1 / 21

Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Lá breá samhraidh a bhí ann. Bhí grúpa daltaí ag fanacht taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh ar an mbus. Bhí siad ag dul go dtí an Ghaeltacht. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.

rusty
Download Presentation

Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Lá breá samhraidh a bhí ann. • Bhí grúpa daltaí ag fanacht taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh ar an mbus. • Bhí siad ag dul go dtí an Ghaeltacht. www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Lá breá samhraidh a bhí ann. Tháinig an lá ar deireadh thiar thall. • Thosaigh an slua ag bailiú go mall taobh amuigh de Choláiste Sheosaimh. • Bhí an bus ann cheana féin. • Ba é seo tús chúrsa Gaeltachta nua. • B’fhiú go mór é chun feabhas a chur ar an nGaeilge labhartha. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • Bhí an bus ag dul siar chuig an Spidéal i gContae na Gaillimhe. • Ba bhus breá compordach é. • Bhí treoraí ón nGaeltacht ag labhairt leis na daltaí faoina radhairc agus faoi rialacha na Gaeltachta. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Nuair a bhí gach duine ann cuireadh tús leis an turas siar. • Bhí duine de na múinteoirí ar an mbus agus thug sé óráid do na daltaí as Gaeilge faoina rialacha agus faoi leagan amach an chúrsa do na daoine nua. • Chloisfeá biorán ag titim ar an mbus. • ‘Tús maith leath na hoibre’ a dúirt sé ó thaobh na Gaeilge de ar an gcúrsa. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Nuair a shroich an bus an Ghaeltacht fuair na daltaí na málaí. • Bunscoil Bhaile na hAbhann an t-ainm a bhí ar an áit. • Bhí idir sceitimíní agus bhuairt ar na daltaí. Bhí áthas ar roinnt acu ach bhí uaigneas ar dhaltaí eile. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ní raibh sé fada gur shroich na daltaí a gceann scríbe thiar i gConamara. • ‘Bunscoil Bhaile na hAbhann’ an t-ainm a bhí scríofa ar an scoil. • Fuair na daltaí na málaí agus chuaigh siad isteach sa choláiste. • Bhí neirbhís agus uaigneas ar na daltaí nua agus bhí sceitimíní ar na seanfhondúirí. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Bhí ranganna ar siúl gach maidin óna deich a chlog go dtí a haon a chlog. • Ansin bhí am lóin sa bhialann idir a haon agus a dó. I ndiaidh an lóin bhí spórt agus cluiche don iarnóin ar fad. • I ndiaidh am tae bhí seisiún iontach ceoil agus le críoch a chur ar an lá, bhí céilí ann. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Cuireadh tús dáiríre le cúrsaí ar an dara lá. • Bhí ranganna ar maidin óna deich a chlog go dtí a haon. Bhí na ranganna iontach ar fad. • I ndiaidh dinnéir a fháil sa bhialann ag am lóin cuireadh tús le himeachtaí na hiarnóna. • De ghnáth bhí rogha spóirt ann idir pheil, sacar agus iománaíocht. • Baineadh an sult as an gcéilí gach oíche le rincí nua a fhoghlaim. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Lá breá brothallach a bhí ann sa phictiúr seo. • Chuaigh na daltaí go dtí an trá. Chuaigh roinnt acu ag snámh. • Ar aghaidh leo ansin go dtí Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Thug siad cuairt ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta freisin. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Fuair na daltaí deis dul go dtí an trá nuair a bhí an aimsir go maith. • Ní raibh slua mór ann agus baineadh an-taitneamh as an tsaoirse agus as an spás. • Ina dhiaidh sin, tugadh cuairt ar Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, agus ar an mbealach abhaile stop siad ag TG4 agus ag Raidió na Gaeltachta freisin. • B’ iontach an phribhléid í féachaint ar na seoda luachmhara siúd i gceartlár na Gaeltachta. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Tháinig an lá deiridh go tapaidh agus bhain na daltaí taitneamh agus tairbhe as an gcúrsa. • Bhí an-chuid de na daltaí sásta teacht ar ais an chéad bhliain eile toisc go raibh sé chomh hiontach sin. • Bhí gach duine eile sásta téacs a sheoladh dá chéile chun an teagmháil a choinneáil mar bhí na huimhreacha fóin acu. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Tháinig an lá deiridh beagnach i ngan fhios do na daltaí. • Bhí meascán mór mothúchán ann idir bhrón, uaigneas agus bhriseadh croí. • Bhain na daltaí go léir taitneamh agus tairbhe as an nGaeltacht agus bhí siad lántoilteanach fanacht i dteagmháil lena chéile ar feadh na bliana. • Bhí roinnt mhaith daltaí ag teacht ar ais an bhliain dár gcionn. • Do dhaltaí eile, ba é sin an uair dheiridh dóibh sa Ghaeltacht ach ar a laghad bheadh an Ghaeilge bheo leo mar a deir an seanfhocal ‘Tír gan teanga, tír gan anam’. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Cá raibh na daltaí sa chéad phictiúr anseo? • Cá raibh siad ag dul? • Déan cur síos ar lá Gaeltachta i bPictiúr a Ceathair. • Céard iad na háiteanna eile a raibh siad chun cuairt a thabhairt orthu i bPictiúr a Cúig? • Ar bhain na daltaí taitneamh as an gcúrsa? • An raibh siad sásta teacht ar ais an bhliain seo chugainn? www.isfeidirleat.ie

More Related