1 / 21

Tá sé in am tosú ag obair

Tá sé in am tosú ag obair. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Tháinig tuairisc scoile Sheáin abhaile. Bhí Mam dá léamh. Fuair Seán grád D sa Ghaeilge agus grád D sa stair. Bhí fearg agus díomá ar Mham. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.

rowdy
Download Presentation

Tá sé in am tosú ag obair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Tá sé in am tosú ag obair

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Tháinig tuairisc scoile Sheáin abhaile. • Bhí Mam dá léamh. Fuair Seán grád D sa Ghaeilge agus grád D sa stair. • Bhí fearg agus díomá ar Mham. www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Tháinig tuairisc Sheáin abhaile sa phost. • Ba iad na gráid ba mheasa a chonaic Mam le fada an lá. • Is cosúil go raibh fonn goil ar Mham nuair a chonaic sí iad. Bhí sí ar deargbhuile le Seán. • Níor chreid sí fianaise a súile ag an tús. • Ní bhfuair Seán ach grád D sa Ghaeilge agus grád D sa stair. • Bhí na gráid sin scannalach. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • Tháinig Mam isteach i seomra Sheáin. • Seomra staidéir a bhí ann agus ní raibh leabhair le feiceáil. Bhí póstaeir ar na ballaí. • Bhí Seán ag imirt cluiche ar an ríomhaire. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt foclóra ar Phictiúr a Dó • Chuaigh Mam isteach sa seomra staidéir Sheáin go deifreach, le cantal ina glór agus í fós ag léamh na tuairisce. • Baineadh preab uafásach as Seán. Bhí sé ar a sháimhín só ag imirt cluiche ríomhaire. • Thit an lug ar an lag ag Seán ar an bpointe boise. • Thuig sé láithreach go raibh a phort seinnte ó thaobh saoirse de ón uair seo go dtí deireadh na scrúduithe. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Chuir Mam glao fóin ar an scoil. • Bhí cruinniú ag teastáil uaithi leis an bpríomhoide. • Bhí sé soiléir go raibh neirbhís ar Sheán. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Thóg Mam suas an guthán agus chuir sí glao fóin ar an scoil gan aon am a chur amú. • Bhí cruinniú práinneach ag teastáil uaithi leis an bpríomhoide. • Ní raibh sí sásta leis an tuairisc. • Bhí an tuairisc ag dó na geirbe aici, agus bhí sé ina chnámh spáirne di chomh maith, agus ní bheadh faoiseamh aici go dtí go mbeadh an cruinniú seo aici leis an bpríomhoide. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do phictiúr a Ceathair • Bhí cruinniú ag Mam agus Seán leis an bpríomhoide in Oifig an phríomhoide. • Bhí eagla an domhain ar Sheán. Labhair an príomhoide le Seán. • Dúirt sé leis go gcaithfidh sé níos mó obair bhaile a dhéanamh agus go gcaithfidh sé níos mó staidéir a dhéanamh. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Dúirt an príomhoide le Seán go raibh sé soiléir nach raibh sé ag déanamh a dhóthain iarrachta. • Dúirt sé gur bhuachaill cliste cumasach é Seán ach ní raibh sé ag obair sa bhaile. • Ba cheart do Sheán tuilleadh dúthrachta a chur isteach ina chuid oibre. • Bheadh ar Sheán a aird a dhíriú ar a chuid staidéir amháin agus an diabhail ríomhaire a mhúchadh. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Bhí an bord clúdaithe le leabhair. • Bhí Seán ag staidéar go dian. Bhí an ríomhaire múchta aige. • An difríocht is mó idir an pictiúr seo agus Pictiúr a Dó ná bhí Seán ag obair sa phictiúr seo. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Is léir go raibh an chiall ceannaithe ag Seán sa phictiúr seo. D’fhoghlaim sé a cheacht in Oifig an Phríomhoide. • Thuig sé anois gur trom an t-ualach an leisce. • Bhí obair na gcapall á ndéanamh aige anois. • Bhí ord agus eagar ar an mbord agus bhí an cuma air go raibh sé ag díriú a airde anois ar a chuid staidéir. • Is fearr déanach ná choíche ó thaobh an staidéir de. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Tháinig tuairisc scoile nua. • D’oscail Mam í.Fuair Seán grád A sa Ghaeilge agus fuair sé grád B sa stair. • Bhí ríméad an domhain ar Sheán agus bhí Mam ar mhuin na muice. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Tháinig an tuairisc scoile nua sa phost. • Bhí áthas an domhain ar Mham leis na gráid a fuair Seán. • Fuair sé grád A sa Ghaeilge agus grád B sa stair. • Bhí an feabhas tuillte ag Seán de bharr na hoibre a bhí á cur isteach aige. • Mar a deir an seanfhocal ‘Ní fhaightear saill gan saothar’. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Meas tú cén chaoi a raibh Mam ag mothú sa chéad phictiúr? • Céard a bhí á dhéanamh ag Seán ina sheomra sa dara pictiúr? • Luaigh moladh amháin i do thuairim, a bheadh ag an bpríomhoide do Sheán? • Céard a bhí á dhéanamh ag Seán ina sheomra i bPictiúr a Cúig? • Cén chaoi a raibh Mam agus Seán ag mothú ag an deireadh? www.isfeidirleat.ie

More Related