1 / 5

An tuiseal tabharthach s úil siar

An tuiseal tabharthach s úil siar. Cén rud é tuiseal? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air.

mckile
Download Presentation

An tuiseal tabharthach s úil siar

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An tuiseal tabharthach súil siar Cén rud é tuiseal? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail. Tá tuisil ina lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, sa Ghearmáinis, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó.

  2. An tuiseal tabharthach súil siar An tuiseal tabharthach Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal tabharthach nuair a bhíonn réamhfhocal agus an t-alt rompu (m.sh. ag an, ar an, leis an, roimh an, faoin, chuig an srl.). bus ar an mbus cathaoir faoin gcathaoir féasóg ar an bhféasóg gasúr leis an ngasúr poitigéir ag an bpoitigéir Cuirtear urú ar an ainmfhocal ach amháin...

  3. An tuiseal tabharthach súil siar ... Más ó Chúige Uladh tú cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal in ionad urú sa tuiseal tabharthach. bus ar an bhus cathaoir faoin chathaoir féasóg ar an fhéasóg gasúr leis an ghasúr poitigéir ag an phoitigéir

  4. An tuiseal tabharthach i agus sa Cad is brí le i bpictiúr? Cad is brí le sa phictiúr? SA = i + AN Leanann urú i agus leanann séimhiú sa Má thagann focal a thosaíonn le guta tar éis i nó sa cuirtear ‘n’ leo: i Sasana ACH in Albain sa ghloine ACH san uisce

  5. An tuiseal tabharthach cleachtadh Athraigh na focail idir lúibíní más gá. Ar thug tú an bronntanas don (múinteoir) fós? Chaith siad go holc leis an (bainisteoir). Bain an páipéar den (páiste) sin. Ar mhaith leat bheith i do chónaí faoin (tuath)? Nach bhfuil an bainne sa (mála) sin sa choirnéal? Féach, tá an leabhar ar an (bord). An maith leat an hata atá ar an (seanbhean)? Sílim go bhfuil cuileog san (uisce). Ní maith liom an dath atá ar an (teach) úd. Beidh sé ag fágáil roimh an (bliain nua).

More Related