1 / 25

Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna do scoileanna”. Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin. Measúnú - Ciall agus Feidhm. Measúnú – cad é? Cén fáth a ndéanaimid é? An bhfuil gá leis?. Cad é?.

keala
Download Presentation

Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna do scoileanna” Measúnú chun Foghlama Gaelscoileanna 20 Samhain 2009 Máire Uí Chiaráin

  2. Measúnú - Ciall agus Feidhm • Measúnú – cad é? • Cén fáth a ndéanaimid é? • An bhfuil gá leis?

  3. Cad é? • Is próiseas é le heolas a bhailiú faoi fhoghlaim leanaí

  4. Aidhm • Fáthmheas • Deimhniú • Foghlaim • Idirdhealú • Aiseolas • Treoir • Spreagadh

  5. Bealaí aitheanta le Measúnú a dhéanamh • Measúnú suimitheach Measúnú na Foghlama (MnF) • Measúnú múnlaitheach Measúnú chun Foghlama (McF)

  6. Dhá Phríomhshaghas Measúnaithe

  7. McF – Prionsabail agus Pleanáil  Príomhphrionsabail McF  Réasúnaíocht  Straitéisí Pleanála

  8. Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga: • An Rún Foghlama a chomhroinnt • Na Critéir Rathúlachta a chomhroinnt • Ceistiú ar ardchaighdeán bunaithe ar na Critéir Rathúlachta • Aiseolas a thabhairt bunaithe ar na Critéir Rathúlachta • Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú

  9. An Rún Foghlama a Chomhroinnt • Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag daltaí ar rún foghlama gach ceachta (cuir ar an gclár dubh ag tús an ranga é) • Is é atá i gceist leis an rún foghlama ná an cuspóir atá agat maidir leis na rudaí a bheidh ar eolas ag daltaí, na rudaí a thuigfidh siad nó a bheidh siad in ann a dhéanamh ag deireadh an ranga Samplaí: - Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann…

  10. Comhroinnt na gCritéar Rathúlachta • Tabhair critéir shoiléire shothuigthe atá bainteach leis an rún foghlama do na daltaí Sampla: - ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile agus tú ag baint úsáide as modhanna áirithe agus ba cheart go dtuigfeá na fáthanna go bhfuil siad deighilte • Cabhraigh le daltaí chun na caighdeáin a bhfuil siad ag díriú orthu a aithint – taispeáin dóibh obair dhaltaí eile a shroich na critéir rathúlachta agus mínigh na fáthanna gur shroich

  11. Ceistiú ar Ardchaighdeán Cruthaigh atmaisféar ranga ina mbraitheann na daltaí go léir slán maidir le seans a thógáil agus earráidí a dhéanamh Cén fáth ceisteanna a chur sa rang? Cén sainmhíniú a bheadh agat ar cheist mhaith?

  12. Ceist mhaith? • Ceann a thugann ar na daltaí smaoineamh? • Ceann a spreagann plé? • Ceann a bhfuil freagra ag gach dalta uirthi? • Ceann a dhéanann idirdhealú idir daltaí? • Ceann a bhfuil… mar aidhm aici? Cad mar gheall ar dhaltaí nach dtugann freagraí sa rang?

  13. Ceistiú • Tráth feithimh • Éagsúlacht sa cheistiú • Forbairt eochaircheisteanna (le haghaidh céimeanna tábhachtacha sa cheacht) • Caighdeán na gceisteanna (Cén fáth a gceapann tú...?) (An bhfeiceann tú aon ghaol idir…?) • Ceisteanna dea-phleanáilte • Níos mó ná dalta amháin páirteach sa bhfreagairt

  14. Aiseolas trí Ráiteas Cé chomh soiléir is a bhíonn an t-aiseolas a thugaimid do dhaltaí? • ‘Caithfidh tú iarracht níos fearr a dhéanamh’ • ‘Déan tuilleadh forbartha ar na smaointe seo’ • ‘Iarracht mhaith, coinnigh suas í’ • ‘Gá le breis sonraí anseo’

  15. Aiseolas trí Ráiteas Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna • Freagraíonn daltaí níos fearr do ráitis chuiditheacha seachas grádanna amháin • Cuireann marcanna an bhéim ar an gcomórtas agus ní ar an dul chun cinn pearsanta, téann siad i gcoinne na foghlama comhoibrithí • Cuireann marcanna lagmhisneach ar dhaltaí a ghnóthaíonn torthaí ísle • Ní thugann marcanna comhairle d’fhoghlaimeoirí maidir le conas is féidir feabhas a chur ar a gcuid oibre

  16. Aiseolas Éifeachtach An uair is éifeachtaí d’aiseolas ná nuair a chinntíonn sé do na daltaí: a Láidreachtaí a Laigí an chéad chéim Eile (agus conas) (L.L.E.)

  17. Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú Féinmheasúnú • Tá na daltaí páirteach sa mheasúnú ar phíosa oibre dá gcuid féin agus tá siad freagrach as an measúnú sin (Ní mór fios na gcritéar rathúlachta a bheith acu) Piarmheasúnú • Tá na daltaí páirteach i measúnú obair dhaltaí eile (ní mór tuiscint shoiléir a bheith acu ar cad atá á lorg acu in obair a gcomhdhaltaí) Is minic a théann piarmheasúnú agus féinmheasúnú in éineacht.

  18. Féinmheasúnú agus Piarmheasúnú Tá cuid mhór buntáistí ag féinmheasúnú agus ag piarmheasúnú thar obair atá measúnaithe ag an múinteoir, de réir na litríochta. • Éilíonn siad ar dhaltaí freagracht a ghlacadh as a gcuid oibre féin (bheith réamhghníomhach ina leith) • Spreagann siad an fhoghlaim trí phlé agus chíoradh (iarrtar ar dhaltaí a dtuairimí a chosaint) • Cuireann siad leis an inspreagadh agus leis an tsuim • Tugann siad ar dhaltaí machnamh a dhéanamh • Forbraíonn siad scileanna comhoibrithe

  19. Straitéisí le haghaidh Féinmheasúnaithe • Soilse tráchta Iarrtar ar dhaltaí cód dathanna a úsáid le tuiscint reatha ar thorthaí foghlama a léiriú • Samplaí oibre Tugtar samplaí oibre do dhaltaí. Iarrtar orthu an píosa oibre is fearr a aithint maraon le dearmaid choitianta agus cúiseanna leo • Scéimeanna marcála Tugtar scéim mharcála do dhaltaí agus iarrtar orthu í a úsáid chun a bhfreagraí féin a cheartú

  20. Straitéisí le haghaidh Piarmheasúnaithe • Tosaigh le céim bheag agus bog ar aghaidh de réir a chéile m.sh. Iarr ar an 1ú Bhliain cóipleabhair a mhalartú, a sheiceáil go bhfuil lipéid curtha ar léaráidí, go bhfuil eochairfhocail do thopaicí in úsáid • Tabhair freagraí do thriail dóibh agus iarr orthu trialacha a chéile a cheartú (triail ghairid) • Iarr ar dhaltaí ceisteanna TS nó AT a fhreagairt, tabhair scéim mharcála dóibh agus iarr orthu ceisteanna a chéile a cheartú

  21. Modheolaíochtaí Teagaisc McF • Gan ach ráiteas mar mharcáil • Ionchur ó dhaltaí i gcinntí faoi obair bhaile • Obair bhaile a chur ar an gclár dubh ag tús an ranga • Daltaí ag scríobh ceisteanna do thrialacha • Daltaí ag cur ceisteanna • Ceistiú ag an múinteoir (gan lámha in airde!) • Tráth feithimh • Obair phéire agus obair ghrúpa (ar chleachtaí ranga) • Féinmheasúnú ag daltaí (soilse tráchta) • Piarmheasúnú ag daltaí • Eile…

  22. Cén fáth Measúnú chun Foghlama -taighde • Spreagann McF daltaí le bheith níos gníomhaí agus níos freagraí mar rannpháirtithe ina gcuid foghlama féin • De réir tuarascáil OECD bíonn neartú suntasach i ngnóthachtáil daltaí a mbaintear leas as an measúnú múnlaitheach mar mhodheolaíocht sa teagasc a bhíonn acu (OECD, 2005) [ECFE, 2005] • Leanann dul chun cinn i bhfoghlaim daltaí measúnú múnlaitheach agus is i gcás na ndaltaí laga is mó an dul chun cinn (Black and Wiliam, King’s College London, 2000)

  23. Cén fáth Measúnú chun Foghlama –pleanáil agus feabhsú scoile • Spreagann sé múinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ranga • Daingníonn sé cultúr cleachtas nuálach • Cothaíonn sé cultúr comhoibríoch i measc múinteoirí mar roinn ábhair agus ar bhonn traschuraclaim • Cuireann sé an teagasc agus an fhoghlaim ar chlár na forbartha scoile • Ba chóir tarraingt ar McF níos minicí i gcomhar le modhanna eile measúnaithe (Tuarascálacha Cigireachta Scoile 2006-07)

  24. PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE GRÚPA:_________________ DÁTA:____________ Is féidir le múinteoirí aontú ar triail a bhaint as líon teicnící féachaint an bhfuil aon dul chin cinn suntasach san fhoghlaim, san inspreagadh nó i gcuimsiú na ndaltaí go léir. Is féidir athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama a phlé féachaint an bhfuil an teicníc ina cabhair agus an scaipfí amach níos leithne í, an leanfaí léi, an stopfaí í nó an leasófaí í.

  25. Críoch • maireuichiarain@sdpi.ie • Príomhoifig: 018057729 • Suíomh Gréasáin: www.sdpi.ie

More Related