1 / 15

Dearadh agus Déantúsaíocht

Dearadh agus Déantúsaíocht. Tionscadail 1 & 2 - Gaothrán Deisce. Dearadh Déantúsaíochta. Tasc Dearaidh: Dear agus Táirg Mionsamhail Oibríoch de Ghaothrán Leictreach. Rogha Tionscadail 1. Rogha Tionscadail 2.

heman
Download Presentation

Dearadh agus Déantúsaíocht

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Dearadh agus Déantúsaíocht Tionscadail 1 & 2 - Gaothrán Deisce

  2. Dearadh Déantúsaíochta Tasc Dearaidh:Dear agus Táirg Mionsamhail Oibríoch de Ghaothrán Leictreach Rogha Tionscadail 1 Rogha Tionscadail 2 Seo tionscadail Chomhthaáite a chlúdaíonn raon próiséas agus scileanna déantúsaíochta arna áirítear Dearadh, Meicníochtaí, Rialú Leictreonach, Meaisíniú CNC, Folúsfhoirmiú srl.

  3. Dearadh Déantúsaíochta. - Rogha Tionscadail 1 Ní mór an dearadh seo a tháirgeadh leis na hábhair tugtha agus ba cheart go n-áireofaí ann na gnéithe seo a leanas: • Bonn folúsfhoirmithe a thacóidh leis an ngaothrán agus a thabharfaidh cumhdach don chiorcad Leictreonach, don Lasc & don cheallra V3 • Brac taca práis 8Ø a shuífidh an mótar agus an bonn taca sa suíomh ceart. • Caithfidh ciorcad rialaithe le luas leictreonach inathraithe a bheith ag an ngaothrán. • Ní mór gach ceangal leictreach a shádráil. • Ba chóír go ndéanfadh gach dalta iarracht a rian pearsanta a fhagáil ar a d(h)earadh féin. Is é is bunús leis an dTionscadal seo ná go gceadóidh sé don mhúinteoir an Próíseas Dearaidh & Déantúsaíochta a Riaradh taobh istigh de shrianta thimpeallacht an tseomra ranga/na ceardlainne. M.sh., Ábhair, Costaisí, Meaisíní & Trealamh, Am, Dramhaíl Laghdaithe, Sláinte & Sábháilteacht.

  4. Déantúsaíocht Mhúnla – 1 Éagsúlacht na nDearaí Le bloc MDF 125 x 75 x 20 mm, dear múnla bunúsach a imchochlóidh na comhpháirteanna, a thacóidh leis na meicníochtaí agus a chumhdóidh na rialtáin leictreonacha. Is féidir an múnla a mhioncheartú le compháirteanna a bhfuil fáil réidh orthu sa cheardlann m.sh. Boinn, leicneáin, seamanna, cruthanna forbartha polaistiréine srl. Samplaí de na sé phátrún dearaidh ón mbloc bán MDF

  5. Déantúsaíocht Mhúnla - 2 Éileamh rí-thábhachtach sa dearadh múnla ná an DRAFT/Fána arb éigean di a bheith idir 3agus 5 º ar a laghad. Bord socraithe ag 5º ar Chriosghreanóir Tugann Plána Adhmaid Draft Tugann Síséal Adhmaid Draft Muna bhfuil fána cheart ann, ní féidir an múnla a bhaint den chás folúsfhoirmithe gan damáiste a dhéanamh dó. Má dhéantar an bord a chlaonadh ar scrollsábh nó ar chrios-sábh, tabharfar an uillinn éilithe ach beidh gá le bloc greanála don bhailchríoch

  6. Deantúsaíocht Mhúnla - 3 I gcás phoill inmheánacha nó cuasanna i múnla, ní mór dóibh a bheith druileáilte 2Ø mm tríd go dtí bonn an mhúnla chun gur féidir leis an bhfolúschaidéal an t-aer go léir a bhaint amach. • Is féidir bonn an mhúnla a dhruileáil agus a réitiú do bholta M6, rud a cheadóidh duit lámh a chur ann. Cabhróidh sí seo leat chun an múnla a tharraingt ón gcruth foirmithe. • Is féidir an múnla a phúdráil le talcphúdar a chabhróidh le scaoileadh an mhúnla ón gcruth foirmithe Meaisín Folúsfoirmithe Cuir an Folúsfhoirmiú ar siúl 30 nd. ar a laghad roimh úsáid Socraigh na Zóin Teochta seachtracha go lánchumhacht Socraigh na Zóin Teochta lárnacha ar chumhacht 75% . Ná ró-théigh an leathán polaistiréin mar go stangfaidh sé.

  7. Bailchríoch a chur ar Oibiacht Fholúsfoirmithe • Déantar bonn bailchríochnaithe, déanta as Polaistiréin 2 mm, a bhearradh de réir crutha le: • Crios-Sábh. • Stándeimheas. • Gearrthóir GERBIL. • (Is meaisín il-fheidhmeach é an GERBIL sa ghearradh folúsfoirmithe agus sa bhailchríochnú). • Úsáidtear uirlis ghearrtha as cairbíd tungstain chun feire 10mm a chruthú timpeall chiumhais na gcruthanna folúsfhoirmithe . Tugann siad seo neart nach beag don Chruth. • Is féidir criosghreanoir, líomhán nó bloc greanála a úsáid chun na cruthanna a bhailchríochnú. Déantar an bonn gaothráin bailchríochnaithe a dhruileáil ansin chun slí a sholáthar do Lasca, Friotóir inathraithe, LED agus meicníocht taca ulóige srl.

  8. Gaothrán Deisce 2 Bonn Folúsfhoirmithe Páirteanna Tugtha Ciorcad rialaithe luais & Mótar Parts and Dimensioned drawings for Desk Fan 2 Toisí Boinn Leicneán Práis Seastán Gaothráin & Dearadh Malartach

  9. Déantús an Bhraic Taca Phráis Fásáil sa Deil Druileáil sa Deil Tapáil Chruinn sa Deil • Áireofar, bhféidir, ar na hArd-Roghanna Dearaidh: • Treo inathraithe ag an nGaothrán • Meicníocht a ligifdh don ghaothrán ascalú a dhéanamh

  10. Tionscadal Cóimeáilte 2 Mionsamhail chríochnaithe de ghaothrán le luas inathraithe Úsáidtear ciorcad leictreonach suite ar CCP le sliseog TIP 121 chun raon luas a sholáthar. Tabhair faoi deara go bhfuil péint spraeála curtha faoi choinneálaí an mhótair. Tá an mhionshamhail ghaothráin tarraingthe agus rindreáilte go hiomlán iSolid Works.

  11. Tionscadal Críochnaithe 1. Mionsamhail Ghaothráin cóimeáilte le páirteanna tugtha Tá an mhionsamhail ghaothráin tarraingthe agus rindreáilte go hiomlán i Solid Works Déanfaidh lián le trastomhas níos mó agus Mótar Gréine an tionscadal seo a athrú go Gineadóir . Cuir dhá LED leis chun ionchur reatha a léiriú

  12. Déantús an Bhraic- Tionscadal 1 • Tá an Brac marcáilte amach, dealbhaithe, druileáilte agus snasaithe ansin roimh é a lúbadh. • Caithfidh an Brac a bheith lúbtha go cruinn le Meaisín Lúbtha nó le Barraí Fillte. Toisí na Foirme Folúis don Bhonn.

  13. Dearadh an Bhraic - Tionscadal 2 • Le stiall Phráis 30 x 165 x 1 mm, déan bracanna taca malartacha a dhearadh a bheidh ábalta; • Tacú leis an seafta tiomána. • An mótar a choinneáil sa suíomh. • Soláthar a dhéanamh don bhrac chun go gceanglófar leis an mbonn é.

  14. Ard-Rogha 3 don Tionscadal seo. • Dear agus déan rótar gaothráin práis • Féadtar an cón a dhéanamh ar dheil CNC. • Déantar an gaothrán a shádráil ar chón práis . • Déantar Scriúáil & Tapáil ar an gcón práis M5. • Is féidir giarthiomáint nó slabhrathiomáint a úsáid. • Tá an mheicníocht deartha ar mhodh a thugann cumas ascalaithe don ghaothrán. • Déantar Lasc Inchúlaithe DPDT (Centre “Off”) a oiriúnú. • Déantar LED Dearg/Glas a oiriúnú chun Ar Aghaidh/Ar Ais a léiriú. • Féadtar an rialtán luais a athchúrsáil le húsáid in aon mhótarthionscadal. Cón Práis sádráilte leis an Rótar

  15. Achoimre Féadtar roinnt de na haonaid seo nó na haonaid seo go léir a chomhtháthú agus a thabhairt isteach sa tionscadal deiridh, • Teoiric Dearaidh agus Cleachtas • Roghnú Ábhar Cuí • Scileanna sa Mharcáil Amach & sa bhFeistiú • Próisis Chóimeála agus Fheistithe • Teoiric agus Cleachtas um Dhearadh Ciorcaid Leictreonaigh • PCB Wizard & Solid Works • Teoiric agus Cleachtas sa Déantús Múnla • Bailchríochnú, snasú, spréphéinteáil an dromchla. • Bainistíocht Tionscadal • Gnéithe Sábháilteachta sa Cheardlann Cuimhnigh gur tábhachtaí go mór is go fada an obair chruaidh ná an inspioráid i gcúrsaí Dearaidh

More Related