1 / 8

Tréithe daoine cluiche 1

Tréithe daoine cluiche 1. Tréithe daoine cluiche 2. Tréithe daoine Réamhphlé.

jerzy
Download Presentation

Tréithe daoine cluiche 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Tréithe daoine cluiche 1

  2. Tréithe daoine cluiche 2

  3. Tréithe daoine Réamhphlé • Roghnaigh ceithre thréith ó na tréithe atá díreach pléite agat atá fíor fút féin agus scríobh síos i do chóipleabhar iad. Ná lig don duine in aice leat iad a fheiceáil, tá seisean ag déanamh amhlaidh. • Caithfidh sibh an cheist thíos a chur ar a chéile go dtí go bhfuil na ceithre thréith faighte agaibh: • An duine _________________ tú? • Ní féidir ach an freagra gonta a thabhairt, an bhfuil a fhios agat cad é? • Is é an duine a aimsíonn na ceithre thréith ar dtús an buaiteoir. • An síleann tú go bhfuil na tréithe a roghnaigh an duine in aice leat fíor faoi? Cén fáth?

  4. Tréithe daoine Éisteacht 1 An dtuigeann tú na focail seo? Cén leagan atá agat féin? Mór le chéile, díspeagadh , d’aon ghnó, féith ghrinn, mo dhalta féin • Éist le Deirdre ag déanamh cur síos ar a cara is fearr anois agus freagair na ceisteanna thíos: • Cad is ainm do chara Dheirdre agus an gcaitheann siad mórán ama le chéile? • An bhfuil siad ag déanamh na n-ábhar céanna ar an scoil? Mínigh. • Cén fáth nach maith le daoine áirithe Máire? • Cad iad na tréithe dearfacha atá aici? • Cad iad na tréithe diúltacha atá aici?

  5. Tréithe daoine Éisteacht 2 Féach ar an nath cainte seo a bhí sa mhír: a bheith mór le duine An raibh sé ar eolas agat? An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá? Féach ar an nath seo anois: ag cur olc ar dhuine An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá?

  6. Tréithe daoine Iarphlé 1 • Féach ar na habairtí seo thíos faoi na nithe a dhéanann cara maith agus cuir in ord tábhachta iad trí uimhir 1 a chur in aice leis an abairt a cheapann tusa atá tábhachtach ó thaobh cairdis de. Ansin cuir uimhir a dó in aice leis an gcéad abairt eile agus ar aghaidh mar sin go dtí uimhir a deich. • Déanann sé/sí m’obair bhaile dom. • Éisteann sé/sí le mo chuid fadhbanna ar fad. • Is duine an-phraiticiúil é/í. • Tá sé/sí an-saibhir. • Is breá leis/léi an ceol céanna liomsa. • Bíonn an-chraic againn le chéile. • Tá sé/sí an-dathúil. • Aontaíonn sé/sí le gach rud a deirim. • Tá aithne againn ar a chéile ó bhí muid bliain d’aois. • Is duine an-chliste é/í. • Anois, labhair leis an duine in aice leat. An bhfuil an dearcadh (outlook) céanna agaibh ar cad is cara maith ann?

  7. Tréithe daoine Iarphlé 2 • Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat faoi chara éigin dá c(h)uid. Bí in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna tú féin mar beidh sé ag cur na gceisteanna ortsa chomh maith. • Cad is ainm dó/di? Cá bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí? • Cad iad na dea-thréithe atá aige/aici? Tabhair samplaí. • An bhfuil aon tréith nach maith leat faoi/fúithi? Mínigh. • Cad a dhéanann sibh nuair a bhíonn am saor agaibh? • Cén chuma atá air/uirthi? • Cé chomh fada is atá sibh mór le chéile? • Ar chuir sé/sí olc ort riamh? Mínigh. • Déan cur síos ar an gcéad uair a chas sibh le chéile.

  8. Tréithe daoine Iarphlé 3 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa. Cad iad na tréithe atá ag na daoine cáiliúla seo, dar libh? Bígí in ann a rá cén fáth a gceapann sibh amhlaidh.

More Related