1 / 33

Comhartha na Croise

Comhartha na Croise. In ainm an Athar a gus an Mhic a gus an Spioraid Naoimh Áiméan. Glóir don Athair. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ó thús, mar atá anois, mar a bheas go brách, l e shaol na saol. Áiméan. Paidir na Maidine.

inez
Download Presentation

Comhartha na Croise

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. ComharthanaCroise In ainm an Athar agus an Mhic agus an SpioraidNaoimh Áiméan

  2. Glóir don Athair Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ó thús, mar atá anois, mar a bheas go brách, le shaol na saol. Áiméan.

  3. Paidir na Maidine A Dhia, tá grá agat dom. Bíonn tú liom de lá is d’oíche. Ba mhaith liom grá a thabhairt duit gach nóiméad den lá. Ba mhaith liom tú a shásamh. A Athair,cabhraighliom. Áiméan

  4. Paidir na hOíche A Dhia, a Athair, molaim thú as ucht do chineáltais liom inniu. As ucht mo chairde molaim thú, agus as an teaghlach a thug tú dom. I ndorchadas na hoíche cosain mé; Solas na maidine go bhfeice mé. Áiméan.

  5. Altú roimh Bhia Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun oird le chéile. Beannacht ar an mbia a ithimid inniu. Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é. Beannacht, a Dhia dhílis, orainn féin. Áiméan.

  6. Altú tar éis Bia Go raibh maith agat,a Dhia, mar is tú a thug bia dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug cairde dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug ach rud dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia. Áiméan.

  7. ’Sé do Bheatha,a Mhuire ’Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh Mhuire, a mháthair Dé, guigh orainn, na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Áiméan.

  8. An Phaidir Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm,go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamhmar a dhéantar ar neamh.Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,agus maith dúinn ár bhfiacha,mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,agus ná lig sinn i gcathú,ach saor sinn ó olc. Áiméan.

  9. Paidird’Íosa Críost liom. Críost romham. Críost i mo dhiaidh. Críost ionam. Críost ar mo dheis. Críost ar mo chlé. Críost i mo chuideachta is cuma cá dtéim. Críost mar chara agam, anois is go buan. Áiméan

  10. Paidir don TríonóidNaofa Moladh don Athair. Moladh don Mhac. Moladh don SpioradNaomh. An Triúr san Aon.

  11. Tabhairdomaire a Thiarna Tabhairairedom, a Thiarna, mar a dhéanfadhaoire, agusmise, mar a bheadhcaorai do théad. Treoraighméchuigsólás an tsuimhnis agusnasiochána. Treoraighméarmobhealachtríd an domhan céimarchéimleatféin. Fiú san áit a mbíonnbrónagusscáth níbheidheaglaormnáéadóchas. Tátúliomtríshéanagusléan. Tabhaircabhairdomigconaí, a Thiarna mar a dhéanfadh aoire, agus mise, mar a bheadh caora i do théad.

  12. Paidreachachuig an SpioradNaomh A SpioraidNaoimh, bamhaithliom an rudceart a dhéanamh. Cabhraighliom. A SpioraidNaoimh, bamhaithliommaireachtáil mar a mhairÍosa. Treoraighmé. A SpioraidNaoimh, bamhaithliomguí mar a ghuigh Íosa. Múin dom é. Áiméan

  13. SpioradDésnaspéartha. SpioradDésnafarraigí. SpioradDéarnasléibhte. SpioradDéionam. SpioradDé isolasnagréine. SpioradDésan aer. SpioradDétharttimpeallorainn. SpioradDé ingacháit. A SpioraidNaoimh, SpioradDé, cabhraighliom. Áiméan

  14. Tar, a SpioraidNaoimh, líoncroíthenabhfíréan aguslasionainn tine do ghrá. Cuiramachuait do Spiorad aguscruthófarmuid, agusdéanfaidhtúaghaidhnatalún a athnuachan.

  15. A Dhia, a mhúincroíthenabhfíréan le solas an SpioraidNaoimh, deonaighdúinnsaspioradcéanna a bheithcríonna go fíor, agusgairdeas a dhéanamh igcónaíinashólás, tríÍosaCríost, árdTiarna. Áiméan.

  16. Paidirchuig an AingealComhdeachta A AingildhilDé, cuir me faoi do smacht, mar d’ordaigh Mac grámharDé inareacht. Seas le mothaobhgach am den lá. Soilsigh is cosain is seolméslan. Áiméan

  17. Ag Freagairt an AifreannagusPaidreacha don Eochairist

  18. An Fhaoistin Choiteann Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithe agus a shiúracha, gurpheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar Naomh Mhuire Síor-Ógh, ar na hAingil agus ar na Naoimh, agus oraibhse, a bhráithre agus a shiúracha, guí ar mo shon chun árdTiarna Dia. Áiméan

  19. An Ghlóir Glóir do Dhia sna harda, agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola. Molaimid thú; móraimid thú; adhraimid thú; tugaimid glóir duit; gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire; a Thiarna Dia, a Rí na bhFlaitheas, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost. A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,

  20. tusa, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn; tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí. Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn. Óir is tú amháin is Naofa; is tú amháin is Tiarna. Is tú amháin is Ró-Ard, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair. Áiméan.

  21. Cré na nAspal Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún; agus in Íosa Críost, a aon mhacsan, ár dTiarna, a gabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh; a d'fhulaing páis faoi PhontiusPíoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh; a chuaigh síos go hifreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh; a chuaigh suas ar neamh;

  22. atáinashuíardheisDé, an tAthairuilechumhachtach; as sin tiocfaidhséchunbreithiúnas a thabhairtarbheoagusarmhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitliceach, i gcomaoin na naomh; i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne, agus sa bheatha shíoraí. Áiméan

  23. An ChréNiséin Creidim in aon Dia amháin, an tAthair uilechumhachtach, a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe. Creidim in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, Mac Aonghine Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann, Dia ó Dhia, solas ó sholas, Fíor-Dhia ó Fhíor Dhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá de chomhshubstaint leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní.

  24. Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh. Ionchollaíodhle cumhacht an Spioraid Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna. Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son faoi PhontiasPíoláit, d’fhulaing sé páis agus adhlacadh é. D’aiséirigh an treas lá de réir a d’fhogairna Scrioptúr; chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar. Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir, le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.

  25. Creidim sa Spioraid Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac. Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an Mac: is é a labhair trí na fáithe. Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda. Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin chun maithiúnas na bpeacaí. Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Áiméan

  26. Paidir roimh Chomaoineach A Thiarna Íosa, tar chugam. A Thiarna Íosa, tabhair dom do ghrá. A Thiarna Íosa, tar chugam agus tabhair dom tú féin dom. A Thiarna Íosa,a chara na bpáistí, tar chugam. A Thiarna Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia. Moladh leat, a Thiarna Íosa Críost Áiméan

  27. Paidir tar éisChomaoineach A Thiarna Íosa, gráim agus adhraim thú. Is tú mo chara dílis Fáilte romhat, a Thiarna Íosa. Go raibh maith agat as teacht chugam. Go raibh maith agat , aThiarna Íosa, As ucht tú féin a thabhairt dom. Cabhraigh liom do ghrá a léiriú Cibé áit a mbím

  28. Bí taobh liom, a Thiarna Íosa, Fan in aice liom go deo Beannaigh sinn, na páistí, atá faoi do chúram Agus tabhair ar Neamh sinn chun cónaithe leat féin. Táim réidh anois, A Thiarna Íosa, Tá grá agam go leor. Táim réidh anois a Thiarna Íosa, Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt Sa bhaile is don saol mór. Áiméan

  29. Paidreacha do Shacraimint an Athmhuintearais

  30. An FhaoistinChoiteann Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithe agus a shiúracha, gur pheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar Naomh Mhuire Síor-Ógh, ar na hAingil agus ar na Naoimh agus oraibhse, a bhráithre agus a shiúracha, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia. Áiméan

  31. An GníomhDólais A Dhia, gabhaim buíochas leat as ucht do ghrá dom. Tá brón orm faoi mo pheacaí uile; nach raibh grá agam duitse ná do dhaoine eile. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar nós Íosa agus gan peaca a dhéanamh arís. Áiméan

  32. Paidir ag iarraidhMaithiúnais A Dhia, ár nAthair, cabhraigh liom cuimhneamh ar na huaireanta nár mhair mé mar a d’iarr Íosa orm. Cabhraigh liom brón a bheith orm agus iarracht eile a dhéanamh. Áiméan

  33. Paidir tar éisMaithiúnas A Dhia, ár nAthair, go raibh maith agat faoi mhaithiúnas athabhairt dom. Cabhraigh liom grá a thabhairt do dhaoine eile. Cabhraigh liom maireachtáil mar a d’iarr Íosa orm. Áiméan

More Related