1 / 38

Saol an Bhúda (cuid a hAon)

Saol an Bhúda (cuid a hAon). Bhí rí i réim in Kaipilveastu, ceantar suite i Neipeal, timpeall cúig céad bliain roimh Chríost. Suddhodana ab ainm dó agus bhí sé ina rí ar an treibh Shakya. Bhí a bhean Maya ar tí leanbh a bhreith.

halden
Download Presentation

Saol an Bhúda (cuid a hAon)

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Saol an Bhúda(cuid a hAon)

  2. Bhí rí i réim in Kaipilveastu, ceantar suite i Neipeal, timpeall cúig céad bliain roimh Chríost.

  3. Suddhodana ab ainm dó agus bhí sé ina rí ar an treibh Shakya.

  4. Bhí a bhean Maya ar tí leanbh a bhreith.

  5. Tugadh le fios do bhean chéile an rí go mbéarfadh sí páiste speisialta….

  6. …bheadh an páiste ina rialóir cumasach… ..nó ina fhear naofa…

  7. Bhí imní ar an athair go mbeadh a mhac ina fhear naofa mar bhí comharba uaidh…

  8. Mar sin rinne sé saol compordach dá mhac ag iarraidh é a mhealladh ón saol crábhaidh.

  9. Nuair a bhí Gautama 16 bliana, rinne an t-athair cleamhnas dá mhac le col ceathrair álainn darbh ainm Yasodhara.

  10. Rugadh leanbh don lánúin óg agus cheap an t-athair go mbeadh gach rud go breá as seo amach...

  11. ach bhí a mhac de shíor ag iarraidh air ligean dó féachaint ar an saol lasmuigh den phálás. … teastaíonn uaim an saol taobh amuigh den phálás a fheiceáil!

  12. An lá dá gcionn, chuaigh Gautama amach ar chapall lena sheirbhíseach, Channa.

  13. Ar dtús, chonaic Gautama seanfhear ag siúl na slí.. agus d’fhiafraigh sé de Channa… Cad tá cearr leis?

  14. Dúirt Channa leis gurbh é sin an tsean-aois agus go dtagann sin chuig cách. Sin an tseanaois, a mháistir… éiríonn gach duine sean…

  15. Ansin stop siad in aice le fear tinn…

  16. Cad tá cearr leis siúd, Channa?

  17. Tá sé tinn, a mháistir… agus is féidir le gach duine bheith tinn…

  18. Ina dhiaidh sin chonaic Gautama mórshiúl sochraide agus ….

  19. ..thuig sé gur phróiseas síoraí é agus gur tháinig na daoine ar ais arís agus arís eile go dtí an saol cráite seo.

  20. Faoi dheireadh chonaic Gautama fear ag iarraidh déirce ar thaobh an bhóthair.

  21. Deir Channa leis gur thug an fear gach rud suas mar bhí sé ar lorg na fírinne.

  22. Oíche ina dhiaidh sin, fágann Gautama slán lena bhean agus lena mhac óg.

  23. Malartaíonn sé a chuid éadaí le bochtán. Téann sé ar lorg na fírinne spioradálta.

  24. I dtosach báire, séanann sé deoch agus bia mar a rinne a lán fear agus ban naofa san aimsir sin

  25. Éiríonn Gautama chomh tanaí le duilleog eidhinn agus is beag nach bhfaigheann sé bás ón ocras agus ón tart.

  26. Ar ábharaí an tsaoil, tagann bean óg chuige agus tugann sí babhla ríse dó.

  27. Nuair a fheiceann lucht leanúna go bhfuil Gautama éirithe as an tréanas righin, tréigeann siad é…

  28. Lá amháin feiceann Gautama fear ceoil ag tiúnadh a shiotáir…

  29. …nuair a bhí an tsreang ró-theann briseadh é… agus nuair a bhí sé ró-scaoilte, ní raibh aon fhuaim le cloisteáil.

  30. …ach nuair nach raibh sé ró-theann nó ró-scaoilte, fuarthas an fhuaim cheart.

  31. Thug Gautama ‘An Bealach Láir’ air sin.

  32. Shuigh Gautama Siddhartha faoi chrann agus thosaigh sé ag machnamh.

  33. Chaith Mara, diabhal na hintinne, saigheada leis…..

  34. ach rinne Gautama bláthanna díobh…..

  35. Ansin sheol Mara a thriúr iníonacha lena mhealladh agus lena chur amú… ach chuir Gautama an ruaig orthu…

  36. agus ansin chuir Mara tromluithe agus físeanna uafásacha ina threo…

  37. Ach níor chuir siadsan aon imní, fearg ná buairt ar Gautama… Bhí Gautama ina dhuine dúisithe, ina Bhúda agus léargas iomlán bainte amach aige.

  38. Deireadh le cuid a haon

More Related