1 / 4

An Modh Ordaitheach 1

An Modh Ordaitheach 1. Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin sa Ghaeilge. Níl le déanamh ach fréamh an bhriathair a úsáid, féach: Bí ciúin Ith do dhinnéar! Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom! Cuir glao ar an duine sin!

Download Presentation

An Modh Ordaitheach 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Modh Ordaitheach 1 Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin sa Ghaeilge. Níl le déanamh ach fréamh an bhriathair a úsáid, féach: Bí ciúin Ith do dhinnéar! Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom! Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an fhuinneog! Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom! Suigh síos! Seas suas! Bí cúramach áfach, ní féidir leat orduithe mar sin a thabhairt do do mhúinteoir nó do do thuismitheoirí nó do dhuine nach bhfuil aithne rómhaith agat air. Baintear úsáid as an gcineál sin cainte le duine níos óige ná thú nó le do chuid cairde. Agus, má thugtar na horduithe ar bhealach an-bhorb is cosúil gur duine an-chrosta thú!

  2. An Modh Ordaitheach 2 Cad atá le déanamh más mian leat ordú nó comhairle a thabhairt do níos mó ná duine amháin? Tá sé an-simplí ar fad. Cuirtear na deirí seo leis na briathra: • Agus conas a d’iarrfá ar dhuine GAN rud éigin a dhéanamh? Arís níl sé chomh deacair sin. Féach: • Consan: Guta: • Ná bac Ná habair • Ná déan Ná hól • Ná cuirigí Ná himígí • Ná faighigí Ná hordaígí

  3. An Modh Ordaitheach 3 Na briathra mírialta: Abair Abraigí Beir Beirigí Bí Bígí Clois Cloisigí Déan Déanaigí Faigh Faighigí Feic Feicigí Ith Ithigí Tabhair Tugaigí Tar Tagaigí Téigh Téigí

  4. An Modh Ordaitheach 4 Cuir na habairtí: • San uimhir iolra • Sa diúltach Bí ciúin Ith do dhinnéar! Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom! Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an fhuinneog! Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom! Suigh síos! Seas suas!

More Related