1 / 6

Feiceann muid bean atá cráite ag a dualgaisí i dtaobh a gaoil chnagaosta.

oakley
Download Presentation

Feiceann muid bean atá cráite ag a dualgaisí i dtaobh a gaoil chnagaosta.

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Tá bean ghnó ina suí ar thraein agus suíonn fear dall le plúchadh isteach trasna uaithi. Cuireann an fear dall déisteann uirthi go háirithe nuair a dhéanann sé iarracht píosa cáca milis a ithe. Insíonn sí dó go bhfuil péist sa cháca agus tagann giorra anála air. Nuair nach féidir leis a ion-análaitheoir a aimsiú, faigheann sé bás. Fágann an bhean an traein le meangadh gáire uirthi. Is scannán thar a bheith uafásach é seo a spreagann idir iontas agus bhrón sa lucht féachana. Tá an bheirt phríomhaisteoirí in Cáca Milis, Brendan Gleeson ach go háirithe, millteanach cumhachtach ina ról.

  2. Feiceann muid bean atá cráite ag a dualgaisí i dtaobh a gaoil chnagaosta. • Níl sé soiléir sa scannán cé acu máthair, aintín nó seanmháthair atá sa bhean chríonna seo sa ghluaisteán. • Tá sé soiléir agus ríshoiléir don lucht féachana áfach gur ualach trom atá inti mar go dtaispeántar a cathaoir rothaí dúinn i gcófra an chairr agus cluineann muid caint uaithi agus scaoll ina glór. • Is dócha gur chuala Catherine, duine de na príomhcharachtair sa scannán, na ceisteanna seo uaithi minic go leor, lá i ndiaidh lae thar na blianta. • Tá an radharc seo iontach tábhachtach agus ní chóir dearmad a dhéanamh den mhéid a tharlaíonn ann mar go dtugann sé comhthéacs dúinn agus míníonn sé ar dhóigh b’fhéidir an spreagadh a chuir Catherine i dtreo an mharaithe. • Cad é an cineál maraithe atá ann? Marú duine? Dúnmharú? Eotanáis?

  3. Is ea, is dócha go mbeadh cuid d’fho-chomhfhios Catherine ag maíomh gur marú trócaireach a bhí ann, amhail is gur chuir sí bonn a bróige ar fheithid a bhí leathmharbh agus a bhí ag fulaingt ar an chosán. • Is fuath léi Paul, an fear dall os a comhair. • Cuireann sé idir shamhnas agus fhearg uirthi. • Feiceann muid ó ghnúis Catherine gur is éigean gur féidir léi an t-aer céanna le Paul a análú. • Níl sí caoinfhulangach. • Cluineann sí línte comhrá uaidh a ríomhann sé ar bhonn laethúil is dócha... an scéal faoin turas chuig an stáisiún raidió, carabhán a mháthar, a phlúchadh. Cuireann sé a seanghaol i gcuimhne di. • Is léir go bhfuil Paul cleachtaithe le daoine a bheith ag éisteacht leis agus á ghiúmaráil, fear na dticéad, an tUasal Ó Dufaigh, agus an tUasal Ó Catháin a dhíol an cáca milis leis, mar shampla.

  4. Déanann muid talamh slán de mar lucht féachana go bhfuil rud eile cearr le Paul seachas a easpa radhairc agus a phlúchadh. Tá sé simplí. Leanbaí. Truacánta. B’fhéidir gur duine le Siondróm Asperger é fiú. • Tá codarsnacht iontach sa scannán seo nuair a fheiceann muid fear atá míofar, fear nach bhfuil taithí dá laghad aige ar chaidreamh le bean, ina shuí os comhair mná atá measartha dóighiúil, faiseanta, dea-chóirithe. Í ina suí lena húrscéal lán paisin is collaíochta. • Nuair a fhoghlaimíonn Paul cén cineál leabhair atá á léamh ag Catherine níl oiread agus focal amháin le rá aige faoin ábhar. “Grá...” a deir sé go bodharghuthach. • Bheadh sé fíor a rá go bhfuil saol réasúnta folamh ag Paul. Is cúis áthais dó bheith ábalta ‘cluiche na fuinneoige’ a imirt le duine nua. Déarfainn gur imir sé an cluiche seo minic go leor thar na blianta agus é ar a bhealach go dtí an carabhán. • Ná déanaimis dearmad go bhfuil ardghiúmar ar Paul sula mbuaileann sé le Catherine. Tá sé ag dul ar a laethanta saoire… áit a mbeidh sé “geal go dtí a haon déag”. Arís eile is figiúr truacánta é mar gur ábhar suime dó ar chor ar bith an tráthnóna a bheith geal nó dorcha.

  5. Tá Paul chomh caoch le smután ach imríonn sé cluiche a thugann seans dó ligint air go bhfeiceann sé go soiléir. • Maraíonn Catherine Paul le trí bhuile marfach. Maraíonn sí é go cinnte amhail is gur chuir sí miodóg ina dhroim. • Agus a chluiche ar bun ag Paul, Catherine ag imirt in éadan a tola, cuireann an bhean chruálach an chéad mhiodóg i ndroim an fhir dhaill. • Nuair a bhréagnaíonn sí a fhreagra, ag rá leis go bhfuil “loch mór millteach” le feiceáil cuireann sé cinnteacht Paul as a riocht ar fad. • Ní féidir leis dearmad a dhéanamh den ‘mheancóg’ seo, mar dhea. Tagann giorra anála air. Faigheann sé a chaife agus itheann sé giota den chíste. Cuireann sé an císte fá chónaí ach go gairid ina dhiaidh sin téann sé ar ais chuig an phráib bhándearg. Is crann taca dó é an císte. • Cuireann Catherine an dara miodóg ina dhroim… an “phéist”. Tuigeann an lucht féachana go ngoilleann an bhréag seo go mór ar Paul mar téann an ghiorra anála in olcas.

  6. Tá meangadh gáire ar aghaidh Catherine agus í ag treisiú na bréige. Tá codarsnacht láidir idir an aoibh seo agus an smut a bhí uirthi nuair a bhí Paul ag cur as di ní ba luaithe. • Is measa i bhfad an tríú miodóg ná an dá cheann eile, nó sciobann Catherine ion-análaitheoir Paul chun an dlaíóg mhullaigh a chur ar a fealltacht. • Agus Paul ag únfairt cosúil le hiasc ar bhruach na habhann, amharcann an bhean chruachroíoch ar a bhás, í sásta, déarfainn, le hobair an lae. • An féidir linn maíomh go bhfuil níos mó den mhíchumas ag Catherine ná mar atá ag Paul? Cé go bhfuil seisean dall is míchumas mothúchánach atá aici. • Ní féidir léi caidreamh sóisialta a bheith aici le duine atá ‘níos ísle’ ná í, mar dhea, ar dhréimire an tsaoil. • Fágtar an lucht féachana ina suí balbh le “cén fáth?” ar a mbeola, agus idir uafás, bhrón agus fhearg ina gcroí.

More Related