1 / 6

Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1

Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1 . Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe. . Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2 .

galvin
Download Presentation

Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1 Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe.

  2. Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2 • Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na focail thíos a bheidh le cloisteáil sa mhír. An bhfuil siad ar eolas agaibh? • go léir ócáidí speisialta • saoire thaitneamhach ócáidí brónacha • imeachtaí tábhachtacha i bhfad i gcéin • formhór dúnmharú • tuirling An Dara Cogadh Domhanda an buama adamhach eachtraí • na céadta bliain ag éirí aníos • Cad a dhéanann tú nuair nach bhfuil focal ar eolas agat? Ceist a chur ar an múinteoir? Dul i muinín foclóra? Seo thíos cúpla pointe chun cabhrú leat focal nach bhfuil ar eolas agat a aimsiú: • An bhfuil an focal cosúil le haon fhocal atá ar eolas agat i dteanga eile, mar shampla: seic agus cheque? • An bhfuil an focal san uatha nó san iolra, mar shampla: tábla agus táblaí? • Má tá ceannlitreacha ar an bhfocal, b'fhéidir gur imeacht nó duine tábhachtach atá ann, mar shampla: An tUachtarán nó An Gorta Mór. • Féach an bhfuil aon chuid den fhocal atá cosúil le focal eile, mar shampla: fótachóip. • An briathar é an focal?

  3. Ábhair scoile sa saol Éisteacht Éist leis an mír anois agus freagair na ceisteanna. Tugann an cainteoir samplaí éagsúla dúinn den stair. Breac síos cúpla sampla faoi na teidil thíos: Ócáidí Pearsanta _________________________________________________________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 60í _________________________________________________ _________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 40í _________________________________________________ _________________________________________________ Cén sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair ag deireadh na míre? Éist leis an mír arís agus breac síos cad a tharla le linn na mblianta seo: 1963: 1969: 1935: 1945: Mínigh difríocht amháin idir an Béarla agus an Ghaeilge sna samplaí seo ón mhír: imeachtaí tábhachtacha vs important events buama adamhach vs atomic bomb

  4. Ábhair scoile sa saol Iarphlé 1 Rólghníomhaíocht Duine 1 Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an _____________. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir _____________. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na _____________ ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus _____________; léarscáileanna agus _____________. Ní thaitníonn _____________ liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, _____________ focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí?

  5. Ábhair scoile sa saol Iarphlé 2 Rólghníomhaíocht Duine 2 Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh _____________. Is breá liom _____________ ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla _____________ agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. _____________ liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid _____________ ailgéabar, ar _____________ agus ar gheoiméadracht agus a lán eile.

  6. Ábhair scoile sa saol Iarphlé 3 Ról A Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Is breá liom na teangacha ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla líofa agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. Is maith liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid staidéar ar ailgéabar, ar staitisticí agus ar gheoiméadracht agus a lán eile. -------------------------------------------------------------------------- Ról B Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an tíreolaíocht. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir an-mhaith. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na tíortha ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha; léarscáileanna agus grianghraif. Ní thaitníonn an Fhraincis liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, ní thuigim focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí?

More Related