúlaithe saghas aiseolais Coimeád taifead tuairisciú do thuismitheoirí Rannpháirtíocht na ndaltaí san ábhar eolas tuiscint díograis Gnóthachtáil ginearálta na ndaltaí san ábhar athbhreithniú ar thorthaí Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne)

  13. Fócas na Féinmheastóireachta • Obair Bhaile

  14. Spreagadh na Rannpháirtíochta – Cad iad na riachtanais a bhraitear? • Múinteoir ‘Ní féidir liom obair bhaile a fháil ar ais ón rang seo!’ • Tuismitheoir ‘an oíche ar fad ag gabháil d’obair bhaile’ • Dalta ‘Cad is fiú?’ • Tuarascáil Chigireacht Ábhair

  15. Bunrialacha i leith na Féinmheastóireachta • Céard iad na bunrialacha is gá a leagan síos d’fhonn comhoibriú na bpáirtithe uile a chinntiú? • meas ar thuairimí gach duine agus tuiscint do na tuairimí sin • tiomantas ginearálta do chleachtas feabhsaithe áit a bhfuil gá leis • úsáid chuiditheach na sonraí uile atá bailithe • gan aon mhilleán a chur ar aon duine • gan aon duine ar leith a aithint

  16. Féinmheastóireacht ar Obair Bhaile • Déan cur síos ar dhea-chleachtas sa Teagasc agus san Fhoghlaim i leith Obair Bhaile • Déan meastóireacht ar chleachtas reatha na scoile á chur seo san áireamh • Aithin láidreachtaí agus dúshláin • Aontaigh tosaíochtaí pleanála le díriú orthu

  17. Obair Bhaile – 3 Ghné • Uile-scoile • Roinn Ábhair • Múinteoir

  18. PléCéard atá á lorg againn? • Céard atá i gceist le dea-chleachtas maidir le hobair bhaile ag an leibhéal uile-scoile? • (Cuimhnigh ar na táscairí i leith an dea-chleachtais a d’fhéadfá a úsáid mar shlat tomhais agus meastóireacht á déanamh agat ar an gcleachtas reatha i do scoil)

  19. Táscairí an dea-chleachtais ag an leibhéal Uile-Scoile • Polasaí scoile a bheith ann • Gach duine eolach i leith an pholasaí scoile agus ag cloí leis… • Go bhfuil aidhm shoiléir oideolaíoch ag an OB • Go dtugtar go rialta í • Go ndéantar difreáil san OB • Go scríobhann na daltaí í sa dialann OB • Go gcríochnaíonn na daltaí í • Go mbaineann siad caighdeán sásúil amach • Go gceartaítear go pras í • Go dtugtar aiseolas • Go gcoimeádtar taifid • Go mbaintear feidhm as an eolas mar threoir don teagasc • Go bhfuil cur chuige aontaithe ag an scoil ina gcás siúd nach ndéanann an OB

  20. CeardlannIs grúpa pleanála sibh atá ag déanamh meastóireachta ar Obair Bhaile • Agus na táscairí seo á gcur san áireamh agaibh is gá daoibh ceisteanna a dhréachtú le teacht ar an gcleachtas reatha— • Cé air a gcuirfeadh sibh ceist? • Cén cheist a chuirfeadh sibh? • Cén chaoi a gcuirfeadh sibh ceist? Tá sé riachtanach cothromaíocht a fháil idir eolas Cáilíochtúil agus eolas Cainníochtúil

  21. Cén chaoi a léirmhíníonn agus a thuairiscíonn sibh na torthaí ?

  22. Próiseas na Féinmheastóireachta - Eochairchéimeanna • I dtaca le réimse/polasaí a roghnaíodh • Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas • Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá • Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí – fianaise • Bain tátail bhailí as na sonraí gur féidir seasamh leo • Leag síos tosaíochtaí le haghaidh feabhsú pleanáilte

  23. Pleanáil na Féinmheastóireachta - Eochaircheisteanna • Cé na modhanna a úsáidfidh sibh chun an t-eolas atá ag teastáil a bhailiú? • Cé na hacmhainní a bheidh ag teastáil? • Cén t-amscála a bheidh i gceist? • Cén chaoi a bhfuil sé ar intinn agaibh leas a bhaint as an eolas a gheobhaidh sibh? • Cé na daoine a chuirfear ar an eolas maidir leis na torthaí? • Cé na modhanna a úsáidfidh sibh chun na tátail a chur in iúl do na comhpháirtithe a mbaineann siad leo?

  24. Pleanáil na Féinmheastóireachta - Eochaircheisteanna • Cén pointe ag a ndéanfar an mheastóireacht? • Cé a dhéanfaidh an mheastóireacht? • Cé na táscairí dea-chleachtais a úsáidfidh sibh? • Cé na ceisteanna a bhfuil sibh ag lorg freagraí orthu? • Cé uaidh a bhfuil sibh ag iarraidh eolas a fháil?

  25. Féinmheastóireacht • ‘Cuireann scoileanna go suntasach le fiúntas an oideachais a fheabhsú trí fhéinmheastóireacht scoile...’ • (Treoir do Mheastóireacht Scoile Uile i Scoileanna Iarbhunoideachais, ROE 2006) • Chun an fhéinmheastóireacht mar chomhpháirt lárnach den phróiseas pleanála leanúnach a éascú, d’fhoilsigh an Chigireacht • Ag Breathnú ar an Scoil Againne: Cúnamh le haghaidh féinmheasúnachta i scoileanna dara leibhéal (2003).

More Related