1 / 27

Búdachas Nichiren

Búdachas Nichiren. Is mé Clara. Tá a lán cleachtaí éagsúla den Bhúdachas ann. Seo í mo chara, Charlotte…. Is Búdaí freisin í. Cleachtann sise Búdachas Seambhala. Déanann sise machnamh ciúin gach maidin is oíche. Ach déanann mise cleachtadh eile Is Búdaí Nichiren mise.

ahanu
Download Presentation

Búdachas Nichiren

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Búdachas Nichiren

  2. Is mé Clara. Tá a lán cleachtaí éagsúla den Bhúdachas ann.

  3. Seo í mo chara, Charlotte…. Is Búdaí freisin í. Cleachtann sise Búdachas Seambhala.

  4. Déanann sise machnamh ciúin gach maidin is oíche.

  5. Ach déanann mise cleachtadh eile Is Búdaí Nichiren mise.

  6. Bím ag cantaireacht gach maidin agus gach oíche.

  7. …roimh anghononzon

  8. Deirim ‘Nam Myohó Rengé Kyo’ arís agus arís i m’aonar nó le daoine eile.

  9. Míneoidh duit go gairid cad is brí leis na focail sin.. Ciallaíonn.. nam - tugaim mé féin suas don.. Myohó - dlí diamhair… Rengé - cúis agus éifeacht… Kyo - teagasc an Bhúda.

  10. Fadó ó shin bhí manach Búdaíoch sa Seapáin darbh ainm Nichiren

  11. Bhí Nichiren cinnte dearfa go raibh an teagasc Búdaíoch is fearr le fáil sa Sutra Loiteoige.

  12. Níor thaitin an smaoineamh seo le lucht ceannais na haimsire sin agus sa bhliain 1271, rinneadh iarracht é a mharú.

  13. Díbríodh Nichiren go dtí oileán sceirdiúil, Sadó - ar chósta na Seapáine agus chaith sé trí bliana ansin…

  14. Ach in ainneoin na géarleanúna go léir thosaigh teagasc Nichiren ag scaipeadh ar fud na Seapáine…

  15. Tosaíonn ré nua den BhúdachasNichiren nuair a bhunaigh fear darb ainm Tsunesburo Makiguchi an Soka Gakkai sa bhliain 1930.

  16. Soka Gakkai Idirnáisiúnta Eagraíocht de Bhúdaithe Nichiren a bhí agus atá fós inti a bhfuil d’aidhm aici kosen rufu nó síochain a chothú ar fud an domhain.

  17. Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda rinneadh ghéarleanúint ar TsunesburoMakiguchi ó dhiúltaigh sé glan géilleadh d'éilimh an rialtais …

  18. Tsunesburo _Makiguchi Sheas Makiguchi suas in aghaidh an mhíleatachais sa tSeapáin agus…

  19. ..cuireadh eisean agus a fhear leanúna Josei Toda i bPríosún..

  20. Faraor, fuair Makiguchi bás nuair a bhí sé i bpríosún..

  21. Ach mhair Josei Toda agus lean obair fiúntach an Soka Gakkaí ar aghaidh…

  22. Inniu is é Daisaku Ikeda atá i gceannas ar an ghluaiseacht Soka Gakkai.

  23. Is í an phríomhaidhm fós a bhíonn ag an Soka Gakkai Idirnáisiúnta ná síocháin a chothú i gcroí gach duine ar fud an domhain.

  24. Níl aon ionad lárnach ag na Búdaithe Nichiren in Éirinn fós ach bailímid le chéile i dtithe ár mball chun ár gcantaireacht a dhéanamh lena chéile.

  25. …ciúnú… Nam Myohó Rengé kyo Creidimid go bhfuil Búda-nádúr i ngach duine. Deirimidne Nam Myohó Rengé Kyo, chun spéachadh isteach a fháil ar an nádúr álainn úd den mbúdaíche (Buddhahood) atá ionainne go léir.

  26. Dar le Búdaithe is féidir teacht ar áilleacht gach duine má lorgaíonn tú go fírinneach í ionat féin agus i ngach duine eile.

  27. Deireadh le cuid II

More Related