1 / 6

Féile Mhic Dara

Féile Mhic Dara. Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí Iúl gach bliain a bhailaíonn daoine, idir óg agus

elwyn
Download Presentation

Féile Mhic Dara

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Féile Mhic Dara Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí Iúl gach bliain a bhailaíonn daoine, idir óg agus aosta le chéile chun turas a thabhairt ar Oileán Mhic Dara, chun éisteacht leis an Aifreann a bhíonn á léamh istigh ann.

  2. Is ar an oileán seo a bhí conaí ar Mhac Dara, Mac le Dubh Dara, Árd Rí Laighean a tháinig anseo leis an gCríosúlacht. Deirtear gur tháinig MacDara ó chondae an Dúin, bhí seisear in eineacht leis, Mac Duach, Caolann, Caillin, Éinne, Flannán agus Feichín. Chomh maith leis sin bhí seachtar dreirfiúr dhó ag fanacht ann ar feadh tamall. Is ar an oileán seo a bhí conaí ar Mhac Dara, Mac le Dubh Dara, Árd Rí Laighean a tháinig anseo leis an gCríostúlacht. Deirtear gur tháinig MacDara ó chondae an Dúin, bhí seisear in eineacht leis, Mac Duach, Caolann, Caillin, Éinne, Flannán agus Feichín. Chomh maith leis sin bhí seachtar dreirfiúr dhó ag fanacht ann ar feadh tamall. Mná naofa a bhí iontu seo chomh maith. Tá tobar seacht n-iníon Rí Laighean ar an Oileán Maisiún agus ceann eile sa Meall-Rua i Muighinis.

  3. Tá scéal teampall Mhic Dara an spéisiúil. De réir béaloidis tá go ráite gur tháinig bád isteach to dtí Oilean Mhic Dara aimsir ghála le linn do Mhac Dara agus dá chomhluadar a bheith ann. Bhí beithigh ag Mac Dara ar an oileán agus ó tharla go raibh feoil ag teastáil uaidh lucht an bháid, ghoid siad an tarbh agus an reithe a bhí ar an oileán agus thugadar leo iad chun iad féin a bheathú. Gach uair a thriall siad imeacht ón oileán shéidfeadh gála agus cuirfí arais arís go dtí an t-oilean iad. Ar deireadh bheartaigh siad na h-ainmhithe a thabhairt ar ais agus d’fhág siad saor cloch ón Spáinn freisin, chun teampall a thógal do Naomh Mac Dara.

  4. . Is i ndeireach an 5ú aois agus tús na 6ú aois a bhí Mac Dara ann. Spáinneach a thóg an teampall. “An Deoraí” an t-ainm a tugadh air. Tá a uaigh ag binn an teampaill, “uaigh an deoraí” atá glaoite air. Níl aon teampall eile san Eoraip den déanamh ceanna le Teampall Mhic Dara. Is cinnte go raibh Mac Dara an-mhór le rá agus teampall dá shórt a bheith aige san am sin de’n t-saol, mar ní raibh ceann cloiche ar aon cheann eile dá raibh ann. Bhí go leor daoine ina gconaí ar an oileán aniar thríd an aimsir.

  5. Ar an séú lá déag de mhí Iúl gach bliain bíonn “patrún” go dtí an Oileán. Is ansin a léigheann an Sagart Aifreann. Taréis an Aifrinn tagann na daoine amach ar bháid go dtí Céibh an Mhása agus tosaíonn an spraoi, spóirt, an cheol agus an chraic. Is ar an Domhnach is gaire do Lá Mhic Dara a bhíonn rásaí na báid seoil. Tagann na bádóirí ó chuile áit in Éirinn

  6. Bíonn go leor imeachtaí eile, chomh maith le rasaí báid, rasaí currachaí, cluiche de pháistí, tarraingt téide, agus go leor eile. Chomh maith leis sin bíonn ceol agus craic istigh ag céibh an Mhása. Seo é Seamusín Sonaí thuas ag baint torann as an adhmad!!

More Related