1 / 12

20. Ag Campáil Cois Farraige

20. Ag Campáil Cois Farraige. Ceisteanna : Cén dáta a bhí ann? Cad a tharla an lá sin? Cé a bhí ag caint leis na buachaillí? Cá raibh na buachaillí ag dul ag campáil? Cén fhad a raibh siad chun dul? Cad a cheap a mháthair faoin bplean?. Freagraí :. An dara lá fiche de Mheitheamh a bhí ann

kalyca
Download Presentation

20. Ag Campáil Cois Farraige

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 20. Ag Campáil Cois Farraige Ceisteanna: Cén dáta a bhí ann? Cad a tharla an lá sin? Cé a bhí ag caint leis na buachaillí? Cá raibh na buachaillí ag dul ag campáil? Cén fhad a raibh siad chun dul? Cad a cheap a mháthair faoin bplean? Freagraí: An dara lá fiche de Mheitheamh a bhí ann Chríochnaigh an Ardteist. Bhí an Ardteist thart an lá sin Bhí tuistí Liam ag caint leo Bhí siad ag dul ag campáil i Loch Garman Bhí siad chun dul don deireadh seachtaine Cheap sí gur smaoineamh maith a bhí ann Foghraíocht: Loch Garman

  2. Ceisteanna: Cá raibh na buachaillí? Conas a bhí an aimsir? Cad a rinne na buachaillí? Cad a cheap siad faoin bpuball? Cad a bhí sa phuball? Cad a bhí ar an bhfarraige? Freagraí: Bhí siad san ionad campála Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas Chuir siad suas an puball Cheap siad go raibh sé an-chompórdach Bhí a málaí codalta sa phuball Bhí báid seoltóireachta ar an bhfarraige

  3. Ceisteanna: Cad a rinne na buachaillí ar dtús? Cad a tharla ansin? Cá ndeachaigh na buachaillí? Freagraí: Bhí siad ag luí faoin ngrian / ag sú na gréine ar an trá Bhí Liam ag léamh leabhair Thosaigh sé ag stealladh báistí Rith siad ar ais go dtí an puball

  4. Ceisteanna: Cad a tharla don phuball? Cén bhail a bhí ar a málaí codalta? Conas ar mhothaigh na buachaillí? Freagraí: Thit an puball anuas Bhí a málaí codalta fliuch báite Bhí uafás agus díomá ar na buachaillí

  5. Ceisteanna: Cad a rinne Liam? Cad a bhí in aice láimhe? Cé air a raibh aithne ag athair Liam? Freagraí: Ghlaoigh Liam ar a Dhaid Bhí óstán deas in aice láimhe Bhí aithne ag a Dhaid ar an mbainisteoir Foghraíocht: aithne

  6. Ceisteanna: Cad ab ainm don óstán? Cá raibh na buachaillí? Cad a bhí á dhéanamh acu? An raibh siad sásta? Freagraí: Óstán na Faille ab ainm dó Bhí siad i mbialann an óstáin Bhí siad ag ithe dinnéir Bhí siad an-sásta Foghraíocht: Óstán na Faille

  7. 20. Ag Campáil Cois Farraige An dara lá fiche de Mheitheamh a bhí ann Bhí an Ardteist thart faoi dheireadh Bhí áthas an domhain ar Liam agus a chara Ba mhaith leo dul ag campáil chun a scíth a ligean Bhí siad chun dul cois trá i Loch Garman don deireadh seachtaine Chuir siad ceist ar a thuistí faoi Cheap a mháthair gur smaoineamh maith a bhí ann

  8. Chuaigh siad go dtí an t-ionad campála Bhí sé in aice na trá Bhí radharc álainn den fharraige agus na báid seoltóíreachta Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas Chuir siad suas an puball gan mhoill Cheap siad go raibh sé an-chompórdach Bhí siad iontach sásta leis

  9. Chuaigh na buachaillí go dtí an trá ar dtús Bhí siad ag sú na gréine agus ag léamh leabhair Bhí gach rud go hálainn síochánta Go tobann d’éirigh an spéir dubh dorcha Thosaigh sé ag stealladh báistí Rith na buachaillí ar nós na gaoithe ar ais go dtí an puball

  10. Bhí gaoth láidir ag séideadh nuair a shroich siad an t-ionad campála arís Faraor thit an puball anuas sa stoirm Bhí a málaí codalta agus gach rud fliuch báite Bhí uafás agus díomá ar na buachaillí

  11. Ghlaoigh Liam ar a Dhaid D’inis sé an scéal dó Dúirt a Dhaid go raibh óstán deas in aice láimhe dóibh Bhí aithne ag a Dhaid ar an mbainisteoir Rinne sé socrú dóibh fanacht ann Bhí Liam fíor-bhuíoch dó

  12. Chuaigh na buachaillí go dtí an t-óstán gan mhoill Óstán na Faille ab ainm dó Bhí ocras an domhain orthu Chuaigh siad go dtí bialann an óstáin D’ith siad béile mór blasta ann Bhí siad go breá sásta arís Cheap Liam gur olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin

More Related