1 / 8

Níl aon Ní

Níl aon Ní. Le Cathal Ó Séarcaigh. Níl Aon Ní Níl aon ní, a stór, Níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr; ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha

whitby
Download Presentation

Níl aon Ní

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh

  2. Níl Aon Ní Níl aon ní, a stór, Níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr; ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha, Is chluinfeá geantraí sí i gclingireacht na gcloigíní gorma i gcoillidh Fheanna Bhuí Ach b’fhearr leatsa i bhfad brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath lena ghleo tráchta gan stad, seachas ciúinchónaí sléibhe mar gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche anuas ó mhín na Craoibhe.

  3. An Téama • Is é grá don áit dhúchais téama an dáin seo.

  4. Íomhánna Tá a lán íomhánna láidre sa dán seo: Orthu siúd atá: ● clapsholas smólaigh ● buicéad stáin na spéire ● briathra ag bláthú ● ciúnchónaí sléibhe

  5. Uaim Úsáideann an file uaim sa dán. Mar shampla: ● clingireacht na gcloigíní gorma ● brúchtbhaile balscóideach

  6. Mothúcháin Tá grá agus fuath sa dán seo: • Tá grá ag an fhile don tuath agus fuath aige don chathair. • Ta grá aige don nádúr agus tá fuath aige don saol saorga.

  7. Céard atá ag tarlú sa dán? • Deir an file lena ghrá teacht leis go dtí Caiseal na gCorr mar tá sé go hálainn ansin ach is fearr lena ghrá fanacht i mBaile Átha Cliath.

  8. Conas a chuaigh an dán i bhfeidhm orm? • Is maith liom an dán seo mar tá mé ábalta Caiseal na gCorr a fheiceáil agus tá an chodarsnacht idir ciúnas na tuaithe agus torann na cathrach déantago maith sa dán.

More Related