1 / 9

Na tuisil

Na tuisil . Cén rud é tuiseal? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail .

garson
Download Presentation

Na tuisil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Na tuisil Cén rud é tuiseal? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail. Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó.

  2. Na tuisil Níl ach ceithre thuiseal sa Ghaeilge. Seo iad: An tuiseal gairmeach An tuiseal ainmneach An tuiseal tabharthach An tuiseal ginideach

  3. Na tuisil Gairmeach An tuiseal gairmeach Seo an t-athrú a thagann ar ainmneacha Gaeilge nuair a bhíonn tú ag labhairt le duine (i.e. nuair a bhíonn ‘a’ rompu). Máire a Mháire Siobhán a Shiobhán Seán a Sheáin Ciarán a Chiaráin

  4. Na tuisil Ainmneach 1 An tuiseal ainmneach Bíonn ainmfhocal sa tuiseal ainmneach nuair a bhíonn sé sa ‘ghnáthstaid’ i.e. Nuair nach mbíonn aon rud ‘ag tarlú’ dó. Tá buachaill ag imirt peile (Níl faic ag ‘tarlú’ don fhocal buachaill.) Ach! Athraíonn an focal sa tuiseal ainmneach, ceart go leor, má bhíonn an focal ‘an’ roimhe...

  5. Na tuisil Ainmneach 2 ... Féach ar na focail seo ar fad atá sa tuiseal ainmneach: Athraíonn na hainmfhocail ag brath ar a bhfuil siad firinscneach nó baininscneach. Sin ceacht i gcomhair lá eile! Idir an dá linn, bí in ann a aithint má tá focal sa tuiseal ainmneach.

  6. Na tuisil Tabharthach 1 An tuiseal tabharthach Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal tabharthach nuair a bhíonn réamhfhocal agus an t-alt rompu (e.g. ag an, ar an, leis an, roimh an, faoin, chuig an etc.). bus ar an mbus cathaoir faoin gcathaoir féasóg ar an bhféasóg gasúr leis an ngasúr poitigéir ag an bpoitigéir Cuirtear urú ar an ainmfhocal ach amháin...

  7. Na tuisil Tabharthach 2 ... Más ó Chúige Uladh tú cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal in ionad urú sa tuiseal tabharthach. bus ar an bhus cathaoir faoin chathaoir féasóg ar an fhéasóg gasúr leis an ghasúr poitigéir ag an phoitigéir

  8. Na tuisil Ginideach An tuiseal ginideach Tá cúig chúis ann go mbeadh ainmfhocal sa tuiseal ginideach. Dhá ainmfhocal i ndiaidh a chéile an samhradh: tús antsamhraidh rang: seomra ranga Tar éis réamhfhocal comhshuite an bhliain: i rith nabliana an lá: tar éis an lae Tar éis ainm briathartha dinnéar: ag ithe dinnéir peil: ag imirt peile Tar éis na focail ‘timpeall’ agus ‘trasna’ an scoil: timpeall na scoile an pháirc: trasna na páirce Tar éis focail a chuireann méid in iúl airgead: a lán airgid am: níos mó ama

  9. Na tuisil Cén tuiseal? Abair cén tuiseal atá i gceist leis na hainmfhocail atá i gcló dorcha. Tá an cailín ina seasamh ar an mbord. An raibh tú ag an gcluiche inné? Chaill mé an rang staire inniu. Cad a shíl tusa den dráma, a Phádraig? Tá an múinteoir céanna agam i gcomhair Gaeilge agus Mata. Cá bhfuil an seomra eolaíochta? Tá sé seo ródheacair. Tá níos mó cabhrach ag teastáil uaim. Bíonn orainn éide scoile a chaitheamh sa scoil seo. Caithfidh mé dul chuig an bhfiaclóir amárach. Cogar anois, a Chiara, ná bí mar sin!

More Related