1 / 25

Sraith 16 Seó Faisin sa Scoil

Sraith 16 Seó Faisin sa Scoil. Pic 1. Tá an sraith seo bunaithe ar… De réir cosúlachta tá cruinniú ar siúl sa seomra caidrimh. Tá an múinteoir … i gceannas ar an gcruinniú.

trista
Download Presentation

Sraith 16 Seó Faisin sa Scoil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Sraith 16 Seó Faisin sa Scoil

  2. Pic 1 Tá an sraith seo bunaithe ar… De réir cosúlachta tá cruinniú ar siúl sa seomra caidrimh. Tá an múinteoir … i gceannas ar an gcruinniú. Pléann sí fadhbanna scoile le na scolairí atá I láthair….fadhbanna ar nós ganntanas airgid, ríomhairí nua atá ag teastáil. Tá tuairimí agus smaointí na scolairí uaithi. Ba mhaith leo airgid a bhailiú. Tagann réimse tuairimí agus stráitéisí ó na cailíní, ina measc luaigh siad crannchur, seó faisin, ceolchoirm agus siúlóid.

  3. Pic 2 • Fós sa seomra caidrim • Roghnaigh siad an seó faisin • Cuma díograiseach orthu go léir ach dáiríre chomh maith. • Pléann siad anois sonraí an seó faisin (am/áit/éadaí srl) Tuigeann siad go mbeidh cabhair uathu ó na siopaí áítiúla ar aon le na tuistí.

  4. Pic 3 • An chéad céim a shocraíonn siad ná an fograíocht don seó. • Crochann siad postaeirí mórthimpeall na scoile agus ar fud an baile. • Tá siúl ag na daltaí go meallfaidh na postaeirí a lán daoine chun an seó. • Tá gach uile sonra faoin seó le fáil ar an bpostaer. • Fuair siad cead ón bpríomhoide an seó a eagrú/reachtáil do halla na scoile.

  5. Pic 4 • An chéad céim eile l’éagrú ag na daltaí ná éadaí don seó a lorg. • I mbeirteanna cuairtíonn siad na siopaí áitiúla agus iarrann siad cabhair ó na siopadóirí. • Míníonn na cailíní go mbeidh seó faisin ar siúl chun airigid a bhailiú don scoil agus go bhfuil éadaí don seó uathu. • Buíochas le carthanacht agus tuiscint na siopaí éiríonn le na daltaí an-chuid tacaíocht a fháil agus ar deireadh tá líon mór éadaí acu don seó.

  6. Pic 5 • Tagann oíche na seó ar deireadh… • Taispeánann siad na héadaí ar an ardán • Tá an scoil plódaithe/dubh le daoine • Tagann an baile go léir, nach mór • Tagann idir óg agus aosta chun an seó a fheiceáil • Ar aon leis an seó faisin, tá crannchur ar siúl agus díoltar ticéid ar €5. • Bhailigh siad duaiseanna iontacha ó na gnó áitiúla chomh maith.

  7. Pic 6 • D’éirigh/Éiríonn le na daltaí seó faisin den chéad scoth a eagrú • Tá an t-airgead tuillte acu gan aon dabht mar d’oibrigh siad go díograiseach chun an seó a reachtáil. • Gabhann an príomhoide buíochas….Molann sí ….. Labhraíonn sí faoi thábhacht…. • Ag deireadh thiar thall…..

  8. Ceisteanna • Cé hé an duine atá ag caint i bpictiúr a 6? • Cá bhfuil an cruinniú ar siúl? • Cá bhfuil an seo faisin ar siúl? • Luaigh siopa faisin amháin ó phic 4? • Cé mhéad cailíní atá i bpic 3? • Cad a deir an fógra i bpic 3? • Cad atá á phlé ag an bean sa chéad phic? • Cad atá á rá ag an bpríomhoide sa phictiúr deireanach? • Cá bhfuil na cailíní sa cheathrú phictiúr. • Cén fáth go bhfuil airgead á bhailiú ag an scoil?

  9. Sraith 17 Madra ar Strae

  10. Pic 1 • Tá an sraith seo bunaithe ar madra ar strae. • Faigheann Liam téacs teachtaireacht ón a chara Síle. Léann sé é. • Míníonn sí dó go bhfuil a madra caillte aici agus go bhfuil cabhair á lorg aici chun é a fháil thar n-ais. • Éiríonn Liam buartha faoi agus braitheann sé trua do Shíle.

  11. Pic 2 • Buaileann Liam le Síle. Tá cuma brónach uirthi. • Is léir go bhfuil sí i gcíor thuathail. Sileann deora óna súile. • Tugann Liam barróg di. • Sa dara radharc, ólann an bheirt acu cupán tae agus ar ndóigh, i ndiaidh cupán tae, éiríonn sí níos fearr. • Tosaíonn sí ar an scéal a insint do Liam. • De réir cosúlachta is éisteoir den scoth é.

  12. Pic 3 • Is léir ón bhfianaise sa phictiúr seo go bhfuil a dícheall déanta ag Síle chun an madra a fháil ar ais. • Chuir sí glaoch ar an raidió pobail, agus gheall siad fógra a chuir amach faoi. • Anuas ar sin d’úsáid sí an suíomh soisialta Facebook chun fógra eile faoin mhadra a chruthú. • Chomh maith le sin sheol sí teachtaireacht chuig a chairde go léir le sonraí a madra ann. • Madra beag bán agus dubh a freagraíonn do Jojo atá ar iarraidh.

  13. Pic 4 • Is cinnte go cara dílis é Liam agus tugann sé cabhair do Shíle, Jojo a lorg (cuardú le haghaidh Jojo) ar fud an bhaile. • Siúlann siad suas síos an sráidbhaile ag glaoch a ainm os ard. • Tar éis cúpla uair, buaileann fón Síle. • Coiméadann Síle a fón ina póca.

  14. Pic 5 • Freagraíonn Síle an glaoch. Faigheann sí dea-nuacht/scéal. • Tá áthas an domhain uirthi. • Faigheann sí amach cá bhfuil Jojo. • Déanann an duine ar an bhfón cur síos cruinn air. • Insíonn sí an nuachtn mhaith do Liam. • Faigheann sí barróg eile uaidh. • Socraíonn siad imeacht go díreach.

  15. Pic 6 • Buaileann Síle le fear an fóin agus tá Jojo in éineacht leis, buíochas le Dia. • Míníonn sé go raibh Jojo san ionad siopadóireachta agus gur lean sé é. • Bhí Jojo faiteach agus buartha. • Tugann sé an iall ar ais do Shíle agus ar aghaidh leis an mbeirt acu go sásta. • Nuair a shroicheann an beirt abhaile, tá faoiseamh agus áthas ar gach éinne. • Lorgaíonn a tuistí an scéal ar fad uaithi. • Deireann a tuistí le Síle gur gá le níos mó aire a thabhairt. • Is léir go bhfuil ceacht foghlamtha ag Síle faoi tábhacht aire a thabhairt do do chuid pheata.

  16. Ceisteanna • Cad is ainm don mhadra? • Cad a tharla sa chéad phictiúr? • Déan cur síos ar an madra? • Cén suíomh idirlíne atá i gceist i bpic 3? • Cár chaill Síle an madra? • Conas a thug Liam cabhair do Shíle? • Cén dea-rud a tharla i bpictiúr a ceathar? • Cén píosa comhairle a thug tuistí Síle di? • Cén staisiúin raidió ar ar ghlaoigh Síle? • Cé hiad an beirt a labhraíonn le Síle sa phic deireanach?

  17. Sraith 18 Comórtas Cócaireachta ar TG4

  18. Pic 1 • Tá an sraith seo bunaithe ar chomórtas Cócaireachta ar TG4. • De réir cosúlachta, tá triúr buachaill ag féachaint ar an teilifís. • Tagann fógra ar an scáileán faoi Chomórtas Cócaireachta ar TG4 do dhaltaí scoile. • Is féidir gach eolas a fháil ón suíomh TG4, www.TG4.ie • Déarfainn go bhfuil suim ag na buachaillí sa fógra seo.

  19. Pic 2 • Socraíonn na buachaillí cruinniú leis an bpríomhoide an lá dár gcionn. • Míníonn siad scéal an comórtais dó. Fuair siad an-chuid eolais ón suíomh TG4 agus pléann siad gach gné de leis. • Molann an príomhoide dóibh labhairt leis an múinteoir Eac Bhaile faoi. • Tugann sé cead do na buachaillí páirt a ghlacadh sa chomórtas. • Sílim go bhfuil cuma brodúil ar an bpríomhoide.

  20. Pic 3 • Sa phictiúr seo tá na buachaillí ag plé cúrsaí leis an múinteoir eac bhaile. • Faigheann/Déanann siad staidéar na rialacha ar an suíomh gréasán, mar aon le sonraí an chomórtais. • Ina measc, conas cur isteach ar an gcomórtas agus an seisiún cócaireachta sa chistin i mBaile na hAbhann. • Is léir go múinteoir den chéad scoth í agus lán sásta cabhrú le na leaids.

  21. Pic 4 • Tagann lá an chinniúna ar deireadh. • Lá an chomórtais atá ann. Cuireann an fógra fáilte roimh na hiomaitheoirí chuig comórtas cócaireachta uile Éireann do scoileanna. • Sa phictiúr feicimid triúr dalta ó ceithre scoileanna timpeall na tíre. • Ar na boird os a gcomhair amach tá meascán de gach saghas bia agus uirlisí cócaireachta. • Seasann an moltóir oifigiúil do TG4 ag féachaint anuas orthu go léir.

  22. Pic 5 • Tagann an comórtas chun críoch. • De réir cosúlachta buann ár dtriúr buachaill an chomórtas. • Gabhann an moltóir comhghairdeas leo agus molann sí an iarracht a thaispeáin siad chun cócaireacht trí Ghaeilge. • Déanann na ceamairí ó TG4 taifeadadh ar gach nóiméad.

  23. Pic 6 • Faigheann na buachaillí seic €1000 ón moltóir. • Gan amhras tá cuma brodúil agus áthasach orthu agus iad fós gléasta ina gcuid náprúin. • Sa dara radharc filleann na leaids ar ais ar an scoil agus gabhann an príomhoide comhghairdeas leo arís. • Féachann siad siar ar an clár ar TG4 faoin gcomórtas. • Is cinnte go bhfuil gach ball den pobal scoile brodúil astu.

  24. Ceisteanna • Cén sort comórtas atá ar siúl? • Cén duais a bhfaigheann na buachaillí? • Ar aon leis na hiarrthóirí cé eile atá i bpic 4? • Cén t-am a bhuaileann na daltaí leis an bpríomhoide? • Cá bhfuil an comórtas ar siúl? • Ca dhéanann an príomhoide i bpic a 6? • An raibh na buachaillí sásta ag an deireadh? • Cén bealach teilifíse a dhéanann urraíocht ar an gcomórtas? • Cé mhéad daltaí atá le feiscint i bpic 4? • Cé mhéad euro a bhfaigheann na buachaillí?

More Related