1 / 46

Ag forbairt feasacht teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge: Moltaí praiticiúla Muiris Ó Laoire

Ag forbairt feasacht teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge: Moltaí praiticiúla Muiris Ó Laoire. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge. Leagan amach na cainte An fheasacht teanga: sainmhíniú agus cúlra An fheasacht teanga agus an curaclam

kanan
Download Presentation

Ag forbairt feasacht teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge: Moltaí praiticiúla Muiris Ó Laoire

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag forbairt feasacht teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge: Moltaí praiticiúla Muiris Ó Laoire

  2. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge Leagan amach na cainte • An fheasacht teanga: sainmhíniú agus cúlra • An fheasacht teanga agus an curaclam 3. An fheasacht teanga agus múineadh na gramadaí 4. Cur chuige praiticiúil sa seomra ranga 5. Feasacht agus tabhairt faoi deara 6. Teanga(cha) i dtimpeallacht na scoile agus lasmuigh di

  3. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Sainmhíniú agus cúlra • Is iomaí cineál sainmhínithe atá tugtha ar an bhfeasacht teanga • Míthuiscintí b’fhéidir i dtaobh a bhfuil i gceist?

  4. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge Obair Ghrúpa • Líon an suirbhé (3-4 nóiméad) • Cad iad na cineálacha tuairimí/tuiscintí atá ag baill an ghrúpa i leith na feasachta? 3. “Is féidir an Ghaeilge a shealbhú gan feasacht ar bith” Tuairim sciobtha ón ngrúpa

  5. Bullock Report (1975)-buartha faoi dhroch-chaighdeáin sa T1 agus i T2 Macalla do Perren(1974) The Space Between Tosaíodh ar thaighde sna 1980í- saothair Hawkins, Donmall / James agus Garrett 7rl Bunaíodh ALA (Association of Language Awareness) Van Lier Cúlra

  6. An Fheasacht Teanga • feasacht v. eolas • úsáideach nuair a thagann sé chuig an dara nó chuig an tríú teanga a fhoghlaim má dhírítear uirthi sa teagasc. • Bíonn an fheasacht mheitetheanga ag gach duine i ngan fhios dó féin m.sh-an tslí ina n-athraítear teanga sna fearainn éagsúla • -canúintí • -béarlagar • -blas • -focail ghaolmhara/struchtúir ghaolmhara

  7. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge • Baineann an fheasacht teanga go bunúsach le dhá réimse dhifriúla: 1. Teagasc agus foghlaim na teanga sa seomra ranga- cur chuige agus gníomhaíochtaí praiticiúla chun aird fhoghlaimeoirí a dhíriú ar ghnéithe den sprioctheanga agus ar an bhfoghlaim nó ar ghnéithe a mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí i gcoitinne leo

  8. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Iarrachtaí le gnéithe áirithe den sprioctheanga a thabhairt faoi deara 2. An teanga agus teangacha eile sa scoil agus sa tsochaí:Na fearainn úsáide agus na comhthéacsanna úsáide a chur ar a súile d’fhoghlaimeoirí

  9. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  10. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  11. An fheasacht teanga agus an curaclam Féachaimis ar na siollabais: Bunscoil: Is é is brí le feasacht teanga ná aire agus tuiscint an pháiste a dhíriú ar an nGaeilge, ar phatrúin éagsúla laistigh den Ghaeilge féin, agus ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí atá idir an Ghaeilge agus an Béarla agus idir an Ghaeilge agus teangacha eile.

  12. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Ba chóir géarchúis an pháiste a dhúiseacht i leith na teanga ina t(h)impeallacht. Is féidir suim a chothú i sloinnte agus i logainmneacha agus ina mbrí. Aithneoidh an páiste focail Ghaeilge i mBéarla na hÉireann agus i dtíortha eile (galore, colleen, clan). Tabharfaidh siad suntas do phatrúin áirithe ag deireadh focal Gaeilge, mar shampla san aimsir fháistineach agus san uimhir iolra. Chomh maith leis sin tá mórdhifríochtaí comhréire idir an Béarla agus an Ghaeilge le tabhairt faoi deara, mar shampla go dtosaíonn an abairt shimplí Ghaeilge le briathar agus an abairt shimplí Bhéarla le hainmfhocal.

  13. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Curaclam na Bunscoile (lch 44) Cruinneas Tugtar oiread saoirse agus is féidir do na páistí agus iad ag iarraidh an teanga a úsáid agus chuige seo caithfear glacadh leis an gcoincheap gur dlúthchuid d’fhoghlaim teanga é míchruinneas a bheith i dteanga an pháiste agus é/í ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh. Is minic a chuimsíonn an ceacht tréimhse machnamh iarchumarsáide, rud a chuirfidh deis ar fáil le haghaidh cleachtaí simplí feasachta teanga

  14. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge Siollabas na hiar-bhunscoile lch 3 Is féidir leas a bhaint as an eolas agus as taithí atá ag daltaí ar chórais teangacha eile

  15. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge • Tuigeann daoine a bhfuil i gceist agus an tábhacht a bhaineann leis…b’fhéidir • Ach…baineann dúshláin leis an bhfeasacht teanga a chur i bhfeidhm sa seomra ranga • D’fhéadfadh gur rud “deas/suimiúil” nó “imeallach” a bheadh ann nó rud a dhéantar ó am go chéile…. • Coincheapanna teibí cuid mhaith ach conas is féidir iad a chur i bhfeidhm?

  16. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge • Aird a dhíriú ar an teanga féin • Gníomhaíocht amháin [ar a laghad] chun an fheasacht a chothú i ngach rang nó • Aird a dhíriú ar an bhfoghlaim féin nó • Aird ar úsáid/ ar an nGaeilge/ ar theangacha eile sa phobal

  17. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge An Fheasacht Teanga FONN Fiosracht

  18. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  19. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Cad a chiallaíonn sé seo go praiticiúíl? • Díríonn na foghlaimeoirí ar ghnéithe den teanga a théann i bhfeidhm orthu/ a mbíonn deacrachtaí acu leo/ atá dúshlánach/ suimiúil 7rl. • Ó rang a trí ar aghaidh moltar go gcoimeádfaidh foghlaimeoirí dialann….ríomhbhlag

  20. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge • Focail a thaitníonn leo (dhá cheann in aghaidh an ranga) • Focail a dtaitníonn na fuaimeanna iontu leo • Focail atá deacair… • Focail atá cosúil le focail Bhéarla

  21. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Briathra/focail/fuaimeanna atá deacair agus cén fáth • conas a chuimhneoidh siad orthu (cleasanna cuimhne) • rudaí atá ait faoi fhocal/ainmfhocal • rudaí atá ait/neamhghnách/deas faoin bhfuaim • fhocail nua-aimseartha • samlacha • chora cainte • sheanfhocail

  22. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge De réir a chéile dírítear ar an eolas faoin teanga (KAL): ar: • bhriathra • ainmfhocail • aidiachtaí • comhréir • rudaí atá ait/neamhghnách faoin litriú • fhocail chomhchiallacha • fhocail iasachta • fhocail ghaolmhara

  23. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Is rud simplí, neamhchasta é seo ach is rud an-éifeachtach é……an dalta ag roghnú agus i mbun tabhairt faoi deara

  24. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  25. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  26. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge

  27. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge San iar-bhunscoil: Go minic….tar éis aonad foghlama/teagaisc

  28. An fheasacht teanga sa scoil lan-Ghaeilge Fiú le téacsanna litríochta…

  29. An Bunús Teoiriciúil Tá léargas curtha ar fáil sa taighde atá déanta ag Van Patten (2007) ar thábhacht an tabhairt faoi deara (noticing) Schmidt, R. (1990). The role of consciousness in second language learning. Applied Linguistics 11, 129-158. Schmidt, R. (1993). Awareness and second language acquisition. Annual Review of Applied Linguistics 13, 206-226. Schmidt, R. (1994). Implicit learning and the cognitive unconscious: Of artificial grammars and SLA. In N. Ellis (Ed.), Implicit and explicit learning of languages ( 165-209). London: Academic Press. [-8-]

  30. An Bunús Teoiriciúil Tá gluaisteáin amuigh sa charrchlós Sealbhaítear focail go tapaidh a chuireann ábhar fisiciúil in iúl Content lexical items

  31. Bíonn fonn ar fhoghlaimeoirí brí a bhaint as an ionchur teanga le linn tuisceana Déanann siad tréaniarracht- cuirtear an IP (Input Processing) ag obair Díríonn siad ar an mbrí agus ní gá go ndíríonn siad ar fhoirm (form) an fhocail

  32. If the learner does not process non-content words or/and inflections on nouns and verbs it is likely that the processes responsible for data storage and grammar building may not yet be able to make sense of them and will dump them

  33. Buntáistí (eile!) Ghaelscoileanna! Taighde Dillon (2009) – an fheasacht mheitheatheanga níos forbartha i measc dhaltaí Gaelscoileanna Níos ullmhaíthe d’fhoghlaim T3 Griffin (2003) níos mó straitéisí foghlama

  34. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Feasacht na foghlama Foghlaim agus sealbhú Bíonn an fhoghlaim níos éifeachtaí nuair a dhírítear i gceart uirthi

  35. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Le roinnt blianta anuas, tá an-bhéim ar an bhfoghlaimeoir aonair agus ar thréithe na dea-fhoghlama

  36. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Go bunúsach, tá trí chúis i gceist leis na difríochtaí seo: Toscaí/ cúinsí pearsanta/sochaíocha Toscaí / cúinsí cognaíocha Toscaí / cúinsí mothúnchánacha

  37. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge

  38. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge INNIÚLACHT TEANGA (Language Aptitude) Cumas cuimhneamh ar fhocail Cumas anailíse abairtí/ structúr Cumas cuimhneamh agus idirdhealú a dhéanamh idir fuaimeanna éagsúla (códú fuaime) An ghramadach a thabhairt faoi deara An fhoghlaim ionduchtach- patrúin/rialtacht/neamhrialtacht a thabhairt faoi deara Cumas rudaí a chur de ghlanmheabhair

  39. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Trí rud eile i gceist le hinniúlacht teanga: éirim anailíseach (anailís, comparáid, féinmheasúnú) éirim chruthaitheach (abairtí nua a chumadh- an teanga a úsáid i gcomhthéacsanna úra) éirim phraiticiúil (tuiscint ar úsáid teanga i gcomhthéacsanna úra éagsúla)

  40. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Spreagadh Dhá chineál: Seachtrach (fóinteach) Inmheánach (imeascthach) Ach athraíonn inspreagadh…ní rud seasmhach é Bíonn tionchar ag an inspreagadh ar an bhfoghlaim ach bíonn tionchar ag an bhfoghlaim ar an inspreagadh chomh maith.

  41. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Cabhraíonn sé go mór le foghlaimeoirí nuair a thuigeann siad conas foghlaim ach caithfear díriú air seo: Blaganna foghlama

  42. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge There is nothing more deadly than being given a list of words and being told to learn them. Utterly essential as this is to language learning, it is probably the most ‘missed’ homework of them all. Pupil: But they’re hard to learn! Me: Why? How do you learn them? Pupil: I look at the paper they’re written on. Me: And … ? Pupil: Well … I look at them … I take the paper out … maybe two … three times in an evening and look at them. Me: And that’s enough? You can learn them like that? Pupil: Oh no! I don’t learn them like that. That’s why it’s hard. Me: Then why do you go on dong it like that? Why don’t you do something else? Pupil: (surprised) How else can you learn then? Her friends immediately stated telling her how they learnt their vocabulary. Their methods ranged from writing them out over and over again to getting a friend or family friend to test them. The pupil complaining was quite surprised. It apparently had not dawned on her in four years of language learning that to continue with a method of learning that wasn’t working, was pointless. The idea of changing her method had never crossed her mind. Perhaps she had never had her attention drawn to various other possible ways of learning. Perhaps it had never been discussed before; it had just been taken for granted that fromthe age of eleven onwards she would know how to learn off by heart. What was more saddening was the fact that her poor methods of learning had resulted in her being judged as a natural and ‘for ever’ poor learner and no extra effort appeared to have been made to make her a better one. Rendall, CILT – Pathfinder 1998

  43. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge B’fhiú go mór díriú ar na ceisteanna seo go rialta (blaganna nó : Cad iad na buanna agus na laigí atá agat mar fhoghlaimeoir? Conas a fhoghlaimíonn tú focail nua? Conas a thagann tú ar bhrí fhocail nach dtuigeann tú? Cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh agat an Ghaeilge a labhairt níos cruinne agus níos fearr? Cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh agat chun an Ghaeilge a scríobh níos cruinne agus níos fearr?

  44. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge An fheasacht teanga agus úsáid na Gaeilge An teanga i dtimpeallacht na scoile An teanga timpeall orainn

  45. An fheasacht teanga sa scoil lán-Ghaeilge Ról ag tuismitheoirí agus an pobal tacú le hobair na scoile ina leith seo Tacú le teangacha eile na ndaltaí/ teangacha sa phobal- m.sh., an obair a rinneadh in Didenheim- an féidir tionscaimh bheaga mar seo a chur sa tsiúl?

  46. Obair ghrúpa Le plé: 1. Cén ról (má tá ról) atá ag an nGaelscoil nó ag an nGaelcholáiste i bhforbairt na feasachta teanga? 2. Cén ról (má tá ról) atá ag Gaelscoileanna i gcothú an ilteangachais?

More Related