1 / 12

16. Seó Faisin sa Scoil

16. Seó Faisin sa Scoil. Ceisteanna : Cá raibh na cailíní? Cén bhliain ina raibh siad? Cad a bhí ar siúl acu? Cé a bhí ag caint leo? Cén fhadhb a bhí ag an scoil? Cad ba mhaith leo ceannach? Cén sórt smaointe a bhí ag na cailíní?. Freagraí :. Bhí na cailíní sa seomra caidrimh ar scoil

binta
Download Presentation

16. Seó Faisin sa Scoil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 16. Seó Faisin sa Scoil Ceisteanna: Cá raibh na cailíní? Cén bhliain ina raibh siad? Cad a bhí ar siúl acu? Cé a bhí ag caint leo? Cén fhadhb a bhí ag an scoil? Cad ba mhaith leo ceannach? Cén sórt smaointe a bhí ag na cailíní? Freagraí: Bhí na cailíní sa seomra caidrimh ar scoil Bhí siad sa séú bliain Bhí siad ag ól tae agus caifé agus ag caint le chéile Bhí múinteoir / ceann na bliana ag caint leo Bhí ganntanas airgid ag an scoil Ba mhaith leo ríomhairí nua a cheannach Smaoinigh siad ar chrannchur, seó faisin, ceolchoirm agus siúlóid Foghraíocht: seomra caidrimh ganntanas airgid crannchur lack of money Friotal: ganntanas airgid

  2. Ceisteanna: Cad a tharla níos déanaí? Cad a cheap sí faoi na smaointe? Cad a roghnaigh sí le déanamh? Cén phleanáil a bhí le déanamh acu? Freagraí: Tháinig an múinteoir ar ais níos déanaí (chun éisteacht lena smaointe) Cheap sí go raibh na smaointe go hiontach Roghnaigh sí an seó faisin Bhí an áit, am agus éadaí le pleanáil acu Foghraíocht: níos déanaí later Friotal: níos déanaí

  3. Ceisteanna: Cad a bhí ar an mballa? Cad air a raibh na cailíní ag féachaint? Cá raibh an seó faisin ar siúl Freagraí: Bhí póstaer ar an mballa Bhí siad ag féachaint ar phóstaer Bhí sé i halla na scoile

  4. Ceisteanna: Cá ndeachaigh na cailíní? Cad ab ainm do na siopaí éadaí? Cad a bhí á lorg acu? An raibh na siopadóirí sásta cabhrú leo? Ar thug na siopadóirí cabhair dóibh? Freagraí: Chuaigh siad go dtí siopaí éadaí Scoth na bhFaisean agus Teach Faisin ab ainm dóibh Bhí siad ag lorg éadaí don seó faisin Bhí siad sásta cabhrú leo Foghraíocht: Scoth na bhFaisean

  5. Ceisteanna: Cé a bhí ag siúl ar an ardán? Cad a bhí ar siúl ag an sos? Cé mhéad a bhí ar thicéid don chrannchur? Cén sórt duaiseanna a bhí ar fáil? Freagraí: Bhí na mainicíní ag siúl ar an ardán Bhí crannchur ag an sos Bhí cúig euro ar na ticéid Bhí duaiseanna iontacha ar fáil Foghraíocht: mainicín model Friotal: mainicín

  6. Ceisteanna: Cé a bhí ag caint ag deireadh an tseó? Cé ar thug sí buíochas dóibh? Cad a dhéanfaidh na ríomhairí, dar léi? Freagraí: Bhí an príomhoide ag caint ag deireadh an tseó Thug sí buíochas don séú bliain, do na tuismitheoirí agus don phobal a thug cabhair dóibh Cuirfidh na ríomhairí feabhas ar an oideachas acu

  7. 16. Seó Faisin sa Scoil Bhí Máire agus a cairde sa seomra caidrimh ar scoil Bhí siad ag ól tae agus caifé agus ag caint le chéile Tháinig ceann na bliana isteach Thosaigh sí ag caint leo Bhí ganntanas airgid ag an scoil agus ba mhaith leo ríomhairí nua a cheannach D’iarr sí ar na cailíní smaoineamh ar conas airgead a shaothrú don scoil Bhí a lán smaointe ag na cailíní Smaoinigh siad ar chrannchur, seó faisin, ceolchoirm, siúlóid agus go leor eile

  8. Tháinig an múinteoir ar ais níos déanaí chun éisteacht lena smaointe Cheap sí go raibh a gcuid smaointe go hiontach Faoi dheireadh shocraigh siad ar seó faisin a chur ar siúl Bhí a lán pleanáil le déanamh acu ansin Bhí orthu áit, am agus éadaí a phleanáil Thosaigh na cailíní ag smaoineamh ar na siopaí éadaí sa cheantar Smaoinigh siad ar chabhair a fháil ó na tuismitheoirí freisin

  9. Chuir na cailíní póstaeir ar fud na háite faoin seó Bhí na daltaí eile sa scoil ag féachaint ar na póstaeir Bhí an seó faisin le bheith i halla na scoile Dé hAoine Bhí sé le tosú ag a hocht a chlog Bhí deich euro mar chead isteach

  10. Idir an dá linnchuaigh na cailíní go dtí na siopaí éadaí sa cheantar Chuaigh beirt acu go dtí an siopa ‘Scoth na bhFaisean’ Bhí siad ag lorg éadaí ar iasachtdon seó faisin Bhí an siopadóir lán-sásta cabhrú leo Chuaigh beirt eile go dtí an siopa ‘Teach Faisin’ Bhí an siopadóir sin an-chabhrach freisin Bhí áthas an domhain ar na cailíní

  11. Faoi dheireadh tháinig lá an tseó Bhí sceitimíní ar na cailíní ar fad Buíocas le Dia bhí slua mór ag an seó i halla na scoile Thosaigh na mainicíní ag siúl suas agus síos an ardáin Thug gach duine bualadh bos mór dóibh Bhí crannchur ar siúl ag an sos Chosain na ticéid cúig euro Bhí duaiseanna iontacha ar fáil agus cheannaigh a lán daoine ticéid

  12. Ag deireadh an tseó tháinig an príomhoide amach ar an ardán Thug sí buíochas do na cailíní ar fad ón séú bliain Thug sí buíochas do na tuismitheoirí agus na daoine ón bpobal a chabhraigh leo freisin ar ndóigh D’éirigh go hiontach leis an seó Bhí go leor airgead acu ríomhairí nua a cheannach Dúirt sí go mbeadh feabhas ar an oideachas acu anois

More Related