1 / 33

Áit Chónaithe

Áit Chónaithe. Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. An Clár. Cá bhfuil tú i do chónaí? Inis dom faoi d’áit chónaithe.

semah
Download Presentation

Áit Chónaithe

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Áit Chónaithe Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. www.isfeidirleat.ie

  2. An Clár • Cá bhfuil tú i do chónaí? • Inis dom faoi d’áit chónaithe. • Céard a dhéanann daoine óga i do cheantar? • An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? • Céard a mholfá chun na fadhbanna siúd a réiteach? • Céard atá i do cheantar do na seandaoine? • An buntáiste é a bheith i do chónaí i gceantar uirbeach? • Ar mhaith leat a bheith i do chónaí faoin tuath? • An bhfuil pobal láidir i do cheantar? • An bhfuil tú féin i do bhall de chumann áitiúil ar bith? www.isfeidirleat.ie

  3. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na contaetha i gCúige Uladh agus i gCúige Mumhan www.isfeidirleat.ie

  4. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na contaetha i gCúige Laighean www.isfeidirleat.ie

  5. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na Contaetha i gCúige Connacht www.isfeidirleat.ie

  6. 1.Cá bhfuil tú i do chónaí? An áit agus an contae: www.isfeidirleat.ie

  7. 1. Cá bhfuil tú i do chonaí? Samplaí • Táim i mo chónaí i mbruachbhaile ar an taobh thuaidh de chathair Bhaile Átha Cliath in áit darb ainm Mullach Íde. • Táim i mo chónaí i mbruachbhaile ar an taobh theas de Chathair Bhaile Átha Cliath in áit darb ainm Carraig an tSionnaigh. • Táim i mo chónaí i mbruachbhaile Chathair na Gaillimhe darb ainm Caisleán Nua. www.isfeidirleat.ie

  8. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe. Tá m’áit chónaithe suite i/in __________________ na tíre. iarthar deisceart tuaisceart oirthear www.isfeidirleat.ie

  9. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla d’áiseanna Bhaile Átha Cliath www.isfeidirleat.ie

  10. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla d’áiseanna Chathair Luimnigh www.isfeidirleat.ie

  11. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla d’áiseanna agus d’imeachtaí Chathair na Gaillimhe www.isfeidirleat.ie

  12. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla d’áiseanna agus d’imeachtaí Chathair Chorcaí www.isfeidirleat.ie

  13. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe. Sampla d’áiseanna agus d’imeachtaí Phort Láirge www.isfeidirleat.ie

  14. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla d’áiseanna agus d’imeachtaí Chill Chainnigh www.isfeidirleat.ie

  15. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Áiseanna coitianta www.isfeidirleat.ie

  16. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla A Táim i mo chónaí ar an taobh thuaidh de Chathair Bhaile Átha cliath díreach in aice Ascaill Gríofa. Is aoibhinn liom m’áit chónaithe mar tá sé gar go leor do lár na cathrach. Ní gá dom ach léim ar bhus agus bheinn i lár na cathrach taobh istigh de fhiche nóiméad ag brath ar an trácht. Is iomaí áis atá againn sa chathair. Tá rogha leathan siopaí agus ionad siopadóireachta. Má tá siamsaíocht uait, is féidir leat dul go dtí an phictiúrlann i gCúlóg nó má tá babhláil uait tá ionad babhlála díreach in aice linn freisin. Tá seirbhís bhus iontach san áit seo. Cabhraíonn sé sin go mór leis na mic léinn atá ag freastal ar na coláistí tríú leibhéal éagsúla timpeall na cathrach. Tá pobal deas cáirdiúil againn anseo agus cé go bhfuil daonra mór ann, tá pobal cúng ann chomh maith. www.isfeidirleat.ie

  17. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla B Táim i mo chónaí i gCathair na Gaillimhe. Cathair na dTreabh an t-ainm a thugtar di chomh maith. Is aoibhinn liom m’áit chónaithe. Bíonn sé de shíor gnóthach agus bíonn ócáidí ar siúl an t-am ar fad. Bíonn an áit plódaithe le mic léinn tríú leibhéal le linn na bliana. Cabhraíonn sé sin go mór le heacnamaíocht na cathrach. Tá clú agus cáil ar an gcathair go hidirnáisiúnta. Tagann turasóirí ó chian is ó chóngar chuig Rásaí na Gaillimhe agus chuig Féile Ealaíon na Gaillimhe. Bíonn craic iontach ann. Is iontach an áis é Bóthar na Trá chun do scíth a ligean le siúlóid dheas cois cladaigh, ach amháin nuair nach bhfuil sé ag caitheamh sceana gréasaí. Táan seanfhocal ‘níl aon tinteán mar do thinteán féin’ fíor i mo chás le Cathair na Gaillimhe. www.isfeidirleat.ie

  18. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla C Táim i mo chónaí i mBaile Cheatharlach. Is baile cuíosach mór é atá suite in oirdheisceart na tíre. Tá breis is fiche míle duine ina gcónaí sa bhaile agus mórthimpeall air. Is breá liom m’áit chónaithe mar tá atmaisféar deas sa bhaile. Tagann mic léinn ó chian is ó chóngar chun freastal ar Choláiste Phádraig agus ar Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach. Tá rogha fhairsing siopaí agus seirbhísí bainc agus óstáin ar fáil sa bhaile. Ina theannta sin tá go leor leor áiseanna spóirt ann . Tá neart clubanna Chumann Lúthchleas Gael, sacair, rugbaí, rámhaíochta, agus iascaireachta sa bhaile. Tá an baile suite ar bhruach abhainn na Bearú. Is iontach an áis í sin chun dul ag siúl faoin tuath ná dul ag iascaireacht. Mar a deir an seanfhocal ‘ Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ ach táim féin breá sásta le Baile Cheatharlach. www.isfeidirleat.ie

  19. 3. Cad a dhéanann daoine óga i do cheantar? Na Briathra www.isfeidirleat.ie

  20. 3. Cad a dhéanann daoine óga i do cheantar? Freagra samplach Tá an-chuid áiseanna agus cumainn curtha ar fáil do dhaoine óga i mo cheantar. Is iomaí club spóirt atá ann. Ina measc tá club rugbaí, club peile, club iománaíochta, club rámhaíochta agus club iascaireachta. Tá pictiúrlann ann freisin. Má tá an fonn ort féachaint ar scannán, ní gá duit ach siúl síos an bóthar chun féachaint air. Cabhraíonn na daoine óga le hobair charthanachta sa bhaile freisin. Cé nach bhfuil mórán postanna páirtaimseartha ann anois de bharr an chúlú eacnamaíochta, glactar páirt in obair dheonach. Mar shampla bailímid airgead do chumainn charthanachta éagsúla nó do chumainn spóirt éagsúla. Bíonn pacáil málaí san ionad siopadóireachta coitianta go leor sa bhaile. Mar a deir an seanfhocal ‘Tá ualach na leisce níos troime ná ualach na hoibre.’ www.isfeidirleat.ie

  21. 4. An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? Foclóir d’fhadhbanna sóisialta www.isfeidirleat.ie

  22. 4. An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? Freagra samplach Bíonn fadhbanna sóisialta ann i ngach áit, agus ní haon eisceacht i m’áit chónaithe. Tá seanfhocal ann a deir ‘Is fuath le Dia falsóir’ Ach leis an gcúlú eacnamaíochta bíonn i bhfad níos mó dífhostaíochta agus bochtaineachta i ngach áit. Mar thoradh air sin, ardaítear ráta coire in áiteanna áirithe. Téann daoine síos bóthar na haimléise agus uaireanta ní féidir leo teacht ar ais ó shaol na coire. Castar ar dhrugaí nó ar alcól agus eascraíonn fadhbanna eile óna leithéid. Is ciorcal nimhneach é, agus beidh ar an rialtas súil ghéar a choinneáil air sula n-imíonn sé ó smacht. www.isfeidirleat.ie

  23. 5.Céard a mholfá chun na fadhbanna a réiteach? Briathra sa Mhodh Coinníollach (Iú phearsa) www.isfeidirleat.ie

  24. 5. Céard a mholfá chun na fadhbanna a réiteach? Freagra Samplach Bhuel, sin ceist dheacair. Ar an gcéad dul síos, chuirfinn oideachas ar fáil do na ciontóirí. Is iadsan na daoine a dhéanann an drochiompar. Dá mbeadh a fhios acu an tionchar a bhíonn ag a ndrochiompar, ní dóigh liom go leanfaidís ar aghaidh mar sin. D’éistfinn leo chomh maith mar is minic a bhíonn cabhair de shaghas éigin ag teastáil uathu. Chuirfinn níos mó gardaí ar na sráideanna agus d’athróinn an córas mar atá sé. Chuirfinn i bhfad níos mó comhairleoirí ar fáil do na daoine a dhéanann na coireanna. Ach bheinn níos déine ar na mangairí drugaí agus thabharfainn tréimhse phríosúnachta níos faide dóibh. www.isfeidirleat.ie

  25. 6. Céard atá i do cheantar do na seandaoine? Áiseanna do na seandaoine www.isfeidirleat.ie

  26. 6. Céard atá i do cheantar do na seandaoine? Freagra samplach Tá go leor áiseanna i mo cheantar do sheandaoine de réir an eolais atá agam ar aon nós. Tá Cumann na Seanóirí gníomhach sa cheantar agus bíonn ócáidí acu go rialta. Téann siad go dtí an amharclann áitiúil go minic chun féachaint ar dhrámaí éagsúla. Chomh maith leis sin, tá seirbhísí bainc agus sláinte curtha ar fáil dóibh. Tá ionad lae agus leabharlann sa cheantar freisin. Deirtear go mbuaileann go leor seandaoine le chéile sna bialanna áitiúla i ndiaidh dóibh a bheith ag an Aifreann gach maidin freisin www.isfeidirleat.ie

  27. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí i mbaile mór/gcathair? Foclóir úsáideach www.isfeidirleat.ie

  28. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí i mbaile mór/cathair? Sampla A Is buntáiste é. Táim cinnte dearfa de sin. Is é mo thuairim go bhfuil áiseanna iontacha againn sa bhaile mór nach bhfuil ar fáil sa tuath. Tá daoine i mo rang atá ina gcónaí faoin tuath agus bíonn siadsan de shíor ag gearán faoin leadrán a bhíonn orthu. Níl sé seo an cás i gceantar uirbeach. Bíonn na háiseanna go léir ar leac an dorais againn. Má táimid ag iarraidh dul ó áit amháin go háit eile ní gá dúinn ach an córas iompair phoiblí a úsáid. Toisc go bhfuil daonra mór ann bíonn i bhfad níos mó cumann agus gníomhaíochtaí curtha ar fáil dúinn, buíochas le Dia. Chomh maith leis sin, tá roinnt mhaith coláistí i mo cheantar. Cabhróidh sé sin liom ó thaobh cúrsaí airgid de, don bhliain seo chugainn le cúnamh Dé. www.isfeidirleat.ie

  29. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí i mbaile mór/cathair? Sampla B Ceapaim gur míbhuntáiste é i ndáiríre go háirithe nuair a dhéantar anailís air. Is breá liomsa an tsíocháin agus an suaimhneas. Níl sé sin ar fáil i gceantar uirbeach i gcomparáid le ceantar tuaithe. Bíonn níos mó fadhbanna sóisialta i mbaile mór de bharr an daonra. Ina theannta sin, bíonn an costas maireachtála níos airde. Gach uair a theastaíonn uait dul áit ar bith cosnaíonn sé go leor airgid. Bíonn na rudaí is tábhachtaí sa saol seo saor in aisce. Faraor, ní bhíonn mórán acu siúd ar fáil sna ceantair uirbeacha. www.isfeidirleat.ie

  30. 8. Ar mhaith leat a bheith i do chónaí i mbaile mór/cathair? Sampla A Ba bhreá liom a bheith i mo chónaí faoin tuath. Ceapaim go mbeadh saol i bhfad níos folláine agus síochánta agam. Ceapaim go mbeadh saol na tuaithe i bhfad níos oiriúnaí domsa mar dhuine i gcomparáid le saol na cathrach. Sampla B Níor mhaith liom an baile mór a fhágáil. Tá an iomarca deiseanna agus féidearthachtaí ar fáil ann nach bhfuil ar fáil sa tuath. Cuir i gcás, postanna páirtaimseartha, clubanna spéisiúla agus saol sóisialta. Níl an rogha mar an gcéanna faoin tuath. www.isfeidirleat.ie

  31. 9.An bhfuil pobal láidir i do cheantar? Cumainn éagsúla na mbailte móra. www.isfeidirleat.ie

  32. 9. An bhfuil pobal láidir i do cheantar? Freagra Samplach Cé go bhfuilimid inár gcónaí i mbaile mór/cathair tá pobal láidir ann. Bímid i gcónaí ag faire amach dá chéile leis an Faire Comharsanachta atá i bhfeidhm sa cheantar. Gearrann sé sin siar ar an ráta coire sa cheantar. Tá cumainn éagsúla ann do gach glúin. Tá Cumann na Seanóirí gníomhach do na seandaoine. Tá neart club spóirt ann chomh maith ina measc, an Club Chumainn Lúthchleas Gael , club sacair, club rince, agus an club dornálaíochta. Glacann an grúpa cóir páirt ghníomhach ag an Aifreann gach Domhnach sa séipéal áitiúil. Tá siad iontach ar fad. Tá an seanfhocal seo a leanas fíor inár gceantar ‘Ar scáth a chéile a mhairimid’. Is muintir bhródúil muid agam táimid in ann brath ar a chéile. www.isfeidirleat.ie

  33. 10.An bhfuil tú féin i do bhall de chumann áitiúil ar bith? Freagra samplach Táim, dar ndóigh. Glacann gach duine sa cheantar páirt mhór d’Faire Comharsanachta. Ní mór duit a bheith airdeallach le strainséirí sa cheantar. Chomh maith leis sin táim i mo bhall den Chlub Chumann Lúthchleas Gael anseo go háitiúil. Thosaigh mé ag imirt ann nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois agus táim fós ann. D’imir mo mháthair camógaíocht leo agus d’imir mo dhaideo peil leo sna seascaidí. Tá nasc mór mar sin idir an club sin agus ár gclann sa bhaile. www.isfeidirleat.ie

More Related