1 / 8

Coimhthígh le chéile Réamhobair 1

Féach ar na habairtí seo thíos, an aontaíonn tú leo? Féach ar an eochair agus cuir an uimhir a léiríonn do thuairim féin in aice le gach ráitis. Aontaím amach is amach Aontaím Tá mé idir dhá chomhairle Easaontaím Easaontaím amach is amach

vinaya
Download Presentation

Coimhthígh le chéile Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Féach ar na habairtí seo thíos, an aontaíonn tú leo? Féach ar an eochair agus cuir an uimhir a léiríonn do thuairim féin in aice le gach ráitis. • Aontaím amach is amach • Aontaím • Tá mé idir dhá chomhairle • Easaontaím • Easaontaím amach is amach • Ní bhíonn aon fhoighne ag muintir na Gaeltachta Gaeilge a labhairt liom. • Is breá liom dul ar saoire go dtí an Ghaeltacht. • Tá an saol sa Ghaeltacht an-difriúil ón saol taobh amuigh den Ghaeltacht. • Bíonn muintir na Gaeltachta ag caitheamh anuas ar mo chuid Gaeilge. • Bíonn náire orm Gaeilge a labhairt le muintir na Gaeltachta. • Ní féidir Gaeilge a labhairt go maith gan tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht. • B. Cad a deir an duine in aice leat? Coimhthígh le chéile Réamhobair 1

  2. Coimhthígh le chéile Réamhobair 2 Beidh tú ag éisteacht le cailín ag labhairt faoin nGaeilge ina scoil ar ball. Beidh na focail ar chlé le cloisteáil sa mhír. An féidir leat na focail chomhchiallacha leo a aimsiú ó na focail ar dheis? - áis - sílim - oidhreacht - foinse - freastail - cúnamh - ceapaim - cianda - iargúlta - barúil - tacaíocht - stair - tuairim - téigh go dtí

  3. Coimhthígh le chéile Réamhobair 3 Bí ag obair leis an duine in aice leat agus pléigí na freagraí a thabharfadh sibh ar na ceisteanna seo. Is iad na ceisteanna céanna iad a cuireadh ar an gcailín a mbeidh tú ag éisteacht léi ar ball. Dar leatsa, cad atá i ndán don Ghaeltacht? An bhfuil sí tábhachtach mar áis, mar oidhreacht? Cad faoi na canúintí, an gcloiseann sibh na canúintí ar fad ar scoil nó an mbíonn deacracht agat in amanna na canúintí a thuiscint nó aon rud mar sin?

  4. Coimhthígh le chéile Éisteacht Éist leis an mír cúpla uair agus freagair na ceisteanna seo a leanas. • Cén coláiste ar fhreastail Aoife air? • Cad a cheap Aoife faoin nGaeltacht sula ndeachaigh sí ann? • An gceapann sí go bhfuil todhchaí ann don Ghaeltacht? Conas? • Cad a deir sí faoin Leas-Phríomhoide? • Cad a deir sí faoi chanúint Chonamara? • Luann sí Ciarraí, cén fáth?

  5. Coimhthígh le chéile Iarobair 1 A. Cad atá in easnamh sna habairtí seo: Caithfidh mé an leabhar roimh mhaidin. An féidir liom cupán caife? B. Cuir líne faoi na briathra sna habairtí seo: Rinne mé m’obair bhaile aréir. Tá mé ag ithe mo bhricfeasta anois. Ní mór dom dul amach ag siúl. An féidir leat an fhuinneog a oscailt? Bím sa bhaile i gcónaí ag a seacht a chlog. Cuirfidh mé an litir sa phost amárach. An bhfuil an madra ag ithe mo dhinnéir? Tá orainn an sliocht ar fad a scríobh amach.

  6. Coimhthígh le chéile Iarobair 2 Éist leis an mír arís agus líon na bearnaí leis an bhfoirm cheart den bhriathar. Cad faoi na canúintí, _____________ (clois) sibh na canúintí ar fad ar scoil nó an mbíonn deacracht agat in amanna na canúintí a thuiscint nó aon rud mar sin? Caithfidh mé a rá _____________ (tá) … tá… bhuel, tá canúint álainn ag an Leas-Phríomhoide, canúint ó Dhún na nGall, as Gaoth Dobhair is dóigh liom. Is breá liom _____________ (bí) ag éisteacht leis. Ach, sílim i ndáiríre like, táim go mór den tuairim nach bhfuil dóthain daoine as Conamara tar éis _____________ (tar) agus a gcanúintí a roinnt linn. Toisc, i ndáiríre is as Ciarraí formhór na múinteoirí Gaeilge atá againne. Agus cé go dtaitníonn an chanúint liom, _____________ (síl) go bhfuilimid saghas ag _____________ (caill) amach ar saghas saibhreas teanga i gConamara agus mar sin de. Ba bhreá liom dá _____________ (bí) níos mó múinteoirí againn anseo le canúintí Conamara.

  7. Coimhthígh le chéile Iarphlé 3 Bí ag obair leis an duine in aice leat. An tuairimí iad na tuairimí thíos ó dhéagóirí ón nGaeltacht nó ón nGalltacht? Cuirigí GE in aice leis na cinn a cheapann tú a bhaineann leis an nGaeltacht agus cuirigí GA in aice leis na cinn ón nGalltacht. Bígí in ann a rá cén fáth a gceapann sibh amhlaidh. • Bíonn an áit plódaithe ar feadh cúpla mí gach samhradh. • Casaim lena lán cairde ó chathracha eile sa tír gach samhradh. • Tá Gaeilge ghreannmhar ag na daltaí a thagann. • Ní thuigim an Ghaeilge a labhraíonn muintir na háite. • Bíonn na daltaí ag magadh faoinár dtithe go minic. • Tá mé an-bhródúil as an nGaeilge. • Tá sé deacair aithne a fháil ar mhuintir na háite atá ar chomhaois liom.

  8. Coimhthígh le chéile Scríobh Féach ar an sliocht beag thíos faoi thréimhse sa Ghaeltacht. Tar éis duit an sliocht a léamh, scríobh sliocht cosúil leis faoi thréimhse a chaith tú féin sa Ghaeltacht. Bain úsáid as do shamhlaíocht agus cum an scéal mura raibh tú sa Ghaeltacht riamh. Bain úsáid as an aimsir chaite ar ndóigh! D’fhreastail mé ar choláiste samhraidh i gCiarraí an samhradh seo caite. Bhí ranganna againn gach maidin ach bhí muid saor ansin sa tráthnóna. Thaitin sé go mór liom. Chas mé lena lán daoine nua agus tá cúpla cara maith agam anois tar éis na míosa ansin. Bhí náire orm labhairt as Gaeilge ar dtús mar cheap mé go mbeadh muintir na háite ag magadh fúm, ach chaith gach duine go han-mhaith linn. Bhí na múinteoirí agus na mná tí chomh foighneach sin! Bhí iontas orm gur labhair gach duine Gaeilge le chéile, sa bhaile, sna siopaí agus gach áit i ndáiríre. Tháinig feabhas an-mhór ar mo chuid Gaeilge, caithfidh mé a rá.

More Related