230 likes | 385 Views
An Dá Phadhraic. Le Johnny Chóil Mhaidhc. Bhí Dá Phádhraic I Ros Muc Roimh an Éirí Amach. D’fhág Ó Conaire a theallach féin Agus tháinig Pádhraic eile isteach. A d’fhan I mbothán tuí leis féin Suite ar bhruach na locha. Aghaidh a dhorais leis an ngréin Agus an doras eile leis na clocha.
E N D
An Dá Phadhraic Le Johnny Chóil Mhaidhc
Bhí Dá Phádhraic I Ros Muc Roimh an Éirí Amach
D’fhág Ó Conaire a theallach féin Agus tháinig Pádhraic eile isteach
A d’fhan I mbothán tuí leis féin Suite ar bhruach na locha
Aghaidh a dhorais leis an ngréin Agus an doras eile leis na clocha
Chuaigh Pádhraic soir is Pádhraic siar, Gach fear de réir a thréithe
Scríobh an Pádhraic thoir ar an áit thiar Agus scríobh an Pádhraic thiar a smaointe
Scríobh Sean-Phádhraic na Seacht mbua Seacht mbua an Éirí Amach
Leabhar nach scríobhfadh sé go deo Múrach gur tháinig Pádhraic eile isteach
Scríobh Sean-Phádhraic na seacht mbua Scríobh Mac Grianna an aiste
Ba í an leabhar féin an t-ochtú bua Ach ba í an naoú bua an aiste
Scríobh an Piarsach the fool Agus tugadh fool ar an bPádhraic eile
D’imigh Sean-Phádhraic leis ina charr Agus asailín beag dubh
Aon phingin déag is leathphingin ina láimh Ag scríobh is ag codladh amuigh
Moladh an bheirt sin théis a mbáis Fear an phinn is fear an ghunna
Ach is moladh mairbh a bhí ann An tráth a moltar daoine dona
Ach tiocfaidh lá nár tháinig fós Fíneoidh feoil agus Iofaigh cónra
Cé go bhfuil Gaeil básaithe atá beo Tá an Piarsach beo is Ó Conaire
Sé béal an Phiarsaigh féin a dúirt ‘Éire saor is Éire Gaelach’
Tá b’fhéidir ann go mbeidh sí saor Ach le saol na saol na saol ní bheidh sí Gaelach
Is gleoite é teach an Phiarsaigh Innu Ach tá teanga an Bhéarla ag leathnú
Dá gcoinneofaí a thír mar a theach Ba dheise an thrí inniu í ag breathnú
Andeireadh Ó ClíodhnaNíNiaidh Agus Elaine NíNiadh 7.02.12