210 likes | 432 Views
Rólghlacadh. deis chun teanga a chleachtadh – eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga á n-úsáid páistí sásta dul sa seans leis an teanga atá acu (féin-mhuinín tábhachtach anseo) comhtháthú na scileanna fíorchumarsáid ar siúl.
E N D
Rólghlacadh • deis chun teanga a chleachtadh – eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga á n-úsáid • páistí sásta dul sa seans leis an teanga atá acu (féin-mhuinín tábhachtach anseo) • comhtháthú na scileanna • fíorchumarsáid ar siúl
Drámaíocht mar straitéisNaíonáin RC lgh. 32-35Rang 1&2 lgh. 40-43Rang 3&4 lgh. 52-55, 58Rang 5&6 lgh. 66-69, 73
Rólghlacadh • deis don mhúinteoir idirtheanga na bpáistí a chloisteáil (measúnú foirmitheach) • deis ag na páistí an teanga atá siad ag cleachtadh sa rólghlacadh a úsáid i gcomhthéacs na scoile
Drámaíocht • an féidir an drámaíocht a úsáid mar straitéis chumarsáideach i ngach rang-ghrúpa? Naíonáin: Lucha beaga buí Rang 1&2: Páistí óga ag teacht ar scoil Rang 3&4: Liathróid i bPáirc an Chrócaigh Rang 5&6: Cá Cá Cá
Tugann straitéisí drámaíochta deis • forbairt ar na cluichí teanga m.sh 20 ceist • freagairt don fhilíocht, don scéalaíocht, agus don léitheoireacht • an scoil mar chomhthéacs cumarsáide a fhorbairt
drámaíocht stáitse T.M. lgh. 98 • agallamh réamhullmhaithe a fhorbairt T.M. lgh. 68 & 69 • comhthéacs na scoile – frása na seachtaine
Cén fáth cluichí teanga agus tascanna? • deis a thabhairt do na páistí an teanga a úsáid • seans éisteacht léi, nó í a léamh nó a scríobh • bíonn cuspóir difriúil le gach cluiche • bíonn comhthéacs réalaíoch ag na páistí chun tuiscint a fháil ar an ngramadach • tá éagsúlacht agus taitneamh ag baint leo.
Treoir sa Churaclam Naíonáin : lgh. 28-35 Rang 1-2 : lgh. 36-47 Rang 3-4 : lgh. 48-61 Rang 5-6 : lgh. 62-75
Moltaí praiticiúla Treoirlínte do Mhúinteoirí lch. 73 – 87
Cluiche Tomhais :Cé mise? Naíonáin Bíonn hata mór dubh orm, Bíonn clóca dubh orm. Níl mé go deas Cé mise? Daoine eile: fear sneachta, múinteoir, dochtúir, Daidí na Nollag 7rl..
Forbairt ar “Cé mise?” Ranganna 1 agus 2 “Tá ceithre chos orm, Is maith liom cnámh, Is peata deas mé, Deirim “bhuf-bhuf” Cé mise?” Ainmhithe eile: cat, bó, coinín, capall, 7rl
“Cé mise?” Ranganna 3 agus 4 Is buachaill mé, Is féidir liom eitilt, Tá spéacláirí orm, Tá mé go maith ag imirt cluichí, cluiche amháin go speisialta. Cé mise?
Cé mise/ muid? Ranganna 5 agus 6 Rugadh i mBaile Átha Cliath mé. D’fhág mé an tír. Is mise an duine is sine sa chlann. Tá mé go maith ag imirt sacair. D’imir mé le foireann Leeds. Cé mise?
Céard é ? • Leathnú amach ar an gcluiche “Cé mise?” • ag úsáid na dtopaicí-: • bréagáin (naíonáin) • éadaí (rang 1-2) • peataí (rang 3-4) • caitheamh aimsire (rang 5-6)
Cluiche Bingo (T.M. lch.82) • naíonáin : dathanna, uimhreacha • ranganna 1-2: forbairt ar na dathanna agus uimhreacha • ranganna 3-4: foclóir bunaithe ar na topaicí. • ranganna 5-6: -aimsirí na mbriathra -focail cháilitheacha -focail fhrithchiallacha -fogharluach agus patrún na bhfocal
Cá bhfuil sé? (naíonáin) (T.M. lch.79) Cá bhfuil an ________ ? Sa bhosca, sa mhála, sa chófra, sa chúinne. Cá bhfuil sé ? Ranganna 1 agus 2 Ar, sa , faoi, idir, ag. (RC lch. 43.)
Cá bhfuil sé? Ranganna 3 agus 4 Ceisteanna a chur faoi shuíomh, m.sh. ar dheis, ar chlé, taobh thiar, ar chúl, sa lár, 7 rl..(RC. lch. 55.) Ranganna 5 agus 6 Thuas, thíos, istigh, amuigh, in aice, trasna, 7rl.. Dúshlán breise cainte molta sna (T.M. Lgh. 79) m.sh. Ceapaim/sílim/ Measaim go bhfuil---- Déarfainn go bhfuil---- Ar leag tú-----? Ar chuir tú--? Ar fhág tú---? Ar chuir tú i bhfolach?
Cluichí agus Tascanna eile…….. Naíonáin – Rang 2 Bíonn ar pháistí tuiscint a léiriú trí : • aithint • aimsiú • meaitseáil • dathú • tarraingt • gluaiseacht • mothúcháin a léiriú
Rang 3 - 6 Bíonn na ceithre shnáithe fite fuaite le chéile sa tasc agus iad ag ; • tomhas • taispeáint • clárú eolais • breacadh nótaí • críochnú pictiúr • leanúint treoracha • aimsiú ó chur síos