1 / 17

Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama

Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Intinní Foghlama. An ról atá ag piarmheasúnú, féinmheasúnú agus féinmheastóireacht a thuiscint i dtaca le cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama Meabhrú ar roinnt straitéisí le húsáid sa seomra ranga.

Download Presentation

Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama

  2. Intinní Foghlama • An ról atá ag piarmheasúnú, féinmheasúnú agus féinmheastóireacht a thuiscint i dtaca le cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama • Meabhrú ar roinnt straitéisí le húsáid sa seomra ranga

  3. Cad chuige an machnamh scoláirí? ‘Nuair nach mbíonn ann ach múinteoir amháin agus tríocha scoláire agus a thagann an t-aiseolas uile ó nó tríd an múinteoir, níl aon seans go soláthrófar go leor aiseolas ardchaighdeáin.’ Ian Smith (2004)

  4. Cad chuige an machnamh scoláirí? • Spreagann foghlaim neamhspleách • - (gníomhach | cumhachtaithe | féintuilleamaíoch) • Méadaíonn féinmhuinín scoláirí • Forbraíonn an cumas chun cáilíocht a aithint • Feabhsaíonn tuiscint scoláirí

  5. Cad chuige an machnamh scoláirí? • Bíonn an t-aiseolas i dteanga a úsáideann na scoláirí eatarthu féin • Treisíonn sé guth na scoláirí sa seomra ranga • Tugann aiseolas luachmhar dóibh agus dúinne

  6. An difríocht idir mheasúnú agus meastóireacht • Measúnú • Cuireann sé síos ar ghníomhaíochtaí a chabhraíonn le foghlaimeoirí machnamh ar CAD atá foghlamtha acu agus é a mheas in éadan gnéithe cáilíochta • Meastóireacht • Cuireann sé síos ar an bpróiseas a úsáideann foghlaimeoirí chun tuiscint a fháil ar CONAS atá siad ag foghlaim – baineann sé le tuiscint bheith acu orthu féin mar fhoghlaimeoirí

  7. An difríocht idir cheartú agus measúnú ‘Is mó go mór ná seiceáil le haghaidh earráidí nó laigí é bheith ag tabhairt faoi phiar- agus féinmheasúnú. Baineann sé le bheith ag rá go soiléir rud a bhíonn intuigthe de ghnáth agus mar sin de tugann sé ar an scoláire bheith níos gníomhaí ina chuid foghlama. Éiríonn na scoláirí níos eolaí ar cén uair a bhíonn siad ag foghlaim agus cén uair nach mbíonn.’ - Black & Wiliam: Working Inside the Black Box

  8. Scoláirí a ullmhú • Roinn intinní foghlama agus gnéithe cáilíochta • Samhaltaigh na próisis mheasúnaithe agus aiseolais • - Triail gníomhaíochtaí measúnaithe grúpa • - Úsáid an próiseas aiseolais chun a léiriú conas tabhairt faoi • - Úsáid ceistiúchán éifeachtach • Cruthaigh an t-atmaisféar ceart • - Spreag oscailteacht faoin bhfoghlaim • - Leag síos ionchais don obair ghrúpa.

  9. An Lá Liath Chroch an lá os ár gceann mar a bheadh braillín fhliuch ann. Rois na carranna thart ar an mótarbhealach amhail mirlíní a caitheadh trasna an urláir. Bhí na duilleoga ar crochadh sna crainn mar a bheadh giotaí tósta spadach ann. Bhí loinnir dhearg agus ór ar na duilleoga ar nós tine. Bhí an talamh fliuch ar nós oighear-rinc dhubh shleamhain. Chroch na scamaill os ár gcionn go han-íseal. Chnag an fhearthainn ar an bhfuinneog mar a bheadh druma á bhualadh. Intinn Foghlama: Samhlacha a úsáid chun atmaisféar a chruthú • Gnéithe cáilíochta: • Gach rud a chur i gcomparáid le rud éigin eile • ‘mar a bheadh’……‘ann’; • amhail’ • ‘chomh’……..‘le’ • ‘amhail is’ A Haon Aimsigh 2 rud a d’éirigh leis an scoláire a dhéanamh ag tagairt do na critéir ratha. A Dó Aimsigh an chuid den obair is mó a bhfuil scóip inti chun feabhas a dhéanamh A Trí Scríobh leid ghairid á rá leis an bhfoghlaimeoir go díreach an rud le déanamh leis an gcuid seo den obair s’aige. An féidir smaoineamh ar shamhail chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a raibh na scamaill ar crochadh nó ag bogadh?

  10. An Lá Liath Chroch an lá os ár gceann mar a bheadh braillín fhliuch ann. Rois na carranna thart ar an mótarbhealach amhail mirlíní a caitheadh trasna an urláir. Bhí na duilleoga ar crochadh sna crainn mar a bheadh giotaí tósta spadach ann. Bhí loinnir dhearg agus ór ar na duilleoga ar nós tine. Bhí an talamh fliuch ar nós oighear-rinc dhubh shleamhain. Chroch na scamaill os ár gcionn go han-íseal. Chnag an fhearthainn ar an bhfuinneog mar a bheadh druma á bhualadh. Intinn Foghlama: Samhlacha a úsáid chun atmaisféar a chruthú Gnéithe cáilíochta: Gach rud a chur i gcomparáid le rud éigin eile ‘mar a bheadh’……‘ann’; amhail’ ‘chomh’……..‘le’ ‘amhail is’ A ceathair… go leor ama a thabhairt dóibh chun an t-ábhar a léamh agus a phróiseáil agus chun freagairt dó. An féidir smaoineamh ar shamhail chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a raibh na scamaill ar crochadh nó ag bogadh? ‘Ghluais na scamaill os mo chionn ar nós báid ar an bhfarraige’

  11. Smaointe eile • Soilse Tráchta • Ordóga in Airde • Scála1 – 5 • Eagraithe grafacha

  12. Féinmheasúnú Féinmheasúnú déanann scoláirí machnamh ar cad atá foghlamtha acu Féinmheastóireacht déanann scoláirí machnamh ar conas a d’fhoghlaim siad Luathdheiseanna le haghaidh forbartha Féinmheasúnú úsáideann scoláirí gnéithe cáilíochta chun a gcuid oibre féin a mheas sula marcálfaidh an múinteoir í Féinmheastóireacht úsáideann scoláirí ceisteanna féinmheastóireachta chun machnamh a spreagadh le linn seisiúin ghairide iomlánacha

  13. Leideanna féideartha don fhéinmheastóireacht • Ba é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé … • Ba í an dóigh ar fhoghlaim mise … • Ba é an rud a chonacthas dom bheith deacair … • Ba é an rud is mó a thaitin liom … • Is é an rud ar mhaith liom níos mó eolais a fháil air… • Is é an rud a bhfuil níos mó cúnaimh uaim leis … • Is é an rud fós a chuireann mearbhall orm …

  14. Leideanna féideartha don fhéinmheastóireacht… • Is é an rud is mó a chuir ionadh orm … • Is é an rud a d’fhoghlaim mé atá nua … • Is é an rud a chabhraigh liom nuair a d’éirigh cúrsaí casta… • Is é an rud a chuir ag smaoineamh mé dáiríre … • B’fhéidir gur mó a d’fhoghlaimeoinn dá … • Is é a d’athróinn sa ghníomhaíocht seo chun cabhrú le rang eile foghlaim níos fearr …

  15. Leideanna féinmheastóireachta Cad a mheas tú a bhí furasta faoi bheith ag foghlaim conas …? Cén rud a bhfuil níos mó cabhrach uait leis? Cad is féidir leat a dhéanamh anois nach bhféadfá a dhéanamh roimhe? Cad a thug ort smaoineamh go dáiríre? Cad is mó a thaitin leat? Is é an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim tú …

  16. Straitéisí a mholtar chun cabhrú leis an bpróiseas • Déan gnáthamh de • Tabhair an t-eolas do na foghlaimeoirí a theastaíonn uathu • Coimeád éagsúil é • Cuir san áireamh é sa phleanáil • Dírigh ar na láidreachtaí • Déan cinnte de go n-aithnítear an treo atá faoi • Mínigh do na tuismitheoirí é

More Related