1 / 6

Féach ar na habairtí thíos a bhaineann le hoideachas in Éirinn. Cuir

Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé. Féach ar na habairtí thíos a bhaineann le hoideachas in Éirinn. Cuir in aice le gach abairt a bhaineann le hoideachas fadó agus in aice leis na habairtí a bhaineann le hoideachas an lae inniu, dar leat.

Download Presentation

Féach ar na habairtí thíos a bhaineann le hoideachas in Éirinn. Cuir

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Brú staidéir (múinteoir)Réamhphlé Féach ar na habairtí thíos a bhaineann le hoideachas in Éirinn. Cuir in aice le gach abairt a bhaineann le hoideachas fadó agus in aice leis na habairtí a bhaineann le hoideachas an lae inniu, dar leat. Níos deacra marc maith a bhaint amach san Ardteistiméireacht. Níos mó béime ar an scríbhneoireacht agus ar an léitheoireacht. Rogha ábhar agus cúrsaí an-leathan. Oideachas agus eolas níos fearr ag scoláirí ag deireadh an chórais oideachais. Oideachas foghlaimeoirlárnach. Caidreamh cothrom idir an múinteoir agus na foghlaimeoirí. Oideachas ildánach a bhfuil scileanna saoil mar chuid lárnach de. Níos mó áiseanna d’fhoghlaimeoirí faoi mhíchumas. Múinteoirí níos fearr agus níos oilte. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus abair leis/léi cén fáth ar roghnaigh tú amhlaidh.

  2. Brú staidéir (múinteoir) Réamhobair Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag caint faoi oideachas inniu agus oideachas san am a chuaigh thart. • Cad is brí leis na focail seo agus cén chanúint a mbaineann siad leo? Cén leagan atá agat féin? Ag meas Fóir Daofa Lear mór Siocair Drochbhail Scoltacha Nach méanar daoibh • Cad is brí leis na focail seo? Óige Ag fulaingt Bhur spreagadh Bhur ngríosú Réimse Daonna • Scríobh abairt amháin ag déanamh cur síos ar na téarmaí thíos. An Ardteistiméireacht Gairmchlár na hArdteistiméireachta An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

  3. Brú staidéir (múinteoir) Éisteacht 1 Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna. Cén post atá ag Noel? Cad atá le rá aige faoin oideachas agus faoin saol scoile nuair a bhí sé féin ar an scoil? Cén fáth a ndeir sé le scoláirí an lae inniu go bhfuil an t-ádh orthu? Éist leis an mír arís agus aimsigh an leagan a bhí ag an gcainteoir de na leaganacha thíos: ar shlí _____________________ measartha maith _____________________ nár oir _____________________ ceapaim _____________________ sásta _____________________ dubh dóite _____________________

  4. Brú staidéir (múinteoir) Éisteacht 2 • Líon na bearnaí leis an bhfoirm cheart de na focail idir lúibíní. A Noel, mar phríomhoide agus mar __________ (múinteoir) Gaeilge anois an bhfuil tusa ag meas go bhfuil brú níos mó ar an aos óg anois ná bhí ort féin nuair a bhí tú ag déanamh na hArdteiste? Bhuel, sílim ar dhóigh amháin go bhfuil níos lú brú ar __________ (daoine) óga. Sílim gur athraigh an córas oideachais go mór. Sílim nuair a bhí muidinne ar scoil, duine ar bith a bhí maith ar an scoil, duine ar bith a bhí cineál acadúil, go raibh saol maith go leor acu, ach bhí go leor scoláirí nár __________ (fóir) an córas oideachais daofa. Agus, ón taobh sin de sílim go raibh óige, droch-óige amach ag cuid __________ (mór) daoine óga agus sílim go bhfeicfimid sa tír seo san am atá i láthair ann, mar shampla, go bhfuil lear mór daoine ag fulaingt siocair an droch__________ (bail) a tugadh orthu ar an scoil. B. Éist leis an mír arís – an raibh an ceart agat? Cad a bhí ag an duine in aice leat? C. An féidir libh a rá cén fáth a dtagann na hathruithe úd ar na focail?

  5. Brú staidéir (múinteoir) Iarphlé1 Féach ar an nath cainte: Nach méanar duit! Cén Ghaeilge atá agat féin ar na nathanna Béarla seo? I’m so sorry. You poor thing. That’s awful! Are you ok? I’m devastated! You are lucky! Well done! I don’t believe it! Are you serious? I’m delighted! An féidir leat smaoineamh ar thrí eachtra mhaithe a tharla duit le bliain anuas, agus trí dhroch-eachtra? Abair amach iad leis an duine in aice leat!

  6. Brú staidéir (múinteoir) Iarphlé2 Bí ag obair i ngrúpaí: • Scríobhaigí sainmhíniú ar cad is oideachas ann, dar libh féin. • Breacaigí síos 5 phointe mhaithe faoin oideachas atá faighte agaibh féin go dtí seo. • Breacaigí síos 5 phointe olca faoin oideachas atá faighte agaibh féin go dtí seo. • An bhfuil aon athrú tagtha ar an gcóras oideachais le bhur linn, cad é? • Cad iad na buntáistí a bhaineann le scolaíocht bhaile, dar libh? Scríobh: Scríobh cuntas ar na difríochtaí atá idir an t-oideachas in Éirinn agus in aon tír eile a bhfuil cur amach agat uirthi.

More Related