1 / 12

5. Post Samhraidh

5. Post Samhraidh. Ceisteanna : Cén m h í a bhí ann? Cá raibh na buachaillí? Cad a bhí ar siúl acu? Cad a bhí á cuardach acu ar an idirlíon? Cén fáth ar mhaith leo post samhraidh a fháil? Cén fáth a raibh airgead ó Sheán?. Freagraí :. An Meitheamh a bhí ann Bhí na buachaillí sa bhaile

joey
Download Presentation

5. Post Samhraidh

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 5. Post Samhraidh Ceisteanna: Cén mhí a bhí ann? Cá raibh na buachaillí? Cad a bhí ar siúl acu? Cad a bhí á cuardach acu ar an idirlíon? Cén fáth ar mhaith leo post samhraidh a fháil? Cén fáth a raibh airgead ó Sheán? Freagraí: An Meitheamh a bhí ann Bhí na buachaillí sa bhaile Bhí siad ar an idirlíon Bhí siad ag cuardaigh postanna samhraidh Bhí leadrán ar Liam mar ní raibh aon rud le déanamh agus bhí airgead (ag teastáil) ó Sheán Bhí airgead uaidh chun dul ar saoire, don choláiste agus chun éadaí a fháil

  2. Ceisteanna: Cá raibh postanna ar fáil? An raibh cónaí ar na buachaillí i mBaile Átha Cliath? Cén fhadhb a bhí ag Liam? Cé a bhí ina chónaí i mBaile Átha Cliath? Cén fáth a raibh spás ar fáil san árasán ag deartháir Sheáin? An raibh airgead maith ar fáil sa phost? Freagraí: Bhí postanna ar fáil in óstáin i mBaile Átha Cliath Ní raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath Bheadh orthu airgead a íoc ar árasán (mar ní raibh cónaí orthu i mBÁC) Bhí deartháir Sheáin ina chónaí ann Bhí a dheartháir imithe don samhradh Bhí pá maith ar fáil problem Friotal: fadhb

  3. Ceisteanna: Cén t-ainm a bhí ar an óstán? Cé leis ar labhair na buachaillí? Cén t-eolas ar thug sé dóibh? Cad a bhí le caitheamh acu sa phost? Cén cheist ar chuir Seán? An raibh na buachaillí sásta leis an eolas? Freagraí: Óstán Uí Néill an t-ainm a bhí air Labhair na buachaillí leis an mbainisteoir Thug sé eolas dóibh faoi na dualgais sna postanna agus na huaireanta oibre Bhí éide oibre le caitheamh acu Chuir Seán ceist faoi thosú an phoist Bhí siad sásta leis an eolas Foghraíocht: Óstán Uí Néill dualgais éide oibre duties uniform polite dualgais; Friotal: éide oibre; béasach;

  4. Ceisteanna: Cá raibh Seán ag obair? Cad a bhí le déanamh aige? Cá raibh Liam ag obair? Cad a bhí le déanamh aige? Cad a thug Liam don bhean? Cad a bhí ar fáil an lá sin? Freagraí: Bhí Seán ag obair sa bheár Bhí sé ag líonadh piontaí Bhí sé ag tabhairt deochanna do na custaiméirí Bhí Liam ag obair sa bhialann Bhí sé ag freastal ar na custaiméirí Thóg sé na horduithe bia ó na custaiméirí Thug Liam biachlár don bhean Bhí cúpla rogha speisialta ar fáil Foghraíocht: roghaspeisialta biachlár beár orduithe agfreastal special offers menu serving Friotal: rogha speisialta; biachlár; ag freastal ar

  5. Ceisteanna: Cén dáta a bhí ann? An raibh an bainisteoir sásta lena gcuid oibre? Cad a thairg sé dóibh? Cad a d’iarr sé orthu? An raibh suim ag na buachaillí san obair? Freagraí: An t-aonú lá is tríocha de Lúnasa a bhí ann Deireadh an tsamhraidh a bhí ann Bhí an bainisteoir an-sásta leo Thairg sé postanna dóibh don Nollaig agus don samhradh dar gcionn (D’iarr sé orthu ar mhaith leo post ag an Nollaig nó an samhradh dar gcionn) Bhí suim acu san obair. Bhí sé iontach, dúirt siad. Ghabh siad buíochas leis an mbainisteoir Foghraíocht: thairg dar gcionn offered following Friotal: thairg ; dar gcionn

  6. Ceisteanna: Cá ndeachaigh na buachaillí? Cad a cheap tuistí Sheáin faoi? Cad a dúirt tuistí Liam leis? Freagraí: Chuaigh na buachaillí abhaile Bhí siad an-bhródúil as Dúirt siad leis rud éigin a cheannach dó féin (agus an chuid eile den airgead a shabháil don choláiste)

  7. 5. Post Samhraidh Meitheamh a bhí ann. Bhí Seán agus Liam ar saoire ón scoil Bhí a lán am saor acu ach ní raibh aon rud le déanamh Bhí sé leadránach Ba mhaith le Seán airgead a fháil Ba mhaith leis éadaí a cheannach agus airgead a shabháil don choláiste Mar sin chuardaigh siad postanna samhraidh ar an idirlíon

  8. Chonaic siad fógra faoi phostanna in óstáin imBaile Átha Cliath. Bhí pá maith ag dul leis na postanna Ní raibh cónaí ar na buachaillí i mBaile Átha Cliath áfach Níor mhaith le Liam airgead a íoc ar árasán Ach dúirt Seán go raibh a dheartháir ina chónaí ann Bhí a dheartháir imithe don samhradh agus mar sin bhí spás dóibh fanacht ina árasán

  9. Chuaigh na buachaillí go dtí Baile Átha Cliath Bhuail siad leis an mbainisteoir in Óstán Uí Néill Labhair sé leo faoi na dualgais sa phost agus na huaireanta oibre Bhí orthu bheith béasach agus éide oibre a chaitheamh Chuir Seán ceist air faoi thosnú sa phost Bhí an bheirt acu an-sásta leis an eolas a fuair siad

  10. Thosaigh siad ag obair san óstán Bhí Seán ag obair sa bheár Líon sé na piontaí agus thug sé na deochanna do na custaiméirí Bhí Liam ag freastal ar na custaiméirí sa bhialann Thug sé na biachláir amach agus thóg sé na horduithe D’inis sé dóibh cén rogha speisialta a bhí ar fáil

  11. Ag deireadh an tsamhraidh labhair an bainisteoir leis na buachaillí Bhí sé an-sásta go deo leo Bhí siad ag obair go dian Thairg sé postanna dóibh don Nollaig agus don samhradh dar gcionn Bhí na buachaillí an-bhuíoch de Bhí spéis acu sna postanna

  12. Nuair a chuaigh siad abhaile bhí a dtuistí an-bhródúil astu Bhí siad an-sásta mar bhí airgead acu don choláiste Dúirt tuistí Liam leis rud éigin a cheannach dó féin freisin

More Related