1 / 7

I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca

Cén saghas duine tú? Réamhobair. I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag rá cén saghas duine é féin. Ach ar dtús féach ar an liosta tréithe seo. Cé mhéad ceann a thuigeann tú? An féidir leat malairt brí a chur ar fáil do chuid acu?

marika
Download Presentation

I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cén saghas duine tú?Réamhobair I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag rá cén saghas duine é féin. Ach ar dtús féach ar an liosta tréithe seo. Cé mhéad ceann a thuigeann tú? An féidir leat malairt brí a chur ar fáil do chuid acu? díograiseach éirimiúil fiáin gealgháireach grámhar lách leisciúil leithliseach réchúiseach searbhasach stuama teasaí trioblóideach tuisceanach

  2. Cén saghas duine tú?Éisteacht • Éist le hÉanna agus freagair na ceisteanna seo: • Cad a deir Éanna faoi chraic a bheith aige? • Cad a deir sé faoi a bheith ag staidéar? • Cén tslí a bhfuil cairde Éanna ‘as a meabhair’? • Cad a deir Éanna faoi dhaoine cúthalacha agus Facebook?

  3. Cén saghas duine tú?Iarphlé1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. Deir Éanna go bhfuil daoine cúthalacha (cúthail) faoi mhíbhuntáiste, go mbíonn sé níos deacra orthu post a fháil, mar shampla. An aontaíonn tusa leis an dearcadh sin? Cén fáth? Deir Éanna nár cheart duit a bheith buartha faoi cad a cheapann daoine eile díot. Ach féach ar an athfhriotal seo thíos. An bhfuil aon fhírinne ann? Cad a tharlaíonn do dhéagóirí ar scoil nuair nach gcloíonn siad leis an rud a bhfuil meas ag na déagóirí eile air? “Teenagers are always on duty as conformists [...] Teenage kids pay a great deal of attention to clothes. They don't consciously dress to be popular. They dress to look good. But to who? To the other kids. Other kids' opinions become their definition of right, not just for clothes, but for almost everything they do, right down to the way they walk. And so every effort they make to do things "right" is also, consciously or not, an effort to be more popular.” (Why Nerds are Unpopular ag www.paulgraham.com)

  4. Cén saghas duine tú?Iarphlé2 Cabhróidh an múinteoir libh anois díospóireacht a eagrú sa rang! Seo daoibh an rún: Níféidir le déagóirí a rud féin a dhéanamh agus iad sa mheánscoil. Caithfidh siad cloí leis na rudaí atá na daoine eile sa rang ag déanamh nó eile déanfar bulaíocht orthu nó déanfar imeallú orthu.

  5. Cén saghas duine tú?Scríobh Scríobh teachtaireacht phríobháideach chuig Séamus ar Facebook ag tacú leis agus ag cur comhairle air. Déan iarracht cabhrú leis agus dea-ghiúmar a chur air arís. Cuir i gcuimhne dó na tréithe iontacha a bhaineann leis féin chun muinín a thabhairt dó. Déan cur síos ar Chaitlín agus ar Mhicheál freisin agus tabhair do léamh féin dó ar cad atá ag titim amach. Bíodh do theachtaireacht timpeall leathanach ar fhad.

  6. Cén saghas duine tú? Iarphlé3 Earráid choitianta! Is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá rudaí ar nós ‘Sin cad a dúirt sí.’ nó ‘Sin cad a bhí siad ag déanamh.’ Tá sé sin mícheart! Is aistriúchán díreach ón mBéarla atá ann: ‘That’s what she said.’ ‘That’s what they were doing.’ Sa Ghaeilge ní úsáidtear an focal ‘cad’ sa chomhthéacs sin. Úsáidtear an forainm ‘é’ in ionad agus bíonn an bhéim ar an ‘é. (In Uladh deirtear ‘an rud’): Sin é a dúirt sí. / Sin an rud a dúirt sí. Sin é a bhí siad ag déanamh. / Sin an rud a bhí siad ag déanamh.

  7. Cén saghas duine tú? Iarphlé4 Cleachtadh Abair na rudaí seo as Gaeilge: • That’s what I think. • That’s what she does. • That’s what happens. • That’s what they told me. • That’s what they recommended me to do. • That’s what I wanted.

More Related