1 / 21

An Fhoireann ag cruthú go hiontach

An Fhoireann ag cruthú go hiontach. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Mí Mheán Fómhair a bhí ann. Bhí imreoirí ag teastáil don tSraith Iomána. Cheap Pádraig go raibh sé spéisiúil. Labhródh Pól leis an Uasal Ó Broin faoi. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.

totie
Download Presentation

An Fhoireann ag cruthú go hiontach

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Fhoireann ag cruthú go hiontach www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Mí Mheán Fómhair a bhí ann. • Bhí imreoirí ag teastáil don tSraith Iomána. • Cheap Pádraig go raibh sé spéisiúil. Labhródh Pól leis an Uasal Ó Broin faoi. www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Mí Mheán Fómhair a bhí ann. • Bhí beirt chara, Pádraig agus Pól ag crocadh thart Coláiste Eoin le chéile. • Thug siad an fógra faoin tSraith Iomána faoi deara. Fógraíodh go raibh imreoirí nua uathu. • Cheap Pádraig go mbeadh sé spéisiúil agus go raibh suim aige triall a bhaint as. • Dúirt Pól go labhródh sé leis an Uasal Ó Broin faoi. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do phictiúr a Dó • D’iarr na buachaillí ar a chéile an raibh aon spéis acu san fhoireann. • Bhí spéis acu ann. Bhí dhá lá traenála tar éis scoile dar leis an múinteoir. • “Cén t-am a bheidh sé ar siúl”, arsa Pól leis an múinteoir. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Labhair siad lena chéile faoi. • D’iarr Pádraig ar Phól an raibh suim aige ann. • Ba léir go raibh an-suim ag an mbeirt acu triail a bhaint as. • Chuaigh siad chun labhairt leis an Uasal Ó Broin. • Dúirt Pádraig leis gur mhaith leis an mbeirt acu triail a bhaint as an iománaíocht an bhliain sin. • Dúirt an tUasal Ó Broin leo go mbeadh sé ar siúl dhá lá i ndiaidh scoile. Thug sé an t-am dóibh freisin. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Bhí traenáil ar siúl ar an bpáirc. • Mí Aibreáin a bhí ann.Bhí bliain iontach ag an bhfoireann dar leis an Uasal Ó Broin. • Shroich an fhoireann an chraobh. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ba thraenáil chrua é ach b’fhiú go mór é. Chuir gach duine ar an bpainéal an-iarracht isteach san iománaíocht an bhliain sin. • D’éirigh thar cionn leo. • Bhí an-obair curtha isteach ag an bhfoireann dar leis an Uasal Ó Broin agus d’éirigh leo áit a fháil sa chraobh. • Bhí na himreoirí ar fad ar mhuin na muice. • Ní raibh siad sásta an seans seo a chailliúint. Mar a deir an seanfhocal ‘buail an t-iarann fad is atá sé te’. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Bhí busanna eagraithe don chraobh. • Bhí siad ag fágáil ar a dó a chlog. • Bhí siad eagraithe chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Eagraíodh busanna don chraobh. • Bhí suim ag formhór na ndaltaí freastal ar an gcluiche chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann. • Bhí atmaisféar iontach ar scoil de bharr na craoibhe. • Fágadh na busanna thart ar a dó a chlog. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Bhí dhá chúl agus ocht gcúilín ag Coláiste Eoin agus bhí dhá chúl agus sé chúilín ag Coláiste Phádraig. • Bhuaigh Coláiste Eoin. • Thug siad an corn dóibh www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Cluiche ceannais iontach a bhí ann. Ní raibh tada idir an dá fhoireann. • Bhí ríméad an domhain ar gach duine ó Choláiste Eoin nuair a d’éirigh leo sa chluiche. • An scór deiridh a bhí ann ná dhá chúl agus ocht gcúilín ag Coláiste Eoin agus bhí dhá chúl agus sé chúilín ag Coláiste Phádraig. • Bronnadh an corn ar chaptaen Choláiste Eoin. Chuaigh lucht tacaíochta na scoile sin i bhfiáin nuair a ardaíodh an corn. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Dúirt an príomhoide leo go raibh siad ar fheabhas agus go raibh moladh tuillte acu. • Bhí cóisir mhór eagraithe acu. • Bhí áthas an domhain orthu. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Labhair an príomhoide leis an bhfoireann an lá dár gcionn. Dúirt sé leo go raibh siad go hiontach agus go raibh moladh mór tuillte acu. • Ghabh sé buíochas leis an Uasal Ó Broin as ucht a dhúthrachta leis an bhfoireann agus dúirt sé leo go mbeadh cóisir acu níos déanaí an tseachtain sin. • Bhí bród an domhain ar an bhfoireann agus smaoinigh siad ar an seanfhocal ‘an té a chuireann san earrach bainfidh sé san fhómhar’, cé go raibh séasúir dhifriúla dóibh. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Céard a bhí ag teastáil don tSraith Iomána i bPictiúr a hAon? • Cé mhéad lá a bhí an traenáil tar éis scoile? • Céard a shroich an fhoireann? • Céard a bhí eagraithe don chraobh i bPictiúr a Ceathair(Lár ar dheis)? • Cén t-am a bhí na busanna ag fágáil? • Cén scór a bhí ann ag deireadh an chluiche? • Cad a dúirt an príomhoide leis an bhfoireann ag an scoil i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie

More Related