1 / 16

Fiachra an Fear Bréige

Fiachra an Fear Bréige. Múinteoir Aisling Gaelscoil Phádraig Naofa. Bhí fear bréige ann fadó agus Fiachra ab ainm dó. Chuir an feirmeoir é sa pháirc chun na préacháin a scanrú. Bhí seanéadaí agus seanhata ar Fhiachra.

vian
Download Presentation

Fiachra an Fear Bréige

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Fiachra an Fear Bréige Múinteoir Aisling Gaelscoil Phádraig Naofa

  2. Bhí fear bréige ann fadó agus Fiachra ab ainm dó.Chuiran feirmeoir é sa pháirc chun na préacháin a scanrú.Bhí seanéadaí agus seanhata ar Fhiachra.

  3. Shíl na préacháin gur fear crosta é Fiachra, agus bhí eagla orthu teacht isteach sa pháirc. Bhí an feirmeoir an-sásta le Fiachra.

  4. An Fómhar a bhí ann. Bhain an feirmeoir an chruithneacht. Ach d’fhág sé Fiachra sa pháirc. Shéid an ghaoth agus thit an bháisteach anuas ar Fhiachra. Ní raibh sé sásta. Bhí a chuid éadaí scríosta ar fad.

  5. Tháinig an tEarrach. Chuir an feirmeoir an síol. D’eitil na préacháin ar ais chuig an pháirc agus thosaigh siad ag gáire agus ag magadh faoi Fhiachra. “Tá an fear bréige marbh,” a cheol siad!! D’ith siad an chruithneacht.

  6. Ansin, tháinig an feirmeoir amach agus chonaic sé na préacháin. Bhí fearg mhór air. “Cén fáth nár chuir tú an ruaig ar na préacháin? Níl maitheas ar bith ionat. Déanfaidh mé fear bréige nua le cur i d’áit amárach!!” Thosaigh Fiachra ag caoineadh, bhí sé an-bhrónach

  7. Bhí an tIora rua amuigh ag súgradh sa pháirc nuair a chuala sé Fiachra ag caoineadh. “Cad é atá ort?” ar seisean.“Tá mo chuid éadaí stróicthe agus tá na préacháin ag magadh fúm,” arsa Fiachra. “Agus tá an feirmeoir ag teacht ar ais le fear bréige nua a chur i m’áit.”

  8. “Stop sin.” arsa an tIora Rua. “Éirigh as an chaoineadh sin. Fág fúm é, gheobhaidh mise éadaí nua duit, a chara mo chroí!”

  9. “Ó, go raibh míle maith agat!!! Is fíorchara thú a stór.”

  10. Amach leis an Iora Rua ar an bhóthar. Tháinig an oíche agus d’éirigh sé dorcha. Bhí Fiachra ag fanacht leis an Iora Rua teacht abhaile ach níor tháinig sé. I ndiaidh tamaill, thit Fiachra ina chodladh.

  11. Nuair a mhúscail sé ar maidin, bhí éadaí nua air. Bhí bríste nua air, léine nua air agus hata nua air. Bhí Fiachra iontach sásta. Ach nuair a tháinig na préacháin isteach sa pháirc, thosaigh siad ag gáire arís.

  12. Thosaigh Fiachra ag caoineadh arís. Ansin, tháinig an tIora rua. “Na bí ag caoineadh a thaisce, tá plean agam.” Ghlac sé druma mór amach as a mhála. “Seo bronntanas duit, a chara,” ar seisean.

  13. Nuair a tháinig na préacháin isteach sa pháirc an mhaidin sin, thosaigh Fiachra ag bualadh go láidir ar an druma. Scanraigh na préacháin agus d’eitil siad i ngach treo. Bhí áthas an domhain ar Fhiachra. Go tobann, chuala Fiachra bualadh bos taobh thiar de. Cé a bhí ann ach an feirmeoir.

  14. “Maith thú, a Fhiachra,” ar seisean. “Chuir tú eagla ar na préacháin. Tá mé iontach sásta leat. Beidh tú ag fanacht sa pháirc seo go deo.”

  15. Bhí Fiachra agus an tIora Rua an-sásta. Ach ní raibh na préacháin sásta. “Tusa mo chara is fearr” arsa Fiachra leis an Iora Rua.

  16. Gaelscoil Phádraig NaofaCrois Mhic Lionnáin • An Deireadh

More Related