1 / 37

Gaeilge An Bhéaltriail 150 marc (25%)

Gaeilge An Bhéaltriail 150 marc (25%) Cluastuiscint 120 marc (20%) Páipéar 1 220 marc (37%) Páipéar 2 110 marc (18%) Iomlán 600 marc (100%). Páipéar 1.

edric
Download Presentation

Gaeilge An Bhéaltriail 150 marc (25%)

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Gaeilge An Bhéaltriail 150 marc (25%) Cluastuiscint 120 marc (20%) Páipéar 1 220 marc (37%) Páipéar 2 110 marc (18%) Iomlán 600 marc (100%)

  2. Páipéar 1 Páipear 1 220 marc (37%) Fad - 140 nóiméad 5 nóiméad ag tús chun an pháipéir a léamh. 5 nóiméad ag deireadh ar mhaithe le seiceáil. Ceist 1 – Ceapadóireacht Giota Leanunach Scéal Litir Comhrá 2 cheann le déanamh as 4 60 marc do gach ceist 35 nóiméad do gach ceist Ceist 2 – Léamhthuiscint 2 cheann le déanamh 50 marc do gach ceist nóiméad do gach ceist Déan an cheist seo ar dtús. Gheobhaidh tú neart gaeilge ón dtéacs!

  3. Páipéar 2 • Páipéar 2 110 marc (18%) • Fad - 140 nóiméad 5 nóiméad ag tús chun an pháipéir a léamh. 5 nóiméad ag deireadh ar mhaithe le seiceáil. Ceist 1 – Prós Ainmnithe Dhá cheist le freagairt (a) & (b) An Cearrbhach Mac Cába An Bhean Óg Lig sinn i gCathú Fiche bliain ag fás Clare sa spéir Ceist 2 – Filíocht Ainmnithe Dhácheist le freagairt (a) & (b) Gealt Jack Nílaonní Bímsebuanarbuairtgachló Faoiseamh a gheobhadsa Ceist (a) (35 mharc) 40 nóiméad – 1 lth. Ceist (b) (20 marc) 25 nóiméad – ¾ lth. Ceist (a) (35 mharc) 40 nóiméad – 1 lth. Ceist (b) (20 marc) 25 nóiméad – ¾ lth.

  4. An scrúdú cainte Léitheoireacht 30 marc Cumas agus stór Gaeilge 120 marc 150 marc 25%

  5. 1 • Tús an scrúdaithe • Cur in aithne • Ainm • Sloinne • Aois • Dáta breithe

  6. Cur in aithne Dia Duit Dia is Muire duit Conas atá tú? / Cén chaoi a bhfuil tú? Táim ar fheabhas/ néirbhíseach. Ní gearánta dom, buíochas le Dia. Cad is ainm/sloinne duit? Síle is ainm dom. Hello Hello (reply) How are you? I am excellent/ nervous. I can’t complain, thank God. What is your name/surname? Síle is my name.

  7. Cén aois tú? Dáta breithe Rugadh mé ar an… Suigh síos. Sínigh é seo le do thoil. What age are you? Date of birth I was born on the… Sit down Sign this please

  8. Cómhra Samplach Scrúdaitheoir: Dia duit! Tusa: Dia is Muire duit. Conas atá tú? Ní gearánta dom buíochas le Dia. Cad is ainm duit? Séan is ainm dom. Cad is slionne duit? Ó Murchú is sloinne dom. Cen aois tú? Táim seacht mbliana déag d’aois.

  9. Cathain a rugadh tú? Rugadh mé ar an gceathrú lá de mhí Lúnasa míle naoi gcéad ochtó ocht. Go maith! Anois, an bhfuil d’uimhir scrúdaithe ar eolas agat? Tá, go deimhin. Is e m’uimhir ná 0387992. Maith thú! Anois, inis dom, céard iad na sleachta atá ullmhaithe agat? Sliocht 1,5,7,8 agus 9.

  10. Mo chlann Réitím go maith leis/leí – I get on well with him/her. Bímíd i gcónaí ag argóint – We are always arguing Cuireann sí isteach orm- She annoys me Tacaíonn sé liom – He supports me Stór focal: tuismitheoirí - parents daideo - grandad mamó - granny colceathrar - cousin aintín - aunt uncail - uncle nia - niece neacht -nephew deirfiúracha -sisters deartáireacha - brothers ollscoil – university tharlear - abroad

  11. Na hUimhreachaPearsanta duine beirt triúr ceathrar cúigear seisear seachtar ochtar naonúr deichniúr bliain2 = dhábhliain 3 = tríbliana4 = ceithrebliana5 = cúigbliana6 = sébliana 7 = seachtmbliana8 = ochtmbliana9 = naoimbliana10 = deichmbliana déag is fiche

  12. Cé mhéad duine atá i do theaghlach? Tá cúigear i mo theaghlach, mé féin, mo thuismitheoirí, deirfiúr amháin agus deartháir amháin. Is í Síle an duine is sine sa chlann. Tá sí trí bliana is fiche d’aois. Is é Pól an duine is óige sa chlann. Tá sé deich mbliana d’aois. Tagaim i lár baill. • Cad atá á dhéanamh acu? Tá Síle ag obair mar chuntasóir in oifig i lár na cathrach. Ní chónaíonn sí sa bhaile faoi láthair. Tá árasán aici lena cairde i lár na cathrach. Tá mo dheartháir ag freastal ar mbunscoil áitiúil. • Conas a réitíonn tú leo de ghnáth? Reítím go maith le Síle ach cuireann Pól isteach orm mar tá sé an-pháistiúil. Bímid ag troid ó am go chéile mar ghoideann sé mo dhluthdhoiscaí agus tosaíonn argóintí i gcónaí maidir leis an teilifís!

  13. Inis dom… • Cé mhéad duine atá i do theaghlach? • Cad atá á dhéanamh acu? • Conas a réitíonn tú leo de ghnáth?

  14. Cén sórt duine iad? Tréithe pearsanta cneasta/cineálta – kind éirimiúil – intelligent cairdiúil – friendly dílis – loyal macánta – honest mímhacánta – dishonest cliste – clever réchúiseach – easy-going gealgháireach – cheerful díograiseach – diligent greannmhar- funny leithleasach – selfish cabhrach – helpful cantalach - cranky Is duine __________ mé/é/í

  15. Inis dom faoi do thuismitheoirí.. • tógálaí – builder cuntasóir – accountant poitigéir – pharmacist eolaí – scientist rúnaí – secretary dearthóir faisin – fashion designer scríbhneoir – writer iriseoir – journalist síceolaí – psychologist aisteoir - actor innealtóir – engineer tréidlia – vet dlíodóir- solicitor ailtire- architect meicneoir- mechanic bainisteoir bainc – bank manager máinlia – surgeon stát seirbhíseach – civil servant

  16. Inis dom faoi do thuismitheoirí. Is múinteoir bunscoile í mo mháthair. Ta a lán cúraimí (responsibilities) uirthi. Múineann sí rang a trí sa bhunscoil áitiúil. Is breá leí an post sin mar ta sé an-sásúil. Is dochtúir é m’athair. Oibríonn sé in ospidéal Naomh Eoin. Oibríonn se ó dhubh go dubh. Is eol don saol gur post dúshlánach (challenging), tuirsiúil, deacair é post an dochtúra. Ina theannta sin, tá na huaireanta oibre an-mhíshóisialta. É sin raite, is breá leis a phost!

  17. An gcabhraíonn tú le hobair an tí? Cabhraím, cinnte! Tá a bpostanna féin ag gach duine dínn. Táim féin freagrach as mo sheomra a ghlanadh agus na gréithe a ní. I rith an tsamhraidh bainim an féar freisin. An bhfuil aon pheataí agat? Tá peata amháin agam, madra darb ainm Mickey, agus tá iasc órga ag mo dheartháir óg.

  18. Mo Theach teach scoite – detached house teach leathscoite –semi-detached house teach dha stór – two storey house bungaló – bungalow árasán – apartment eastát tithíochta – housing estate faoin tuath – in the country cois farraige – beside the sea i lár an bhaile – in the middle of the town ar imeall an bhaile – on the edge of the town

  19. 1. Cá bhfuil tu i do chónaí? Táim i mo chónaí i gcontae na Mí 2. Cá bhfuil do theach suite? Tá mo theach suite in eastát tithíochta i nDún Bóinne. 3. Déan cur síos ar an teach dom. Is teach leathscoite dhá stór é. Is aoibhinn liom mo theach agus tá mo sheomra féin agam. 4. Cad iad na seomraí sa teach? Thíos staighre tá halla, leithreas beag, seomra teilifíse, seomra bia agus cistín mhór. Thuas staighre tá seomra folctha, cófra te agus ceithre sheomra codlata: ceann do mo thuismitheoirí, ceann dom féin, ceann do mo dheirfiúr óg agus ceann breise le haghaidh cuiarteoirí.

  20. M’áit chónaithe páirc(eanna) imeartha – playing field(s) galfchúrsa – golf course cúirt(eanna) leadóige – tennis court(s) tá sé suite – It is situated ionad phobail – community centre ollmhargadh – supermarket teach tábhairne – pubs fadhb an bhruscair – problem of rubbish fadhb na ndrugaí – problem of drugs fadhb an óil –problem of drink dífhostaíocht - unemployment ceantar – area áiseanna – facilities linn snámha- swimming pool amharchlann – theatre pictiúrlann – cinema leabharlann – library ionad spóirt – sports centre ionad siopadóireachta – shopping centre meánscoil – secondary school bunscoil – primary school bialann(a) –restaurant(s)

  21. An maith leat do cheantar dúchais? Is maith liom an ceantar mar tá sé síochanta agus glan. Chomh maith leis sin tá muintir an cheantair an-chairdiúil. • An bhfuil mórán áiseanna i d’áit dhúchais? Toisc go bhfuil mé i mo chónaí i lár an bhaile tá a lán áiseanna ar fáil anseo, mar shampla, pictiúrlann le sé scáileán (6 screens), cúpla teach tábhairne, bialann Iodálach agus bialann Síneach, ionad spóirt nua, cúpla scoil, páirceanna imeartha agus a lán siopaí. iargúlta- remote gnóthach – busy ciúin – quiet síochánta/ suiaimhneach –peaceful leadránach – boring dainséarach – dangerous glan - clean

  22. 3. Cad iad na siopaí ata sa cheantar?Tá ollmhargadh, siopa poitigéara, siopa crua-earraí agus siopa nuachtán. Cad atá le déanamh sa bhaile? Caithfidh mé a admháil (I have to admit) go bhfuil a lán clubanna agus cumann ar fáil sa bhaile, cuir i gcás club sacair, club na n-óg agus club rugbaí. siopabrógsiopaspóirtsiopaceoilsiopaéadaísiopabréagánsiopaleabhar Club leadóige – Tennis club Club damhsa – dance club Cumann Lúthchleas Gael – GAA Cumann drámaíochta – drama societyCumann ceoldrámaíochta – musical society

  23. suimiúil – interesting • deacair – difficult • éasca - easy • spreagúil - inspiring leadránach – boring rialacha – rules príomhoide – principle leas-phríomhoide – vice-principle ceaintín scoile – school canteen An Scoil ag freastal ar – attending bunscoil – primary school meánscoil – secondary school ollscoil - university scoil chónaithe – boarding school scoil measctha – mixed school comhairle na ndaltaí – students’ council cinnire – prefect

  24. Cén scoil ina bhfuil tú? Táim ag freastal ar scoil Ghramadaí Dhún Dhealgan. 2. Cén sórt scoile í? Is scoil measctha í agus tá thart ar cúig chéad dalta sa scoil. 3. An maith leat an scoil? Is breá liom an scoil mar tá na múinteoirí an-chneasta, cabhrach (helpful) agus tuisceanach (understanding). Chomh maith leis sin tá a lán ábhar ar fáil sa scoil seo. 4. Cé mhéad ábhar a dhéanann tú féin? Déanaim seacht n-ábhar, Gaeilge, ar ndóigh, Béarla, Fraincis, matamaitic, ceimic, cuntasaíocht agus ealaín.

  25. 1. Cén t-ábharscoile is fearr leat? Is fearr liom an Fhraincis thar aon ábhar ar bith eile, mar tá sé an-suimiúil agus tá múinteoir iontachagainn. 2. Inis dom faoi na rialacha sa scoil. Tá siad an-dian ar smacht anseo. Tá cosc ar ghruaig dhaite (coloured hair), ar an bhfón póca a úsáid, ar smideadh (make-up), ar thobac nó drúgaí nó alcól agus ar bhróga reatha (runners) a chaitheamh. 3. An bhfuil a lán áiseanna sa scoil? Tá cinnte! Tá neart seomraí ranga sa scoil chomh maith le halla staidéir, seomra ríomhaire, leabharlann bheag, saotharlann eolaíochta, seomra ealaíne, agus seomra ceoil. Ina theannta sin, tá an t-ádh linn go bhfuil halla spóirt agus dhá chúirt leadóigeagus páirceannahacasa scoil freisin.

  26. An gcaitheann sibh éide scoile? Caithimid, ach is fuath liom é mar ta sé sean-aimseartha (old-fashioned)! Ach ag an am céanna toisc go gcaitheann gach éinne an chulaith chéanna níl aon idirdhealú (distinction) idir na daltaí agus is maith an rud sin. • Déan cur síos ar an gculaith scoile dom. Caithimid sciorta ildaite (multi-coloured), léine bhán, carbhat ildaite, geansaí glas, stocaí bána agus bróga dubha. Corcra – purpledonn – browndúghorm – navy bándearg – pinkliath – grey dubh - black

  27. Conas a thagann tú ar scoil gach lá? Tagaim ar an mbus gach lá mar tá mé i mo chónaí faoin tuath. • Inis dom faoi gnáthlá scoile. Éirím ar leathuair tar éis a seacht de ghnáth. Fágaiman teach tar éis mo bhricfeasta a ithe. Siúlaim go dtí stad an bhus. Faighim an bus ar deich tar éis a hocht agus sroichim an scoil ar leathuair tar éis a hocht. Buailim le mo chairde ansin sa locair scoile agus téimid go dtí an halla tionól ar a deich chun a naoi. Tosaíonn an chéad rang ar a deich tar éis a naoi a chlog. Faighimid sos ar a haon déag agus lón ar a deich tar éis a haon. Críochnaíonn an lá scoile ar a deich chun a ceathair a chlog.

  28. 3. Cad a dhéanann tú gach lá tar éis scoile? Críochnaíonn scoil ar a ceathair a chlog. Buailim le mo chairde sa chaifé. Uaireanta téim go dtí an halla staidéir ar feadh cúpla uair. Ina dhiadh sin téim abhaile ar an mbus. Sroichim an teach ar a seacht a chlog. Ithim mo dhinnéar agus tógaim sos ar feadh uaire chun féachaint ar an teilifís. Déanaim níos mó staidéir ansin agus téim a luí ar a deich a chlog.

  29. An idirbhliain • An ndearna tú an idirbhliain? Rinne mé cinnte. Tá an bhliain sin éigeantach (compulsory) sa scoil seo agus caithfidh mé a adhmháil gur bhain me taitneamh agud tairbhe (benefit) as! • Cad é an rud is fearr a rinne tú i rith na bliana? Bhí deis againn dul ar thaithí oibre ar feadh coicíse. Chuaigh mé féin chuig oifig dlíodóra den chéad uair agus thaitin sé go mór liom. Chabhraigh mé leis an rúnaí i dtosach maidir le ghnáth-obair oifige agus ansin chuaigh mé os comhair na cúirte leis an dlíodóir agus chonaic mé í i mbun oibre.

  30. An ndearna sibh aon rud eile suimiúil? Chuireamar an ceoldhráma West Side Story i láthair agus ghlac mise an phríomhpháirt. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcéad oíche, bhí mé an- neirbhíseach ach de réir mar a chuaigh an tseachtain ar aghaidh, chuaigh mé i dtaithí air (I got used to it). Bhí mo theaghlach ar fad an-bhródúil asam.

  31. Caithimh Aimsire rugbaí – rugby sacar – soccer peil ghaelach – gaelic iománaíocht – hurling camógaíocht – camogie haca – hockey cispheil – basketball leadóg – tennis badmantan – badminton gleacaíocht - gymnastics Tacaím le – I support na tosaithe – the forwards na cúlaithe – the backs bonn óir – gold medal bonn airgid – silver medal bonn cré-umha – bronze medal lucht féachanna - audience faoiseamh - relief éalú ó bhrú – escape from pressure

  32. An bhfuil suim agat i spórt? Tá an-spéis agam i spórt. Imrím haca le foireann na scoile agus leis an bhfoireann áitiúil. Téim ag traenáil dhá uair in aghaidh na seachtaine. De ghnáth bíonn cluiche againn ar an Domhnach. • Ar bhuaigh sibh aon chomórtas mór riamh? Anuraidh bhí foireann na scoile ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann. Bhí an cluiche ar siúl i mBaile Átha Cliath. D’imríomar in aghaidh Coláiste Wesley. Bhíomar ar chomhscór ag leath am ach le linn an dara leath, fuair Míchael cúl agus bhí an bua againn!

  33. Cad í an foireann sacair/peile is fearr leat? Tacaím le Man Utd. Is foireann den scoth iad, dar liom. Tá siad sa chéad áit sa tsraith (league) faoi láthair. • An raibh tú riamh ag cluiche mór? Bhí an t-ádh dearg liom anuraidh mar chonaic mé iad ag imirt i gcoinne Chelsea in Old Trafford. Thug m’athair an ticéad dom do mo bhreithlá. Bhain mé an taitneamh as an gcluiche.

  34. Léitheoireacht leabhair bhleachtaireachta- detective books leabhair fhicsean eolaíochta – science fiction books leabhair eachtraíochta – adventure books úrscéalta rómánsúla – romance novels leabhair uafáis – horror books greannán – comic iris - magazine filíocht – poetry úrscéal - novel dírbheathaisnéis/beathaisnéis – autobiography/ biography • An bhfuil suim agat i léitheoireacht? Tá suim mhór agam i léitheoireacht. • Cén sórt leabhair is fearr leat? Is aoibhinn liom leabhair bhleachtaireahta toisc go bhfuil siad suimiúil agus tugann siad ealú dom ón staidéar.

  35. An bhfuil tú i do bhall den leabharlann? Táim, cinnte! Is minic a théim chuig an leabharlann chun leabhair a fháil ar iasacht (on loan). Tá réimse leathan leabhair ann ar fáil ann! Nuair a bhíonn sé ag stealladh báistí is bhreá liom a bheith i mo shuí os comhair na tine agus mé sáite (engrossed) i leabhar éigin. • Cad é an leabhar deireanach a léigh tú? Is é an leabhar deireanach a léigh mé ná ‘The Da Vinci Code’. Bhí sé bunaithe ar bhleachtaire a bhí ag fiosrú dúnmharú (investigating a murder). Scríobh Dan Brown an leabhar. Bhí sé spreagúil agus suimiúil, dar liom. taitneamhach – enjoyable corraitheach – moving réadúil – realistic spreagúil - exciting

  36. Scannánaíocht scannáin bhleachtaireachta – detective films scannáin fhicsean eolaíochta – science fiction films scannáin eachtraíochta- adventure films scannáin rómansúla – romance films scannáin uafáis – horror films scannáin ghrinn – comedies scannáin ghrinn rómánsúla – romantic comedy • An dtéann tu go dtí an phictiúrlann go minic? Téim, cinnte! De ghnáth téim le mo chairde oíche Dé hAoine. • Cén sórt scannáin is fearr leat? Is fearr liom scannán fhicsean eolaíochta. Ta an-suim agam i scannáin.

  37. Cad é an scannán deireanach a chonaic tú? Chonaic mé an scannán ‘The King’s Speech’ le deanaí. Is scannán stairiúil é atá suite in am réim Rí George VI i Sasana. • Cé a bhí ag aisteoireacht ann? Bhí Colin Firth ag aisteoireacht ann. Is aisteoir den scoth é. Tá súil agam go mbuafaidh sé duais Oscar mar ceapaim go bhfuil sé tuillte (earned) aige. • Ar thaitin an scannán leat? Bhí an scannán ar fheabhas. Bhí sé corraitheach (moving) agus réalaíoch mar scannán. Bhain mé an-sult as.

More Related