1 / 43

Eolas do scoileanna Samhain 2012

Féinmheastóireacht Scoile. Eolas do scoileanna Samhain 2012. An Chigireacht. Ai dhm an tseisiúin. Cur le tuiscint ar fhéinmheastóireacht scoile (FMS) Scoileanna a ullmhú le FMS a úsáid mar phróiseas d’fheabhsúchán scoile. Cuspóirí an tSeisiúin. Cad is FMS ann? Cén fáth?

pabla
Download Presentation

Eolas do scoileanna Samhain 2012

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Féinmheastóireacht Scoile Eolas do scoileanna Samhain 2012 An Chigireacht

  2. Aidhm an tseisiúin Cur le tuiscint ar fhéinmheastóireacht scoile (FMS) Scoileanna a ullmhú le FMS a úsáid mar phróiseas d’fheabhsúchán scoile

  3. Cuspóirí an tSeisiúin Cad is FMS ann? Cén fáth? Cén chuma atá ar an bpróiseas FMS? Cad a chiallaíonn sé seo do scoileanna? Cad a chiallaíonn sé domsa mar mhúinteoir? Tacaíocht do FMS

  4. 1. CAD IS FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE ANN?

  5. Cad is féinmheastóireacht scoile ann? • Bealach is ea FMS le féachaint go córasach ar an gcaoi ina múinimid agus ar an gcaoi ina bhfoghlaimíonn ár scoláirí agus le cinntí a dhéanamh ar cad is mian linn a fheabhsú Toisc • Gur mian linn an fhoghlaim a dhéanamh níos fearr do scoláirí • Gur mian linn an teagasc a dhéanamh níos tairbhiúla • Gurb iad na scoileanna is fearr atá in ann a gcleachtas féin a scrúdú agus a scéal féin a insint

  6. Is é sin le rá… Próiseas is ea FMS a cheadaíonn do scoileanna agus do mhúinteoirí torthaí a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí. Déan athmhachnamh Comhoibrigh Bailigh fianaise Leag amach tátail faoi cháilíocht (Breithiúnas) Treoraigh feabhsúchán scoile Feabhsaigh an fhoghlaim

  7. 2. FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE – CÉN FÁTH?

  8. Féinmheastóireacht scoile – cén fáth? Tá a fhios againn go n-oibríonn FMS Taighde anseo: fianaise ó scoileanna DEIS scoileanna ina ndearnadhtionscadal píolótach Taighde i dtíortha eile An Nua-Shéalainn, Albain, An Fhionlainn, Ceanada

  9. Féinmheastóireacht scoile – cén fáth? Cuid de chur chuige cothrom agus comhtháite d’fhonn tacú le teagasc agus foghlaim níos fearr Tacaíonn sé leis an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta Ag teacht le DEIS (Cothromaíocht Deiseanna a Sheachadadhsna Scoileanna) (pleanáil ghníomhaíochta) Tugtar níos mó neamhspleáchais do mhúinteoirí

  10. Áiríonn FMS… In imeacht ama, tabharfaidh scoileanna aghaidh ar thrí ghné Teagasc agus Foghlaim Bainistíocht agus Ceannaireacht Tacaíocht do scoláirí Teastaíonn uainn go dtosóidh scoileanna trí dhíriú ar theagasc agus ar fhoghlaim

  11. Táimid ag díriú ar theagasc agus foghlaim… Toisc… Gurb iad an teagasc agus an fhoghlaim príomhobair na scoile Gur mian leis na múinteoirí uile foghlaim a fheabhsú do scoláirí Tógáil ar Phleanáil Forbartha Scoile agus é a athfhrámú Chuidigh Pleanáil Forbartha Scoile le díriú ar pholasaí a fhorbairt, chothaigh sé comhoibriú agus plé Díreoidh FMS níos mó ar thionchar a bheith ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar thorthaí do scoláirí

  12. Pleanáil Forbartha Scoile agus FMS Athfhrámú is ea an próiseas FMS ar an bpróiseas pleanála forbartha scoile Leagann sé béim níos mó ar fhianaise a bhailiú agus breithiúnais a dhéanamh Is fearr a oibríonn sé nuair atá sé comhtháite in obair laethúil na scoile Bíonn gníomhú d’fheabhsúchán mar thoradh air

  13. Tasc Aidhm an taisc: • Deis a thabhairt do mhúinteoirí athmhachnamh a dhéanamh ar cad atá ag obair go maith faoi láthair sa teagasc agus san fhoghlaim ina scoil agus conas is eol dóibh é seo • Aird a dhíriú ar an ngá le breithiúnais a bhunú ar fhianaise Tasc • I bpéirí, pléigh cad atá ag obair go maith sa teagasc agus san fhoghlaim • Léirigh conas is eol duit sin • Mol conas a d’fhéadfá níos mó a fháil amach

  14. 3. CÉN CHUMA ATÁ AR AN BPRÓISEAS FÉINMHEASTÓIREACHTA SCOILE?

  15. Téarmaí coitianta in FMS Torthaí foghlaimeora Fianaise Critéir mheastóireachta Ráiteas cáilíochta Contanam

  16. Próiseas FMSag tosú Tosaigh beag – gné theoranta de theagasc agus d’fhoghlaim Sa chéad ceithre bliana: litearthacht sa Ghaeilge, litearthacht sa Bhéarla,agus uimhearthacht Cuir ceisteanna simplí Conas mar atá ag éirí linn? Conas is eol dúinn? Cén fhianaise atá againn? Conas is féidir linn tuilleadh a fháil amach? Cad iad ár láidreachtaí/réimsí forbartha? Conas is féidir linn feabhsú?

  17. Creat FMS: Teagasc agus Foghlaim Téamaí Fo-théamaí

  18. PRÓISEAS FMS • Foinsí fianaise • Sonraí measúnaithe – foirmitheach agus suimitheach • Suirbhéanna ar fhoghlaimeoirí • Suirbhéanna ar thuismitheoirí • Plé i ngrúpaí fócais • Agallaimh • Athmhachnamh an mhúinteora aonair • Athmhachnamh an ghrúpa/na roinne ábhair • Athmhachnamh scoile uile • Eispéireas le piar-dhialóg/comhroinnt • Pleanáil agus teagasc foirne • Athbhreithniú gairmiúil comhoibríoch NÁ BAILIGH AN IOMARCA EOLAIS!

  19. PRÓISEAS FMS • Sonraí a anailísiú agus a thagarmharcáil i gcoinne na gcritéar meastóireachta • Seiceáil inspreagadh, meonta, rannpháirtíocht san fhoghlaim, cur i bhfeidhm eolais agus scileanna an fhoghlaimeora • Déan cleachtas a chomhroinnt agus a chur i gcomparáid – smaoinigh agus déan athmhachnamh air seo • Scrúdaigh leibhéil ghnóthachtála na scoláirí (trialacha caighdeánacha/sonraí CSS): seiceáil i gcomparáid le noirm náisiúnta, do threochtaí inscoile • Úsáid critéir mheastóireachta chun sonraí anailísithe a sheiceáil i gcoinne tacair de chaighdeáin

  20. PRÓISEAS FMS • Déan athmhachnamh agus leag amach tátail • Déan athmhachnamh ar an eolas atá agat • Déan athmhachnamh ar an gcomparáid idir seo agus an dea-chleachtas • An gcuidíonn na critéir agus an ráiteas cáilíochta leis na chéad chéimeanna eile san fheabhsúchán a aithint? • An féidir leat cleachtas sa réimse oibre seo a chur ar chontanam ó bhuanna suntasacha go laigí suntasacha?

  21. PRÓISEAS FMS • Ní bhaineann FMS le páipéarachas. Mar sin féin, ní mór do scoileanna tuairisc bheacht a scríobh • Ba chóir don tuairisc (2/3 leathanach ar a mhéid) na nithe seo a chlárú • An téama atá roghnaithe don fhéinmheastóireacht • Cuntas gairid ar chomhthéacs na scoile • Na tátail • Achoimre ar láidreachtaí (dearbhaigh agus ceiliúraigh) • Achoimre ar na réimsí ina bhfuil gá le feabhsúchán • Seicliosta de riachtanais reachtaíochta agus rialála (don Bhord Bainistíochta)

  22. PRÓISEAS FMS

  23. PRÓISEAS FMS • Tacaigh le gníomhaíochtaí comhaontaithe d’fheabhsúchán • Cuir na straitéisí comhaontaithe i bhfeidhm • - ag leibhéal an mhúinteora aonair • - ag leibhéal na scoile uile • Déan monatóireacht ar an dul chun cinn

  24. Tasc Aidhm an taisc • Uirlisí samplacha ó na Treoirlínte a thabhairt isteach agus athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi ina bhféadfá iad seo a úsáid chun fianaise a bhailiú i do scoil féin Tasc • Úsáid an uirlis athmhachnaimh shamplach do mhúinteoirí chun smaoineamh faoi cheacht a bhí ann le déanaí. Roinn d’athmhachnamh le comhghleacaí. agus/nó • Conas a d’úsáidfeá an ceistneoir oscailte samplach do scoláirí?

  25. 4. CAD A CHIALLAÍONN SÉ SEO DO NA SCOILEANNA AGUS DO MHÚINTEOIRÍ?

  26. An próiseas FMS a thosú Imlitir 0040/2012 • Thar thréimhse cheithre bliana gabh don FMS ar an litearthacht sa Ghaeilge, ar an litearthacht sa Bhéarla, agus ar an uimhearthacht • Tóg gné amháin díobh seo gach bliain • Glac cur chuige scoile uile i leith FMS le fócas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim • Gabhann na múinteoirí uile le FMS ar an ngné atá roghnaithe ag an scoil • Cruthaigh tuairisc ghairid FMS agus achoimre do phobal na scoile • Cum plean feabhsúcháin scoile le spriocanna chun torthaí a fheabhsú do scoláirí, agus achoimre do phobal na scoile • Cuir Plean Feabhsúcháin Scoile i bhfeidhm agus déan monatóireacht air thar thréimhse thrí bliana

  27. Tá na scoileanna DEIS chun tosaigh • Tá spriocanna á socrú ag na scoileanna DEIS cheana féin agus tá pleananna feabhsúcháin ar bun acu do thinreamh, do choinneáil, do dhul chun cinn, don litearthacht, don uimhearthacht, do ghnóthachtáil scoláirí agus don chomhpháirtíocht • Ba chóir do na scoileanna DEIS a chinntiú go bhfuil a n-athbhreithnithe ar chleachtas bunaithe ar dhea-phróisis FMS, lena n-áirítear tuairisc FMS a bheith acu • Is é plean gníomhaíochta DEIS bhur bplean feabhsúcháin scoile

  28. Mar scoil... Mar shampla i scoil amháin tá na nithe seo déanta acu • An litearthacht roghnaithe • Taifid ar dhul chun cinn agus measúnú scoláirí scrúdaithe chun gnóthachtáil reatha a sheiceáil • Cinneadh déanta ar láidreachtaí maidir leis an litearthacht • An ghné is gá a fheabhsú, ainmnithe • Aontaithe go gcaithfidh díriú ar chuir chuige teagaisc chun an litearthacht a fheabhsú

  29. Mar mhúinteoir... Tá sé de fhreagracht ormsa mar mhúinteoir: • Athmhachnamh a dhéanamh ar mo chuir chuige teagaisc féin • Cuir chuige teagaisc a phlé leis an roinn ábhair/comhghleacaithe • Athmhachnamh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil fianaise bhreise de dhíth orm? Tuairimí scoláirí? Daoine eile? • Féachaint ar na critéir mheastóireachta do chuir chuige teagaisc • Láidreachtaí agus réimsí le feabhsú a aithint • Aontú ar chuir chuige teagaisc a d’fhéadfaí a úsáid chun scileanna litearthachta scoláirí a fhorbairt níos mó ag leibhéal na roinne ábhair

  30. Critéir mheastóireachta

  31. Ráiteas cáilíochta Tá an teagasc dírithe, spreagthach agus in oiriúint do riachtanais fhoghlama na scoláirí............... Úsáidtear modhanna teagaisc atá éifeachtúil agus sainiúil don ábhar. Baintear leas an-mhaith as deiseanna chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt. Múintear sainteanga an ábhair go críochnúil. Déantar forbairt mhaith ar cheachtanna i dtreo is go gcuidíonn siad leis na scoláirí dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh a gcuid scileanna, eolais agus dearcthaí de. Múintear gnéithe uile an ábhair go críochnúil agus feictear forás i bhfoghlaim na scoláirí de réir mar a ghluaiseann siad ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile. Cuirtear réimse de ghníomhaíochtaí ar fáil chun cur le forbairt iomlánaíoch an scoláire.

  32. Mar fhoireann teagaisc... Freagracht foirne uile • Roinneann ranna ábhair taithí agus torthaí an athmhachnaimh leis an bhfoireann uile • Cinntigh go bhfuil an fhianaise cothrom • Aontaigh foinsí breise fianaise, mura bhfuil an fhianaise cothrom • Aontaigh cén uirlisí a úsáidfear agus cé uathu ar chóir tuairimí a lorg • Aontaigh cé a bhaileoidh, a thiomsóidh, a dhéanfaidh anailís agus a thabharfaidh aiseolas • Cinntigh go gcuidíonn na tátail ón fhianaise ar fad a bhaileofar agus a ndéanfar anailís uirthi le cinntí a dhéanamh/le breithiúnas a dhéanamh • Scríobh tuairisc • Cum plean feabhsúcháin scoile • Cuir i bhfeidhm agus déan monatóireacht thar na ranna ábhair ar fad

  33. Tuairisc FMS – scoil X

  34. Plean feabhsúcháin scoile – Scoil X

  35. Mar fhoireann teagaisc... Straitéisí aontaithe sa phlean feabhsúcháin scoile • Curtha i bhfeidhm thar thréimhse thrí bliana • Leabaigh i gcleachtas an tseomra ranga • Mar chuid den obair laethúil • Monatóireacht ar an dul chun cinn

  36. 5. TACAÍ D’FHÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE

  37. Tacaíocht FMS • Tacaíocht do FMS • Foilseacháin • Suíomh gréasáin www.schoolself-evaluation.ie • Seimineáir SFGM don phríomhoide • Comhoibriú inmheánach – úsáid taithí agus saineolas sa scoil féin • Líonraí gairmiúla

  38. AGUS, MAR FHOCAL SCOIR….

  39. Príomhtheachtaireachtaí • Oibríonn Féinmheastóireacht Scoile • Tosaigh beag, agus coinnigh simplí é • Bíodh na múinteoirí uile páirteach • Cuir guth na scoláirí san áireamh (agus guth na dtuismitheoirí mar is cuí) • Ná bailigh ach eolas atá ábhartha • Aontaigh straitéisí agus gníomhaíochtaí d’fheabhsúchán • Cuir i bhfeidhm agus déan monatóireacht • Ceiliúraigh an rath FMS mar chuid den ghnáthchleachtas reatha sa scoil

  40. Go raibh maith agaibh www.education.ie

More Related