1 / 35

Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile. Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS. Aidhm an tseisiúin seo.

halden
Download Presentation

Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS

  2. Aidhm an tseisiúin seo • Béim a leagan ar eochairthréithe na dTreoirlínte mar chomhthéacs le haghaidh Iniúchadh agus Athbhreithniú a dhéanamh ar Chód Iompair scoile • Dea-chleachtas i leith eochaircheisteanna a aithníodh trí úsáid a bhaint as na Treoirlínte agus as an uirlis Iniúchta, a chomhroinnt • Próiseas pleanála a leagan amach

  3. An tAcht Oideachais (Leas) 2000 • Alt 23, Fo-alt (2): • (2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair— • (a) na caighdeáin iompair a bheidh á n-iarraidh ar gach dalta atá ag freastal ar an scoil • (b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a dhéanfaidh dalta neamhaird de na caighdeáin sin nó nuair a dhiúltóidh sé dóibh • (c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann

  4. Cód Iompair a Fhorbairt: Treoirlínte i gcomhair Scoileanna

  5. Cén Fáth Anois? • Athrú: sochaí, cultúr agus cleachtas scoile • An clár um chuimsiú…polasaí náisiúnta • Comhpháirtíocht…tuismitheoirí agus daltaí • Taighde i leith cur chun cinn dea-iompair • Gnáthaimh chóra • Éiteas uile-scoile …ceannaireacht daoine fásta • Próiseas Pleanála éifeachtach

  6. Cuimsíonn Treoirlínte an BNLO • Oibleagáidí Dlíthiúla • Treoir i leith dea-chleachtais

  7. Cur Chuige • Coisctheach • Uilechuimsitheach • Cur chuige atá dírithe ar an bpáiste uile • Cur chuige uile-scoile • Cuidiú agus tacú leis an obair scoile atá idir lámha • Breithiúnas proifisiúnta agus freagracht

  8. Struchtúr Threoirlínte an BNLO • Caibidil • 1 Réamheolas • 2 Iniúchadh agus athbhreithniú ar an gcód reatha • 3,4 Prionsabail atá mar bhonn le cód éifeachtach • 5-9 Cód a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na scoile iompar a bhainistiú go héifeachtach: • caighdeáin a leagan síos • freagairt d’iompar míchuí • iompar dearfach a chur chun cinn • 10-12 Fionraithe agus díbirtí

  9. Bunphrionsabail • I ngrúpaí: • Céard iad na bunphrionsabail atá mar bhonn le cód iompair éifeachtach?

  10. An Bonn atá le Cód Éifeachtach Caib. 3: Bunphrionsabail • Soiléire a sholáthar • A dhearbhú go bhfuil iompar gach duine tábhachtach • Fócas ar dhea-iompar a chothú • Riachtanais a chothromú • A thuiscint go bhfuil caidrimh ríthábhachtach • Fócas ar an bhfreagracht phearsanta • Cothroime agus cothromas a chinntiú • Comhionannas a chur chun cinn • Leochaileacht ó thaobh oideachais de a aithint • Freastal ar leas na ndaltaí • Freastal ar leas na foirne • Sábháilteacht agus saoirse ó bhagairt a chothú • Treoirlínte an BNLO (lth. 22-23)

  11. An Bonn atá le Cód Éifeachtach • Caib. • 4. Tá an fhoghlaim, caidrimh agus iompar nasctha lena chéile • Caib. • 5. Cur chuige uile-scoile i ndáil le hiompar

  12. Caib. 6: Caighdeáin iompair a leagan síos • Sraith caighdeán i leith iompair a fhorbairt don scoil • Pobal na scoile a thabhairt isteach sa díospóireacht faoi chaighdeáin • Na daltaí a bheith páirteach i bhforbairt rialacha scoile agus rialacha don seomra ranga • Na caighdeáin a shamhaltú nó a léiriú • Na daltaí a theagasc maidir leis na caighdeáin agus leis an gcaoi le bheith dílis do na caighdeáin sin • Bealaí a bheith ann lena chinntiú go bhfuil tuiscint ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis uathu • Treoirlínte an BNLO (lth. 36-39)

  13. Caib. 7: Dea-iompair a chothú • Cur chuige uile-scoile • Straitéisí chun páirteachas daltaí agus tuismitheoirí a neartú • Bealaí a bheith ann chun ionchais arda do dhaltaí a chur in iúl • Bealaí a bheith ann chun cáilíocht na gcaidreamh idir daltaí agus an fhoireann a athbhreithniú • Treoirlínte an BNLO (lth. 44)

  14. Caib. 8: Ag freagairt d’iompar míchuí • Polasaí a fhorbairt ag díriú ar an gcaoi ina • n-úsáidfear píonóis chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú • Sraith straitéisí comhaontaithe a bheith ann le haghaidh idirghabháil dhearfach a dhéanamh chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú • Róil agus freagrachtaí na mball foirne i leith iompair a shainiú go soiléir agus na sonraí faoi na róil seo a chur in iúl go forleathan • Bealach caighdeánaithe a chomhaontú chun ábhar a bhaineann le hiompar daltaí a thaifeadadh • Treoirlínte an BNLO (lth. 55)

  15. Caib. 9: An Cód Iompair a chur i bhfeidhm • Teimpléad do Chód Iompair lth.59 • An Cód a mhúineadh • Taifid • Ag plé le húdair imní agus le gearáin • Treoirlínte an BNLO (lth. 57-64)

  16. Caib. 10: Fionraithe agus Díbirtí • A chinntiú go bhfuil polasaí agus nósanna imeachta na scoile i leith fionraí agus díbeartha ag teacht le Treoirlínte an BNLO agus faofa ag an mBord agus ag an bPátrún • A chinntiú go gcuirtear an polasaí in iúl go forleathan • Dea-chleachtas a fhorbairt agus a thaifeadadh • Gnáthaimh chóra a bheith ann le haghaidh imscrúdaithe agus cinnteoireachta • Nósanna imeachta a bheith ann le tuismitheoirí agus daltaí a chur ar an eolas maidir lena gceart chun achomhairc • Córas a bheith ann le go bhféadfadh an Bord athbhreithniú rialta a dhéanamh ar úsáid fionraithe / díbirtí • Treoirlínte an BNLO (lth. 66-91)

  17. Gnáthaimh chóra i gcás Píonóis Throma • Ní mór tromchúis an mhí-iompair líomhanta agus an ní atá réasúnta i gcomhthéacs na scoile a chur san áireamh agus gnáthaimh chóra á gcur i bhfeidhm • An ceart le héisteacht – is gá go mbeadh na tuismitheoirí agus an dalta go hiomlán ar an eolas agus go mbeadh deis freagartha tugtha dóibh sula ndéanfaí cinneadh • Neamhchlaontacht sa chinnteoir – m.sh. níor cheart go mbeadh ionadaí na dtuismitheoirí ar an mBord i láthair agus píonós á bheartú dá mhac • Neamhchlaontacht sa chóras cinnteoireachta – leis an bPríomhoide a fhágáil saor chun cinneadh neamhchlaonta a dhéanamh, is inmholta gan páirt a bheith aige san imscrúdú ná sa tuairisciú, más féidir

  18. Iniúchadh agus Athbhreithniú • a dhéanamh • ar an gCód Iompair

  19. 2. Iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód iompair • Iniúchadh a dhéanamh ar chód iompair atá ann cheana féin • “Éilítear ar Bhoird Bhainistíochta iniúchadh a dhéanamh ar an gcód iompair scoile atá ann cheana féin, mar chéim thosaigh i gcur i ngníomh na dTreoirlínte seo. Cuirfidh an t-iniúchadh ar chumas na scoile measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith is atá a cód iompair reatha ag teacht leis an dea-chleachtas agus ag comhlíonadh a hoibleagáidí dlíthiúla iomchuí.” (lth.4) • Athbhreithniú ar chód iompair atá ann cheana féin: • “I gcás go sainaithnítear ón iniúchadh tosaigh gnéithe den chód iompair ar ghá athbhreithniú iomlán a dhéanamh orthu, ba chóir don Bhord Bainistíochta, in éineacht leis an bPríomhoide, na réimsí le hathbhreithniú a chur in ord tosaíochta.” (lth.4)

  20. Iniúchadh a dhéanamh ar an gCód • Is é is iniúchadh ann ná dianscrúdú ar gach gné d’ábhar agus d’fheidhmiú an chóid iompair d’fhonn a iomláine a chinntiú agus chun a dhearbhú go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus an dea-chleachtais faoi mar atá leagtha amach sna Treoirlínte seo.

  21. ATHBHREITHNIÚ ar ghnéithe áirithe den chód a sainaithníodh san Iniúchadh • Déan cur síos ar an gcleachtas reatha • Déan meastóireacht ar a éifeachtúlacht • Déan liosta de roghanna le haghaidh feabhsúcháin • Ceap pleananna gnímh le haghaidh feabhsúcháin agus cur i bhfeidhm

  22. Ceardlann • Scrúdaigh an ‘Seicliosta don Iniúchadh’: • Caighdeáin Iompair a leagan síos (dara leathanach) nó • An Cód Iompair a chur i ngníomh (tríú leathanach) • Aithin na freagairtí is dóichí a bheadh ag formhór na scoileanna ar gach ceist • - ‘Is ea/Tá’ – ‘B’fhéidir’ – ‘Ní hea/Níl’ • I gcás réimse ar bith, déan idirphlé bunaithe ar do thaithí ón scoil: • Céard atá ag obair go maith i do scoil? • Cén fócas is dóchúla le haghaidh d’athbhreithniú leantach? • Céard iad na chéad chéimeanna eile is dóchúla a thógfadh scoil ó thaobh athbhreithniú agus chur i bhfeidhm an Chóid de?

  23. Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhCaighdeáin Iompair a leagan síos • An bhfuil caighdeáin shoiléire iompair ann do gach duine sa scoil? • An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí? • An raibh lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?

  24. Ceisteanna Samplacha Caighdeáin Iompair a leagan síos • An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha an tseomra ranga? • An bhfuil bealaí ag an scoil lena chinntiú go dtuigeann daltaí le riachtanais speisialta na caighdeáin atá á n-éileamh?

  25. Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomh • An bhfuil raon bealaí ag an scoil chun an Cód Iompair a chur in iúl don fhoireann, do na daltaí agus do thuismitheoirí? • An bhfuil Cód i scríbhinn ag an scoil? • Seachas an Cód i scríbhinn a thabhairt do thuismitheoirí, an ndéanann an scoil aon ní eile chun cabhrú le tuismitheoirí an Cód a thuiscint agus tacú leis? • An bhfuil pleananna ceachta agus cláir ann chun cabhrú le daltaí i leith foghlaim na scileanna agus an eolais is gá chun críche dea-iompair?

  26. Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomh • An ndéanann an scoil monatóireacht ar phatrúin iompair sa scoil? • An bhfuil córas caighdeánach sa scoil chun taifid i leith iompair a choinneáil? • An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh? • Ar thug an scoil treoir do thuismitheoirí faoin mbealach inar cheart dóibh asláithreacht páiste a chur in iúl don scoil?

  27. AthbhreithniúTosaíochtaí Samplacha • An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí? • An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile? • An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh?

  28. Athbhreithniú - Plé • Cén chaoi a leanfá ar aghaidh go dtí athbhreithniú? • Bain úsáid as saincheist shamplach ón seicliosta: • ‘An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?’

  29. Tascghrúpa An Chóid Iompair Déan soiléir an Cleachtas Reatha • Téigh i gcomhairle leis an bhfoireann: • An bhfuil bealaí ann ina bpléann baill foirne rialacha le daltaí nó ina dtéann siad i gcomhairle le daltaí maidir le rialacha? • An bhfuil sé de nós ag an scoil dul i gcomhairle le daltaí maidir le saincheisteanna? • An bhfuil aon aiseolas i leith rialacha tugtha ag na daltaí? • An bhfuil éifeacht ag baint leis na cleachtais seo? Conas is eol duit? • Breathnaigh an réasúnaíocht a bhaineann le comhairliúchán (an chéad sleamhnán eile)

  30. Tascghrúpa An Chóid IompairAn réasúnaíocht a bhaineann le gníomh • Cén toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chomhairliúchán le daltaí maidir le rialacha scoile? • Céard iad na húdair imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn trína leithéid a dhéanamh? • An bhfuil bearta cosanta ann a chinnteodh gur cleachtadh dearfach a bheadh ann?

  31. Tascghrúpa An Chóid IompairMoltaí le haghaidh Gnímh • Cén bealach ina bhféadfaí dul i gcomhairle leis na daltaí? • Ar cheart é seo a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla? • Conas a chinnteofar go mbeidh sé ionadaíoch? • Cé a dhéanfaidh bainistiú ar an gcomhairliúchán? • Cé na ceisteanna a thabharfadh fócas don chúram seo?

  32. Tascghrúpa An Chóid IompairPlean Gnímh – Faofa ag an mBB • Cén rud • Conas • Cé • Cathain • Aidhmeanna – critéir rathúlachta • Monatóireacht ar chur i ngníomh • Meastóireacht ar thorthaí • Meastóireacht ar chomhairliúchán • (Féach suíomh gréasáin an TPFS le haghaidh teimpléid shamplacha)

  33. Na Chéad Chéimeanna Eile a d’fhéadfaí a ghlacadh • 1. Cinneadh an Bhoird Bhainistíochta tús a chur le hIniúchadh • 2. Bunú ‘Foireann Iniúchta’ – Príomhoide, baill foirne, Coiste na dTuismitheoirí, Comhairle na nDaltaí…? • Tiomantas agus gafacht na gcomhpháirtithe a choinneáil sa tsiúl i rith phróiseas an Iniúchta • 3. Faisnéisiú don fhoireann ar eochaircheisteanna sna Treoirlínte, leas a bhaint as an Seicliosta Iniúchta le díriú ar réimsí roghnaithe, smaointe le leanúint suas a spreagadh • 4. Faisnéisiú comhchosúil cuí do Choiste na dTuismitheoirí, do Chomhairle na nDaltaí • 5. Réiteach tuairisce ag an bhFoireann Iniúchta ar chomhairliúcháin na Foirne, na dTuismitheoirí, na nDaltaí

  34. 6. Dian-iniúchadh ag an bhFoireann Iniúchta, féachaint an bhfuil an cód reatha ag teacht leis an reachtaíocht agus le dea-chleachtas faoi mar atá leagtha síos sna Treoirlínte • 7. Aithint na n-athruithe a bhfuil gá leo • 8. Athbhreithniú de réir mar is cuí ar réimsí aitheanta • 9. Cruthú Dréachtphlean Gnímh i ndáil leis na hathruithe atá molta • 10. Faomhadh an Bhoird don Phlean Gnímh agus do na hathruithe atá molta don Chód • 11.Na hathruithe a chur in iúl do phobal na scoile agus an Cód athbhreithnithe a chur i ngníomh • 12. Meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an Chóid athbhreithnithe

  35. Críoch • An bhfuil an t-údarás tarmligthe ag an mBord Bainistíochta don Phríomhoide dalta a chur ar fionraí de réir Threoirlínte an BNLO? • www.newb.ie • www.sdpi.ie

More Related