1 / 34

Féilte an Ghiúdachais

Féilte an Ghiúdachais. Féilte Tábhachtacha. 1. an tSabóid. 2. Rosh Hashanah. 3. Yom Kippur. 4. Féile na dTaibearnacal. 5. Simchath Torah. 6. Hanukkah - Féile an tSolais. 7. Púirím. 8. Pessah. 9. Shevuot. 10. An 9ú d’Av.

keagan
Download Presentation

Féilte an Ghiúdachais

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Féilte an Ghiúdachais

  2. Féilte Tábhachtacha 1. an tSabóid 2. Rosh Hashanah 3. Yom Kippur 4. Féile na dTaibearnacal 5. Simchath Torah 6. Hanukkah - Féile an tSolais 7. Púirím 8. Pessah 9. Shevuot 10. An 9ú d’Av

  3. Téann Ben agus Hailey go dtí an tsionagóg le chéile gach Satharn.

  4. Ní bhíonn cead dul isteach sa tsionagóg gan ceannbheart cuí a chaitheamh.

  5. Téann Hailey suas go dtí an t-áiléar ach téann Ben isteach ar urlár na talún.

  6. Ná déanaigí dearmad ar an tSabóid a choimeád naofa! Maois 1. an tSabóid Is féile sheachtainiúil an tSabóid – féile a dhéantar a cheiliúradh gach Satharn.

  7. 2. Rosh Hashanah Tosaíonn an Féilire Giúdach le “Rosh Hashanah’ – an Bhliain Nua. Bíonn bianna speisialta le hithe – úlla le mil, mar shampla.

  8. Le linn na féile don Bhliain Nua, séidtear an adharc reithe ach cén fáth…

  9. Dar le Hailey, téann an traidisiún seo ar ais go dtí scéal sa Bhíobla faoi Abraham agus a mhac Isaac.

  10. De réir dealraimh, d’iarr Dia ar Abraham a mhac, Isaac a mharú ach nuair a bhí sé ar tí é a dhéanamh…

  11. Sheol Dia aingeal chuige le rá leis gan an buachaill a ghortú agus…

  12. Agus thaispeáin sé dó reithe sna driseacha le híobairt do Dhia in ionad a mhic.

  13. Bíonn an amharc reithe á shéideadh fós mar creidtear gur féidir leis an amharc reithe labhairt go díreach le Dia.

  14. 3. Yom Kippur Tá deich lá aithrí díreach tar éis na Bliana Nua a chríochnaíonn le ‘Yom Kippur’.

  15. Níl cead aon rud a ithe ná a ól ar feadh cúig uaire is fiche. Caitheann na Giúdaigh an lá seo ar fad i mbun a bpaidreacha.

  16. Ansin timpeall na míosa, Deireadh Fómhair, tarlaíonn Féile na dTaibearnacal.

  17. 4. Féile na dTaibearnacal Bíonn ar na Giúdaigh ocht lá a chaitheamh i mbothán a bhfuil a dhíon déanta de dhuilleoga.

  18. Déantar é seo i gcuimhne na laethanta nuair a bhí na tréibheanna Giúdacha ag fálróid san fhásach.

  19. 5. Simchath Torah Is é crann na beatha dóibh siúd a bheireann greim air! Ansin tagann féile ar a dtugtar ‘Ceiliúradh an Dlí – ‘Simchath Torah’. Tógann na Giúdaigh na scrollaí naofa agus tosaíonn siad ag damhsa timpeall leo.

  20. Léann muid an Torah gach seachtain sa tsionagóg. Tá 52 shliocht le léamh againn ó Gheinisis go Maois! Tagann an fhéile seo nuair atá an Torah ar fad léite agus tús á chur lena léamh arís.

  21. 6. Féile an tSolais Ceiliúrann Hanukkah (timpeall aimsir na Nollag) míorúilt a tharla sa dara haois roimh Ré na Críostaíochta.

  22. Chuir na Giúdaigh ruaig ar a sean-namhaid, na Sírigh sa 2ú haois roimh ré na Críostaíochta. Ach ní raibh ola don lampa teampaill ach d’aon lá amháin. Lean an lampa ag tabhairt solais dóibh, áfach, ar feadh ocht lá.

  23. coinnleoir ocht-chraobhach Le linn Féile an tSolais….. Lasann na Giúdaigh coinneall amháin ar choinnleoir ocht-chraobhach gach lá ar feadh ocht lá i gcuimhne na míorúilte sin.

  24. Itheann na Giúdaighh bianna blasta – go minic ullmhaithe in ola don Fhéile Mhór seo agus tugann siad bronntanais dá chéile.

  25. 7. Púirím Titeann an Fhéile ‘Púirím’ i mí Mhárta. De réir traidisiúin, shábháil Esther an pobal Giúdach ó Chinedhíothú a bhí beartaithe ag Rí na Peirse dóibh.

  26. Is féile shona áthasach é ‘Púirím’. Bíonn na Giúdaigh á cheiliúradh le ceol, damhsa agus féastaí.

  27. 8. Pessah Ithimid luibheanna searbha chun cuimhne a dhéanamh ar an sclábhaíocht san Éigipt. Ithimid figí agus cnónna greannta chun cuimhne a dhéanamh ar an mhoirtéal san obair tógála. Ceiliúrann ‘Pessah’ (Cáisc na nGiúdach) éalú na nGiúdach ón Éigipt.

  28. ‘Haggadah’ Léann páiste óg sa teach scéal na Cásca Giúdaí faoi fhuascailt na nGiúdach ón sclábhaícht san Éigipt.

  29. 9. Shevuot Deich seachtain tar éis Éalú na nGiúdach ón Éigipt fuair siad an Torah ar shliabh Sinai. Déanann ‘Shevuot’ (an Chincís) an eachtra seo a chomóradh.

  30. Tá a lán féilte beaga eile a dhéanann muid a cheiliúradh freisin amhail ‘Féile an 9ú d’Av’. Tharla a lán eachtraí gruama i stair na nGiúdach ar an 9ú lá d’Av.

  31. 10. An 9ú d’Av • briseadh agus creach na dteampall Giúdach • díbirt na nGiúdach ón Spáinn (1492) • Tús an Chéad Chogadh Domhanda (1914)

  32. Más mian leat a thuilleadh eolais faoin Ghiúdachas is féidir ceist a chur ormsa nó ar mo dheartháir, Ben.

  33. ..nó buail isteach chugainn sa tsionagóg, Satharn ar bith.

  34. Slán!

More Related