1 / 29

Áit Chónaithe

Áit Chónaithe. Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. An Clár. Cá bhfuil tú i do chónaí? Inis dom faoi d’áit chónaithe.

roman
Download Presentation

Áit Chónaithe

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Áit Chónaithe Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. www.isfeidirleat.ie

  2. An Clár • Cá bhfuil tú i do chónaí? • Inis dom faoi d’áit chónaithe. • Céard a dhéanann daoine óga i do cheantar? • An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? • Céard a mholfá chun na fadhbanna siúd a réiteach? • Céard atá i do cheantar do na seandaoine? • An buntáiste é a bheith i do chónaí faoin tuath? • Ar mhaith leat a bheith i gcathair éigin nó i mbaile mór? • An bhfuil pobal láidir i do cheantar? • An bhfuil tú féin i do bhall de chumann áitiúil ar bith? www.isfeidirleat.ie

  3. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na contaetha i gCúige Uladh agus i gCúige Mumhan www.isfeidirleat.ie

  4. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na contaetha i gCúige Laighean www.isfeidirleat.ie

  5. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? Na Contaetha i gCúige Connacht www.isfeidirleat.ie

  6. 1.Cá bhfuil tú i do chónaí? An áit agus an contae: www.isfeidirleat.ie

  7. 1. Cá bhfuil tú i do chonaí? Samplaí • Táim i mo chónaí trí mhíle taobh amuigh de Bhéal Átha na Muice, Contae Mhaigh Eo in áit tuaithe darb ainm Baile Nua. • Táim i mo chónaí faoin tuath i sráidbhaile bheag darb ainm Tigh an Raoireann, Contae Cheatharlach. Tá sé suite ceithre mhíle ón scoil seo. • Táim i mo chónaí i gCnoc an Loinsigh, Contae na Mí. Tá sé suite seacht míle ón scoil seo. www.isfeidirleat.ie

  8. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe. Tá m’áit chónaithe suite i/in __________________ na tíre. iarthar deisceart tuaisceart oirthear www.isfeidirleat.ie

  9. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Na háiseanna www.isfeidirleat.ie

  10. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Na háiseanna spóirt www.isfeidirleat.ie

  11. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe Na tréithe fisiceacha www.isfeidirleat.ie

  12. 2. Inis dom faoi d’áit chónaithe. Sampla A Táim i mo chónaí cúpla míle taobh amuigh de Bhaile Cheatharlach, i gContae Cheatharlach. Tá an áit seo suite in oirdheisceart na tíre. Caithfidh mé a admháil gur breá liom m’áit chónaithe. Tá sé suaimhneach síochánta agus neamhthruaillithe. Is ceantar tuaithe é agus tá pobal breá láidir againn ann, mar tá aithne mhaith againn ar a chéile. Is minic a théim ag iascaireacht ar abhainn na Bearú nuair atá an t-am agam. Níl mórán áiseanna díreach in aice mo thí, ach má tá rud ar bith uaim, ní gá dom ach dul isteach chuig Baile Cheatharlach mar tá gach seirbhís ar fáil ansin. D’fhéadfá a rá go bhfuilimid millte mar sin mar ar lámh amháin de táim i mo chónaí faoin tuath ach ar an lámh eile de, táim gar go leor do bhaile mór lena háiseanna ar fad. www.isfeidirleat.ie

  13. 2.Inis dom faoi d’áit chónaithe Sampla B Táim i mo chónaí in áit bheag chiúin síochánta darb ainm Cairlinn i gContae Lú. Is ceantar tuaithe é seo atá suite in Oirthear na tíre ar an gcósta thoir. Is aoibhinn liom m’áit chónaithe mar bíonn sé an-ghnóthach le linn an tsamhraidh lena turasóirí. Deirtear go dtéann stair an cheantair chomh fada siar lena Lochlannaigh. Sa lá atá inniu ann is iomaí áis atá ann dona turasóirí. Tá cuan iontach nua-fhorbartha ann agus bíonn a lán gníomhaíochtaí ag tarlú ar an bhfarraige. Ina measc siúd bíonn siúlóidí sléibhte, surfáil gaoithe, marcaíocht capaill agus seoltóireacht. Is iontach an áit í do mhuintir na háite freisin, mar tá na daoine cabhrach cairdiúil agus síochánta. Agus, níl mé claonta, bíodh a fhios agat! www.isfeidirleat.ie

  14. 3. Cad a dhéanann daoine óga i do cheantar? Na Briathra www.isfeidirleat.ie

  15. 3. Cad a dhéanann daoine óga i do cheantar? Sampla A Toisc go bhfuil mé i mo chónaí faoin tuath níl go leor le déanamh ag daoine óga sa cheantar. Ach é sin ráite, imrítear cúpla spórt sa chlub Chumann Lúthchleas Gael áitiúil. Tá foirne iománaíochta, peile ,agus liathróid láimhe ann. Ina theannta sin bíonn go leor oibre le déanamh ag daoine óga. Cabhraíonn siad nuair a bhíonn aon rud ar siúl. Mar shampla gach bliain bíonn rás cúig chiliméadar ann i gcuimhne fir áitiúil a fuair bás de bharr ailse cúpla bliain ó shin. Bíonn daoine óga an cheantair ina maoir don rás sin. Mar a deir an seanfhocal ‘Tá ualach na leisce níos troime ná ualach na hoibre’. www.isfeidirleat.ie

  16. 3. Cad a dhéanann daoine óga i do cheantar? Sampla B Mar a dúirt mé cheana táim i mo chónaí in aice na farraige. Mar sin tá daoine óga millte ó thaobh na féidearachtaí atá ar fáil dóibh. Is minic a théann siad go dtí an trá chun peil nó iománaíocht a imirt ar an ngaineamh nuair a bhíonn an aimsir go deas. Téann roinnt acu ag snámh san fharraige. Tá pictiúrlann gar go leor don áit seo freisin, mar sin, téim féin agus mo chairde ann uair sa mhí. Is breá liom féachaint ar na scannáin nua nuair a thagann siad amach. www.isfeidirleat.ie

  17. 4. An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? Foclóir d’fhadhbanna sóisialta www.isfeidirleat.ie

  18. 4. An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar? Freagra samplach Bhuel, caithfidh mé a admháil go bhfuil an t-ádh dearg linn nach bhfuil mórán fadhbanna sóisialta i mo cheantar. Is ceantar tuaithe é, agus níl daonra mór thart, go háirithe le linn na seachtaine. Ach cloistear ráflaí agus cúlchaint anois is arís faoi dhrochiompar ag an deireadh seachtaine sa sráidbhaile. Corruair, bíonn foréigean i ndiaidh daoine a bheith ólta. Anois is arís, déantar damáiste do charranna daoine freisin. Cuirtear an milleán an chuid is mó ar na déagóirí mar ní féidir leo dul isteach sna tithe tábhairne agus bíonn siad ag crocadh thart go díomhaoin. www.isfeidirleat.ie

  19. 5.Céard a mholfá chun na fadhbanna a réiteach? Briathra sa Mhodh Coinníollach (Iú phearsa) www.isfeidirleat.ie

  20. 5. Céard a mholfá chun na fadhbanna a réiteach? Freagra Samplach Bhuel, sin ceist dheacair. Ar an gcéad dul síos, chuirfinn oideachas ar fáil do na ciontóirí. Is iadsan na daoine a dhéanann an drochiompar. Dá mbeadh a fhios acu an tionchar a bhíonn ag a ndrochiompar, ní dóigh liom go leanfaidís ar aghaidh mar sin. D’éistfinn leo chomh maith mar is minic a bhíonn cabhair de shaghas éigin ag teastáil uathu. Chuirfinn níos mó gardaí ar na sráideanna agus d’athróinn an córas mar atá sé. Chuirfinn i bhfad níos mó comhairleoirí ar fáil do na daoine a dhéanann na coireanna. Ach bheinn níos déine ar na mangairí drugaí agus thabharfainn téarmaí príosúin níos faide dóibh. www.isfeidirleat.ie

  21. 6. Céard atá i do cheantar do na seandaoine? Áiseanna do na seandaoine www.isfeidirleat.ie

  22. 6. Céard atá i do cheantar do na seandaoine Freagra samplach Is ceantar ciúin síochána é m’áit chónaithe. Níl mórán áiseanna ann d’éinne. Ach é sin ráite, tá cúpla áis sa sráidbhaile áitiúil do na seandaoine. Tá oifig an phoist, comhar creidmheasa, teach tábhairne, agus séipéal ann. Chomh maith leis sin tá bialann ann. Feictear na seandaoine ag bailiú le chéile ann i ndiaidh an Aifrinn gach lá. Sa bhaile mór atá cúpla míle ón áit seo, tá halla mór ina mbíonn biongó ann gach Máirt. Tá cumann na seanóirí gníomhach go leor ansin de réir mar a thuigim. Ina theannta sin tá an t-ospidéal réigiúnach agus teach altranais ann freisin. www.isfeidirleat.ie

  23. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí faoin tuath? Foclóir úsáideach www.isfeidirleat.ie

  24. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí faoin tuath? Sampla A Bhuel, chun na fírinne a rá leat, níl mórán taithí agam ar aon rud difriúil. Ach, é sin ráite, ceapaim go mbeadh an-suim agam bogadh go cathair éigin amach anseo. Éiríonn sé leadránach sa cheantar seo. Taobh amuigh den abhainn agus den iascaireacht tá na féidearachtaí gan go leor do dheagóirí anseo. Agus, níos measa fós, bíonn orm a bheith ag lorg síob an t-am ar fad mar níl go leor áiseanna in aice láimhe anseo. Bíonn mo Dhaid cráite agam, an créatúr bocht. www.isfeidirleat.ie

  25. 7. An buntáiste é a bheith i do chónaí faoin tuath? Sampla B Níl dabht ar bith i m’intinn ach gur buntáiste é. Rugadh agus tógadh mé faoin tuath agus níor mhaith liom é sin a athrú ar chor ar bith. Is aoibhinn liom an tsíocháin agus an suaimhneas atá sa tuath nach bhfuil ar fáil sna bailte móra. Is féidir leat éalú ón mbrú anseo le siúlóid bhreá fhada a bheith agat. Bíonn tú i dtiúin le nádúr agus ní bhíonn fadhbanna tráchta de shíor ag cur as duit. Bíonn aithne againn ar a chéile chomh maith, rud nach bhfuil fíor sna bailte móra, agus tá pobal breá láidir againn mar thoradh air sin. www.isfeidirleat.ie

  26. 8. Ar mhaith leat a bheith i do chónaí i mbaile nó i gcathair éigin? Sampla A Ba bhreá liom a bheith i mo chónaí i gcathair éigin amach anseo. Dá mbeadh an deis agam freastal ar an ollscoil rachainn go Baile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain. Deirtear go bhfuil saol sóisialta iontach ann. Ach ceapaim go bhfillfidh mé ar ais do shaol na tuaithe amach anseo. Sampla B Níor mhaith liom an tuath a fhágáil. Ba bhreá liom fanacht sa cheantar seo le linn mo shaoil. Chuirfeadh rírá agus ruaille buaille shaol na cathrach go mór isteach orm. Fanfaidh mé san áit ina bhfuil mé mar sin. www.isfeidirleat.ie

  27. 9.An bhfuil pobal láidir i do cheantar? Cumainn éagsúla na gceantar tuaithe. www.isfeidirleat.ie

  28. 9. An bhfuil pobal láidir i do cheantar? Freagra Samplach Cé go bhfuilimid inár gcónaí faoin tuath tá pobal láidir ann ar bheagán daoine i ndáiríre. Bímid i gcónaí ag faire amach dá chéile leis an Faire Comharsanachta atá i bhfeidhm sa cheantar. Gearrann sé sin siar ar an ráta coire sa cheantar. Tá cumainn éagsúla ann do gach glúin. Tá Baintreach na Tuaithe ann do na mná agus bíonn cruinnithe acu go minic. Tá Cumann na Seanóirí gníomhach chomh maith. Tá neart club spóirt ann chomh maith ina measc, an Club Chumainn Lúthchleas Gael agus dar ndóigh an club sacair áitiúil. Tá an seanfhocal seo a leanas fíor inár gceantar ‘Ar scáth a chéile a mhairimid’ www.isfeidirleat.ie

  29. 10.An bhfuil tú féin i do bhall de chumann áitiúil ar bith? Freagra Samplach Táim, dar ndóigh. Glacann gach duine sa cheantar páirt mhór d’Faire Comharsanachta. Ní mór duit a bheith airdeallach le strainséirí sa cheantar. Chomh maith leis sin táim i mo bhall den Chlub Chumann Lúthchleas Gael anseo go háitiúil. Thosaigh mé ag imirt ann nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois agus táim fós ann. D’imir mo mháthair camógaíocht leo agus d’imir mo dhaideo peil leo sna seascaidí. Tá nasc mór mar sin idir an club sin agus ár gclann sa bhaile. www.isfeidirleat.ie

More Related