1 / 12

8. Timpiste sa Choláiste Samhraidh

8. Timpiste sa Choláiste Samhraidh. Ceisteanna : Cá raibh na buachaillí? Cad a bhí ar siúl ann? Cé a d’fhág ann iad? Cad a dúirt na tuistí leo? Cad a bhí ag na buachaillí?. Freagraí :. Bhí na buachaillí sa ghaeltacht Bhí cúrsa coláiste samhraidh ar siúl D’fhág tuistí Liam ann iad

Download Presentation

8. Timpiste sa Choláiste Samhraidh

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 8. Timpiste sa Choláiste Samhraidh Ceisteanna: Cá raibh na buachaillí? Cad a bhí ar siúl ann? Cé a d’fhág ann iad? Cad a dúirt na tuistí leo? Cad a bhí ag na buachaillí? Freagraí: Bhí na buachaillí sa ghaeltacht Bhí cúrsa coláiste samhraidh ar siúl D’fhág tuistí Liam ann iad Dúirt siad leo taitneamh a bhaint as agus bheith cúramach Bhí málaí taistil acu

  2. Ceisteanna: Cén t-am a raibh ranganna ar siúl? Cathain a raibh lón gach lá? Cad a bhí ar siúl tar éis lóín? Cá raibh na cluichí ar siúl? Cá raibh dinnéar ar fáil? Cén t-am a raibh an dinnéar acu? Cad a bhí ar siúl ag leathuair tar éis a hocht? Cá raibh an rolla á ghlaoch? Cén t-am a raibh orthu bheith ar ais sna tithe? Freagraí: Bhí ranganna ar siúl ó leathuair tar éis a naoi go dtí leathuair tar éis a dó dhéag Bhí lón ag leathuair tar éis a dó dhéag Bhí cluichí páirce, cluichí ar an trá agus cluichí istigh ar siúl Bhí na cluichí ar an bpáirc, ar an trá agus taobh istigh Bhí dinnéar sna tithe Bhí an dinnéar acu ag a sé a chlog Bhí céilí nó seó tallainne ar siúl Bhí an rolla á ghlaoch sna tithe Bhí orthu bheith sna tithe ag leathuair tar éis a deich Foghraíocht: imeachtaí seó tallainne

  3. Ceisteanna: Cá raibh Liam? Cad a bhí ar siúl aige? Cad a tharla dó? Cad a ghortaigh sé? (Cad a bhí le feiceáil ar an bhfarraige?) Freagraí: Bhí Liam ar an bpáirc imeartha Bhí sé ag imirt peile Thit sé ar an talamh. Baineadh tuisle as. Ghortaigh sé a chos Bhí bád seoladh ar an bhfarraige Foghraíocht: baineadh tuisle as he was tripped Friotal: baineadh tuisle as

  4. Ceisteanna: Cár tógadh Liam? Cé a chuaigh go dtí an t-ospidéal leis? Conas a chuaigh siad ann? Cad a dúirt bainisteoir an choláiste? Cén fhad a raibh an t-ospidéal ón gcoláiste? Cén spéis / dúil a bhí ag Liam? Freagraí: Tógadh Liam go dtí an t-ospidéal Chuaigh múinteoir leis Chuaigh siad sa charr Dúirt bainisteoir an choláiste leis an múinteoir glaoch a chur air ón ospidéal Bhí an t-ospidéal caoga míle ón gcoláiste Bhí dúil mhór aige sa spórt Foghraíocht: dúil mhór love /interest Friotal: dúil

  5. Ceisteanna: Cé a bhí ag caint leis an múinteoir? Cén dea-scéal a bhí aige? Cad a bhí ar Liam déanamh? Cathain a bheadh sé ar fónamh? Cé air a ghlaoigh an bainisteoir? Freagraí: Bhí an dochtúir ag caint leis an múinteoir Ní raibh cos Liam briste Bhí ar Liam sos a thógáil ón spórt agus maidí coise a úsáid Bheadh sé ar fónamh tar éis seachtaine Ghlaoigh an bainisteoir ar mháthair Liam Foghraíocht: dea-scéal maidí coise ar fónamh good news crutches better ar fónamh Friotal: dea-scéal ; maidí coise ;

  6. Ceisteanna: Cén t-am a bhí ann? Cad a bhí ar siúl sa halla? Cad a rinne daoine nuair a tháinig Liam isteach? Freagraí: Fiche tar éis a deich a bhí ann Bhí céilí ar siúl sa halla Thug siad bualadh bos dó agus chuir siad fáilte thar n-ais roimhe

  7. 8. Timpiste sa Choláiste Samhraidh Lár an tsamhraidh a bhí ann Bhí Liam agus a chairde sa ghaeltacht Bhí cúrsa coláiste samhraidh ar siúl Thóg tuistí Liam ann iad sa charr D’fhág siad slán leo Dúirt siad leo taitneamh a bhaint as an gcúrsa agus bheith cúramach Bhí na buachaillí beagáinín neirbhíseach ach bhí siad ag tnúth leis freisin Chuaigh siad isteach lena málaí taistil

  8. Chonaic siad an clár imeachtaí Bhí ranganna ar siúl gach maidin. Thosaigh siad ag a naoi a chlog. Ansin bhí lón sa choláiste ag leathuair tar éis a dó dhéag Ina dhiaidh sin bhí cluichí páirce, cluichí ar an trá agus cluichí istigh acu Bhí Liam ag tnúth go mór le sin Ag a sé a chlog bhí dinnéar ar fáil sna tithe Gach oíche bhí céilí nó seo tallainne ar siúl sa halla Bhí orthu bheith ar ais sna tithe ag leathuair tar éis a deich don rolla

  9. Bhí Liam amuigh ar an bpáirc imeartha Bhí sé ag imirt peile Go tobann baineadh tuisle as Liam Thit sé ar an talamh Lig sé scread as Bhí a chos gortaithe Bhí sé an-phianmhar go deo

  10. Bhí ar Liam dul go dtí an t-ospidéal Thug múinteoir cabhair dó dul isteach sa charr Bhí an t-ospidéal caoga míle ón gcoláiste Dúirt bainisteoir an choláiste leis an múinteoir glaoch a chur air ón ospidéal Bhí an-trua ag a chara dó

  11. Rinne an dochtúir scrúdú ar chos Liam Tháinig sé ar ais le dea-scéal Buíochas le Dia ní raibh cos Liam briste Bhí ar Liam sos a thógáil ón spórt agus maidí coise a úsáid Bheadh sé go breá arís tar éis seachtaine Ghlaoigh an bainisteoir ar mháthair Liam D’inis sé an dea-scéal di Bhí áthas ar gach duine nach raibh sé ródháiríre

  12. Faoi dheireadh tháinig Liam ar ais go dtí an coláiste Bhí sé fiche tar éis a deich Bhí céilí ar siúl sa halla agus bhí na daltaí eile ag rince Nuair a chonaic siad Liam thug a chairde bualadh bos dó aus chuir siad fáilte thar n-ais roimhe

More Related