1 / 22

Seánra(cineál) a gus fosheánra

Seánra(cineál) a gus fosheánra. Cineálacha scríbhneoireachta. Seánra = Catagóir = cineál. Is féidir gach píosa scríbhneoireachta a rannú i gcatagóir nó i seánra . Bainfimid úsáid as 5 phríomh-sheánra a gus 15 fhosheánra. Ficsean. D rámaíocht. N eamhfhicsean. Béaloideas. Filíocht.

diella
Download Presentation

Seánra(cineál) a gus fosheánra

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Seánra(cineál) agusfosheánra Cineálacha scríbhneoireachta

  2. Seánra= Catagóir = cineál Is féidir gach píosa scríbhneoireachta a rannú i gcatagóir nó i seánra. Bainfimid úsáid as 5 phríomh-sheánra agus15 fhosheánra.

  3. Ficsean Drámaíocht Neamhfhicsean Béaloideas Filíocht Ficsean réalaíoch Scríbhneoireacht eolais Sí scéal Coiméide Finscéal Ficsean stairiúil Traigéide Scríbhneoireacht áititheach Scéal áibhéileach Ficsean eolaíochta Beathaisnéis Miotas Fantaisíocht Dírbheathaisnéis fabhalscéal

  4. 5 Phríomh-sheánra • Ficsean: scríbhneoireacht chumtha nó shamhlaíoch • Drámaíocht: dráma nó script • Neamhfhicsean: scríbhneoireacht atá fíor • Béaloideas: scéalta a cuireadh ar aghaidh ó bhéal go béal ag pointe amháin. • Filíocht: scríbhneoireacht a bhfuil áilleacht na teanga ina tréith lárnach ann.

  5. Fosheánraí ficsin • Ficsean stairiúil: suite san am atá thart, agus bunaithe ar fhíordhaoine agus/nó imeachtaí. • Ficsean eolaíochta: bíonn eachtráin (aliens), róbait, teicneolaíocht thodhchaíoch agus/nó spásárthaigh ann. • Ficsean réalaíoch: níl aon rian den fhantaisíocht ann; d’fhéadfadh sé a bheith fíor, ach níl. • Fantaisíocht: tá arrachtaí,draíocht, nó carachtair le sárchumhachtaí ann.

  6. Cad tá i gceist le drámaíocht? Scéalta scríofa i bhfoirm scripte. Sampla Múinteoir: Seasaigí suas agus rachaimid ar shiúlóid. Dalta A: Ghortaigh mé mo chos agus ní thig liom siúl. Fosheánraí drámaíochta Coiméide: bíonn críoch shona ann. Traigéide: críochnaíonn sé le bás agus brón.

  7. Fosheánraí neamhfhicsin • Scríbhneoireacht áititheach: déantar iarracht tionchar a imirt ar an léitheoir. • Scríbhneoireacht eolais: mínítear rud éigin. Iriseoireacht, aiste, ciclipéid, mar shampla. • Dírbheathaisnéis: scéal shaol an údair • Beathaisnéis: scéal saoil duine eile Dír = ag baint le Beatha = saol fhaisnéis = cur síos

  8. Fosheánraí béaloidis Scéalta béaloideasa: De ghnáth ní fios cé a scríobh iad, nó bíonn siad athchóirithe ag an údar. • Fabhalscéal: scéal gearr le pearsantú déanta ar ainmhithe agus bíonn teagasc ann. Pearsantú: tréithe a bhaineann le daoine Teagasc: ceacht nó teachtaireacht san fhabhalscéal • Miotas: bíonn déithe agus bandéithe ann agus de ghnáth bíonn cuntas ann ar rud éigin a chruthú.

  9. Fosheánraí béaloidis(ar lean) Scéal áibhéileach • Scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill • Déantar áibhéil ar scileanna/méid/neart an phríomhcharachtair. • Tá greann san áibhéil Finscéal • Bunaithe ar fhíordhuine nó ar fhíoráit. • Déantar áibhéil ar shonraí an scéil ionas nach neamhfhicsean níos mó é. • Áibhéil déanta ar bhealach dáiríre

  10. Fosheánraí béaloidis(ar lean) Síscéal: bíonn draíocht ann agus/nó ainmhithe a labhraíonn. • Go minic tosaíonn mar seo “Fadó, fadó…” • Cosúil le fantaisíochtach i bhfad níos sine. • Go minic is duine é an príomhcharachtar • Bíonn ainmhithe a labhraíonn i bhfabhalscéalta fosta, ach tá siadsan an-ghearr.

  11. Dul siar Ficsean: ficsean stairiúil, ficsean eolaíochta, ficsean réalaíoch, agus fantaisíocht. Drámaíocht: coiméide agus traigéide. Neamhfhicsean: scríbhneoireacht áititheach, scríbhneoireacht eolais, beathaisnéis agus dírbheathaisnéis. Béaloideas: miotas, finscéal, scéal áibhéileach, síscéal, agus fabhalscéal. Filíocht:Ní phléifear an fhilíocht anseo.

  12. Ceisteanna Sna samplaí seo a leanas gheobhaidh tú teideal agus cur síos gairid ar ábhar na scríbhneoireachta. Breac síos: • An seánra • An fosheánra • Cúiseanna le do fhreagra. Comharthaí sóirt, nó tréithe a bhaineann leis an gcineál sin scríbhneoireachta.

  13. 1 Leabhar Mór an Eolais Údair éagsúla Ciclipéid a dhéanann cur síos ar an gcine daonna, ar an saol mórthimpeall agus ar an domhan mór lasmuigh.

  14. 2 Wagner – a shaol agus a shaothair Le Seosamh Mac Liam Cur síos ar shaol an chumadóra ón Ghearmáin, ar an stíl cheoil a chleachtaigh sé, agus ar na claontaí a bhí aige i gcoinne na nGiúdach.

  15. 3 Scéalta Aesóip Athinste ag Carol Watson Meascán de scéalta gearra cáiliúla, mar shampla An Toirtís agus an Giorria; An Préachán a raibh tart air; An Leon agus an Luchóg.

  16. 4 An Triail Máiréad Ní Ghráda Scéal tragóideach a phléann deacrachtaí a bhaineann le máthair shingil, agus dearcadh claonta an phobail faoina cás. Oiriúnach le cur ar stáitse do dhaltaí scoile nó do dhaoine fásta.

  17. 5 Harry Potter agus an tÓrchloch J.K. Rowling Eachtraí an draoi, Harry, agus a chairde aistrithe go Gaeilge.

  18. 6 Mo Bhealach Féin Seosamh Mac Grianna Ba dhuine ann féin é Seosamh Mac Grianna, agus tá an-éagsúlacht idir é féin agus a dheartháir Séamas. Sa leabhar seo insíonn Seosamh dúinn cad a rinne sé i rith a shaoil agus cén fáth a ndearna sé mar sin é.

  19. 7 Caillte i lár na farraige móire Máire Ní Mhurchú Tuairisc a scríobh Máire faoin eitleán a chuaigh ar strae le 239 duine ar bord in 2014. D’fhulaing clanna na ndaoine a bhí ar bord go mór agus iad ag fanacht ar scéal faoin mistéir.

  20. 8 Hurlamaboc Éilís Ní Dhuibhne Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath – Ruán, Emma agus Colm. Comharsana ar comhaois, iad ar fad ag ullmhú don Ardteist, ach éagsúil ó thaobh cúlra, aicme agus pearsantachta.

  21. 9 An Bradán Feasa Ní fios cé a chum Bhí eolas iomlán an domhain ar fáil sa bhradán speisialta seo. Gheobhadh an chéad duine a bhlaisfeadh an t-iasc an t eolas sin. Bhí Fionn Mac Cumhaill á chócaráil nuair a chuir sé a ordóg i spuaic ar chraiceann an bhradáin. B’aige a bhí fios an uile ní feasta.

  22. Freagraí • Neamhfhiscean – scríbhneoireacht eolais • Neamhfhicsean – beathaisnéis • Béaloideas – fabhalscéal • Drámaíocht – traigéide • Ficsean - fantaisíocht • Neamhfhicsesan – Dírbheathaisnéis • Neamhfhicsean – scríbhneoireacht eolais, iriseoireacht. • Ficsean – ficsean réalaíoch • Béaloideas - finscéal

More Related