1 / 9

An tríú domhan Réamhobair 1

An tríú domhan Réamhobair 1. Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Jack as Coláiste Eoin ag déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú leis, déan na gníomhaíochtaí seo, atá bunaithe ar an stór focal is deacra sa mhír, leis an duine in aice leat. comhbhádóir leigheas riachtanach

whitney
Download Presentation

An tríú domhan Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An tríú domhan Réamhobair 1 • Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Jack as Coláiste Eoin ag déanamh díospóireachta. Sula n-éisteann tú leis, déan na gníomhaíochtaí seo, atá bunaithe ar an stór focal is deacra sa mhír, leis an duine in aice leat. • comhbhádóir leigheas riachtanach • sainiúil gnáthmhuintir ragobair • soiléiriú vacsaíniú caiteachas • maláire liúntais paiseanta • géarchéim míchothú bia Indiaigh • Cuir na focail in ord ó thaobh mhéid na bhfocal de, trí uimhir 1 a chur in aice leis an gceann is faide. • Roinn na focail i ngrúpaí: (a) na cinn atá ar eolas agaibh; (b) na cinn ar féidir libh buile faoi thuairim a thabhairt fúthu agus (c) na cinn nach bhfuil ar eolas agaibh. • Bain úsáid as foclóir nó as www.focal.ie chun brí na bhfocal nach bhfuil ar eolas agaibh a aimsiú. • Roinn na focail i ngrúpaí arís: (a) na cinn a bhaineann le cúrsaí sláinte; (b) na cinn a bhaineann le cúrsaí oibre; (c) na cinn a bhaineann le daoine agus (d) na cinn atá fágtha.

  2. An tríú domhan Réamhobair 2 • Féach ar na focail arís. • comhbhádóir leigheas riachtanach • sainiúil gnáthmhuintir ragobair • soiléiriú vacsaíniú caiteachas • maláire liúntais paiseanta • géarchéim míchothú bia Indiaigh • Críochnaíonn aidiacht le –úil, le -a nó le –ach go minic, aimsigh ón liosta focal iad. • Is minic a chríochnaíonn focail a chuireann síos ar ghairmeacha nó ar dhaoine le –óir. Tá sampla amháin sa liosta – cuir san uimhir iolra é. • Tá dhá fhocal san uimhir iolra, cad iad? Cuir san uimhir uatha iad. • Tá trí chomhfhocal ann, cad iad? An féidir leat a rá cad is brí leis na focail atá taobh istigh de na comhfhocail sin?

  3. An tríú domhan Éisteacht 1 Éist le díospóireacht Jack agus freagair na ceisteanna: Cuid 1 Cén pointí atá ag Mícheál agus ag Conall? Cuid 2 Breac síos an oiread pointí agus is féidir faoina ndeir Jack faoi chúrsaí sláinte. Cuid 3 Cad a fhoghlaimíonn muid faoi Mhósaimbíc? Cuid 4 Conas a chuireann Jack ár dtír féin i gcomparáid le tíortha sa tríú domhan?

  4. An tríú domhan Éisteacht 2 Éist le Jack arís agus líon na bearnaí sa script an t-am seo. Níl anseo ach cuid 2 agus cuid 3. A dhaoine uaisle, mar is eol dúinn go léir tá fadhbanna móra sláinte agus leighis sa tríú domhan. Mar a dúirt Mícheál téann _______ de chúnamh an stáit don tríú domhan go tíortha sa Afraic. Ach, a dhaoine uaisle, i 2011 fuair _______ milliún páiste faoi chúig bás de bharr na bhfadhbanna seo. Níos mó ná daonra na hÉireann, a dhaoine uaisle. Ar a laghad sa tír seo tá na hospidéil ar oscailt agus ag feidhmiú, a Bhernard. Níl ganntanas leighis agus vacsaíniú, tá córas agus tá cúnamh. Ní mar sin don tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a léiríonn beagnach _______ milliún páiste marbh. Tá an cúnamh riachtanach mar a léiríonn rátaí damanta HIV, maláire agus míchothú bia. A Chonchúir ó Choláiste Rís, labhair tusa faoin difríocht iontach a dhéanfadh an cúnamh airgid a thug an stát don tríú domhan i seirbhísí leighis na hÉireann. Bhuel, an raibh a fhios agat a Chonchúir gur chaith an HSE amháin i mbliana _______ milliún euro ar liúntais agus ragobair. Is flaithiúil sin, rófhlaithiúil b’fhéidir, a dhaoine uaisle.

  5. An tríú domhan Éisteacht 2 A dhaoine uaisle, de bharr chúnamh an stáit sa Mhósaimbíc tá laghdú _______ i méid (líon) na ndaoine a bhfuil HIV orthu. Faoi 2012 bhí ardú ó 150 míle go _______ míle i méid na ndaoine a bhfuil leigheas HIV á fháil acu. Ach tá _______ milliún duine sa Mhósaimbíc amháin, a dhaoine uaisle, tá na milliúin fós i mbaol. Sin an fáth nach bhfuil an cúnamh rófhlaithiúil. A Mhegan, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, dúirt tú nach bhfuil an t-airgead againn le tabhairt don tríú domhan, mar a dúirt Mícheál, _______ dár gcaiteachas iomlán, agus deir tú go bhfuil sin rófhlaithiúil? Ní hionann géarchéim na tíre seo, a dhaoine uaisle, agus an fhulaingt, an bochtanas agus an bás sa tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a luaigh Mícheál romham.

  6. An tríú domhan Iarphlé 1 Ceisteanna faoi éisteacht. An raibh an mhír éisteachta deacair, dar leat? Cén fáth? An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana? Cén fáth? An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana sa teanga eile a bhfuil staidéar á dhéanamh agat air? Cén fáth? An gcuidíonn sé má bhíonn cur amach agat ar ábhar na míre roimh ré? Conas? An gá an foclóir ar fad a bheith ar eolas agat sula n-éisteann tú le mír? An gceapann tú go bhfuil mír raidió níos deacra ná mír theilifíse? Cén fáth? Cad is féidir leat a rá faoi na gnéithe seo a leanas agus tú ag éisteacht le mír ar scoil, i scrúdú, ar an raidió nó ar an teilifís: canúint luas an chainteora uimhreacha stór focal

  7. An tríú domhan Iarphlé 2(A) Léigh amach na ráitis faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat. Caithfidh sé a rá an bhfuil siad fíor nó bréagach. Tá Mósaimbíc chomh mór céanna le California. Tá teorainn aici leis an Tansáin. Tá aeráid theochriosach (tropical) agus fo-theochriosach ag Mósaimbíc. Is é an abhainn a théann tríd an tír ná an Zambezi. Ba choilíneacht Shasanach í tráth. Freagraí Bréagach. Tá an tír beagnach dhá oiread níos mó ná California. Fíor. Fíor. Fíor. Bréagach. Ba choilíneacht Phortaingéalach í.

  8. An tríú domhan Iarphlé 2 (B) Léigh amach na ráitis faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat. Caithfidh sé a rá an bhfuil siad fíor nó bréagach. Tá timpeall 23 milliún duine ina gcónaí i Mósaimbíc. Is é 50 bliain an t-ionchas saoil atá ag an ngnáthdhuine sa tír. Bíonn timpeall ochtar páistí ag mná. Níl léamh ag níos mó ná leath an daonra. Bhain siad neamhspleáchas amach sa bhliain 1995. Freagraí Fíor. Bréagach. 40 bliain. Bréagach. Cúigear. Fíor. Bréagach. 1975.

  9. An tríú domhan Iarphlé 3 Féach ar an bpictiúr thíos de sheomra ranga i Mósaimbíc, leis an duine in aice leat. Breacaigí síos na difríochtaí idir seomra ranga in bhur scoil féin agus é sin sa phictiúr. An féidir libh smaoineamh ar aon difríochtaí eile?

More Related