html5-img
1 / 19

Cúrsaí Iompair agus Smachta

Cúrsaí Iompair agus Smachta. Foinsí Úsáideacha. www.education.ie Education and the Law – Dympna Glendenning Report on Discipline in Schools - Maeve Martin A Different Kind of Teacher – Tony Humphreys School 2000 – JimLyons Behaviour Management – Libby Walsh Draft Discipline Policy – ACS

rianna
Download Presentation

Cúrsaí Iompair agus Smachta

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cúrsaí Iompair agus Smachta P.C.

  2. Foinsí Úsáideacha • www.education.ie • Education and the Law – Dympna Glendenning • Report on Discipline in Schools - Maeve Martin • A Different Kind of Teacher – Tony Humphreys • School 2000 – JimLyons • Behaviour Management – Libby Walsh • Draft Discipline Policy – ACS • Quality Circle Time in the Secondary School – Jenny Mosley & Marilyn Tew • Legal Issues re. Difficult Behaviour – Ian O’Herlihy • A Teacher’s Survival Guide – Mick McManus P.C.

  3. Imlitreacha na Roinne • M 5/82 – Pionós Corportha a chur ar ceal • M 20/90 – Treoirlínte i dtaobh: Cúrsaí Iompair agus Smachta (Bunscoileanna) • M 33/91 –Treoirlínte i dtaobh: Cúrsaí Iompair agus Smachta (Iar-Bhunscoileanna) • M 42/93 – Brúidiúlacht/Maistíneacht • M18/99 – Foréigean sa Scoil • M 49/01 –Modhanna chun achomharc a dhéanamh P.C.

  4. Achtanna an Rialtais • An tAcht um Mhí-Úsáid Drugaí 1977 • An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997 • An tAcht Oideachais 1998 • An tAcht Oideachais (Leas) 2000 • An tAcht Comhionannais 2000 P.C.

  5. Brúidiúlacht/Maistíneacht– Rialacha M42/93 • Cuirfear an eachtra ar phár • Déanfar fiosrúchán iomlán • Déanfar gach iarracht chun teacht ar réiteach • Mura dtarlaíonn sin, cuirfear fios ar thuismitheoirí na n-íobartach agus na maistíní • Molfar do na tuismitheoirí comhairle a fháil • Is féidir smachtbhannaí, agus fionraíocht san áireamh, a ghearradh P.C.

  6. Brúidiúlacht/Maistíneacht • Séard is brúidiúlacht ann ná ionsaithe rialta • Ó bhéal, • Tré mhodhanna siceolaíocha nó • Leis an láimh láidir, • Ag duine nó grúpa amháin, ar dhuine nó ar ghrúpa eile. • Imlitir M42/93 P.C.

  7. Brúidiúlacht/Maistíneacht • Tá sé mar pholasaí ag an scoil seo, go bhfuil ceart ag gach mac léinn a bheith i dtimpeallacht oideachasúil atá saor ó eagla, ó chiapadh agus ó imeaglú de shaghas ar bith. • Is brúidiúlacht é iompar cosúil le troid, scanrú, ag glaoch leasainmneacha, gasúr a aonrú, nó am crua a thabhairt do ghasúr ar bith,agus níl sé inghlactha. • Ní cóir neamhshuim a dhéanamh de bhrúidiúlacht, nó a rá nach raibh ann ach “méiseáil” P.C.

  8. Neamhláithreachas Imní Méala Gortú Ag lorg aird múinteora Lagmhisneach/ Uaigneas Amhras faoi chlaonadh gnéasach Deacrachtaí / Fadhbanna Clainne Eascairdeas, Bréagadóireacht nó Gadaíocht Féinmheas íseal Tnútháin tuismitheoirí Ar thóir na foirfeachta de shíor Droch shláinte/ neamhord Itheacháin Neamhaird ar ghlaineacht phearsanta Doicheall roimh cheartú Fadhb mhór le díriú intinne Scarúint/ Cailliúint Claontaí/ Smaointe féinmharfacha Sainchomharthaí mhí-úsáid substaintí Tromualach oibre Bheith gan ghnaoi/ Aonaránacht Comharthaí Rabhaidh P.C.

  9. An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997 • Níl múinteoirí díonta níos mó ar fhreagracht choiriúil má úsáideann siad pionós corpartha ar mhic léinn • Is coir í pionós corpartha a úsáid ar mhac léinn agus d’fhéadfaí múinteoir a thabhairt os comhair cúirte dá bharr P.C.

  10. An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997 Ta sé ceadaithe dul i muinín na láimhe láidre, ach gan dul thar fóir leis, sna cásanna áirithe seo amháin: • Chun cosc a chur le coir nó le briseadh síochána • Chun é/í féin a chosaint : • Ar ghortú, ar ionsaí nó ar bheith coinnithe i ngéibheann de thoradh eachtra coiriúla • Má tá cearta duine á sárú • Chun a m(h)aoin a chosaint ar éinne atá ag iarraidh í a ghoid, damáiste a dhéanamh di nó í a scrios, maoin daoine eile san áireamh freisin P.C.

  11. An tAcht Oideachais 1998 • Feidhmeannais an Phríomhoide agus na Múinteoirí • Cuid V (Mír 22) • Beidh freagracht ar Phríomhoide agus ar na múinteoirí faoi stiúir an Phríomhoide as an teagasc a chuirfear ar fáil do mhic léinn sa scoil agus cuideoidh siad, i gcoitinne , le hoideachas agus forbairt phearsanta na mac léinn sa scoil sin. P.C.

  12. An tAcht Oideachais 1998 • Faisnéis do mhic léinn: Comhairlí Mac Léinn: Polasaí iontrála • De réir Mhír 27, tá dualgas ar an mBord Bainistíochta: • Nósanna imeachta a bhunú agus a chothú chun faisnéis a chur ar fáil do mhic léinn maidir le gníomhaíochtaí na scoile • Páirteachas na mac léinn in imeachtaí na scoile a chothú • Mic léinn a spreagadh chun Comhairle na Mac Léinn a bhunú • Gach cabhair a thabhairt do na comhairlí seo • Polasaí iontrála na scoile a fhoilsiú, a chuimseoidh: • Polasaí na scoile maidir le fionraíocht agus díbirt • Polasaí na scoile maidir le clárú agus rannpháirtíocht mac léinn le riachtainis speisialta agus dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste P.C.

  13. An tAcht Oideachais 1998 Nósanna imeachta maidir le hachomhairc a dhéanamh. Mír 28: • Féadfaidh tuismitheoir mic léinn (nó mic léinn atá18 +) achomharc a dhéanamh chuig an mBord Bainistíochta in aghaidh cihnneadh múinteora nó comhalta eile foirne scoile • Éistfear le gearáin ó mhic léinn nó óna dtuismitheoirí, ar gearáin iad a bhaineann leis an scoil • Déanfar gníomh leigheasta iomchuí, más gá sin, mar fhreagra ar ghearán Beidh aird ag an Aire ar a inmhianaithe atá sé achomhairc a chinneadh agus gearáin a réiteach sa scoil lena mbaineann. P.C.

  14. An tAcht Oideachais 1998 Mír 29: Is féidir le tuismitheoirí (agus le mic léinn atá 18+) achomharc a dhéanamh (chuig an gCoiste Gairmoideachais ar dtús): • Má dhíbrítear mac léinn ón scoil • Má ghearrtar téarma fionraíochta ar mhac léinn, nach lú ná 20 lá in aon scoilbhliain amháin • Má dhiúltaítear mac léinn a chlárú sa scoil • Ní mór achomhairc a dhéanamh taobh istigh de 42 lá ón dáta a gcuirtear na tuismitheoirí ar an eolas faoin gcinneadh • Ba chóir tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir leis an gceart atá acu achomharc a dhéanamh taobh istigh den tréimhse ama seo P.C.

  15. Imlitir M33/91 Ba chóir cearta agus dualgais • Na bainistíochta • Na múinteoirí • Na mac léinn • Na dtuismitheoirí a chur san áireamh agus Cód Smachta á chur i dtoll a chéile. P.C.

  16. M33/91 • Tá an Príomhoide freagrach as Cód Smachta atá cóir agus réasúnta a chur i bhfeidhm • Tá sé mar dhualgas ar gach múinteoir araíontacht a chothú ina sheomra ranga féin agus freisin freagracht, i gcomhpháirt, a ghlacadh i gcúrsaí dea-riartha taobh istigh d’áitreabh na scoile • Téann caighdeán na múinteoireachta go mór i bhfeidhm ar iompar mac léinn • Ma bhíonn dearcadh dóchasach ag na múinteoirí is féidir go nglacfaidh na daltaí níos mó freagrachta i leith a saothair agus a n-iompair. P.C.

  17. M33/91 • Cothaíonn timpeallacht tharraingteach dea-iompar • Ba chóir comhcheangal idir an tuismitheoir agus an múinteoir a chothú • Ba cheart go léireodh smachtbhannaí don dalta an difir atá idir mí-iompar beagthábhachtach agus mí-iompar níos tromchúisí. • Má chuirtear daltaí as rang ní ceart go bhfágfaí gan mhaoirseacht iad • I scoileanna ina gcoimeádtar daltaí faoi choinneáil mar smachtbhanna, ní mór tuismitheoirí a chur ar an eolas roimh ré • Nuair a leagann scoileanna béim ar luachanna saothair is ea is fearr a bhíonn na torthaí • Tá cosc ar phionós corportha P.C.

  18. Fionraíocht Má ghearrtar téarma fionraíochta ar mhac léinn : • Ba chóir an chúis a chur in iúl dó/di i scríbhinn • Déanfar cinnte de go bhfuil dátaí an téarma fionraíochta soiléir • Tá ceart ag tuismitheoirí achomharc a dhéanamh chuig an mBord Bainistíochta • Tá ceart ag tuismitheoirí a bheith i láthair ag an achomharc, ach fógra dhá lá ar a laghad a thabhairt do Rúnaí an Bhoird P.C.

  19. Díbirt Tá sé ceadaithe mac léinn a dhíbirt : • Nuair a chuireann droch-iompar an mhic léinn daoine eile i gcontúirt • Nuair a chuireann an mí-iompar isteach ar chearta na mac léinn i gcoitinne • Ní ceart dalta a dhíbirt as an scoil ach amháin i bhfíor dhroch-chás mí-iompair, agus tar éis gach iarrachta ar athshlánú agus gach cineál smachtbhanna eile a bheith triáilte N.B. Féach Imlitir M48/01 --- Conas Achomharc a dhéanamh P.C.

More Related